Pléifear tionchar Brexit ar chearta teanga ag seimineár i nDoire an deireadh seachtaine seo

Ceist na gcearta teanga go mór i mbéal an phobail ag eagraíochtaí teanga sa Bhreatain agus in Éirinn ó vótáil pobal na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil

Pléifear tionchar Brexit ar chearta teanga ag seimineár i nDoire an deireadh seachtaine seo

Pléifidh painéal saineolaithe ceist na gcearta teanga, ‘mar a bhí agus mar atá’, ag an gcéad seimineár eile sa tsraith ‘Plé 16’ a bheidh ar siúl ag an deireadh seachtaine i nDoire.

Tá ceist na gcearta teanga go mór i mbéal an phobail ag eagraíochtaí teanga sa Bhreatain agus in Éirinn ó vótáil pobal na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil an samhradh seo.

Ar an bpainéal i nDoire, beidh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws agus Mícheál Ó Flannagáin, an dlíodóir atá ag déanamh ionadaíochta ar an gConradh sa chás cúirte atá á thabhairt ag an eagraíocht in aghaidh Stormont faoi chomhlíonadh a dhualgas teanga.

Dúirt an Conradh gur tugadh cuireadh do na saineolaithe seo, chomh maith leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill agus Domhnall Ó Bruadair, príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire, mar gheall ar an “tuiscint faoi leith” atá acu ar “staid na gcearta teanga” mar atá siad anois i ndlínsí éagsúla sa dá oileán.

Cuirfear tús leis an gcomhdháil ag a 11 maidin Dé Sathairn le léacht ón scríbhneoir agus fealsúnaí Tomás Mac Síomóin a dhíreoidh ar “ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge i gcomhthéacs na díchoilíneachta”.

Tá Mac Síomóin ag cur faoi sa Chatalóin faoi láthair agus tagróidh sé do na cosúlachtaí agus éagsúlachtaí cultúir, polaitíochta agus sochaí idir an Chatalóin agus Éire.

Tá go leor scríofa ag Mac Síomóin ar cheist na Gaeilge, go háirithe an bhaint a bhí ag gluaiseacht na Gaeilge ag tús an chéid seo caite le hÉirí Amach na Cásca.

Is é Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill a bheidh ina chathaoirleach ar an seimineár féin, a bheidh ar siúl i gCultúrlann Uí Chanainn.

Ag an seimineár, pléifear cearta teanga ó thuaidh, ó dheas, sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach.

Chuir gníomhaithe teanga ó na tíortha Ceilteacha comhráiteas amach ar an Luan agus imní orthu go mbeidh mionteangacha thíos go mór le Brexit.

“Tá faitíos orainn go gcuirfidh Brexit cultúr is geilleagar ár bpobal i gcontúirt, mar a tharla le déanaí nuair a chuir Rialtas na Ríochta Aontaithe maoiniú don Choirnis ar ceal.

“As seo amach, is ag brath arís ar Rialtas na Ríocht Aontaithe a bheimid. Is é seo an rialtas céanna nár chuir suim dá laghad i gcosaint cearta cainteoirí teangacha ár náisiún agus a thug cuid mhaith dár stair chomhroinnte ag cur dianpholasaithe chun cinn arbh é díothú ár dteangacha a n-aidhm,” a scríobhadh sa ráiteas, atá sínithe ag Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i gCorn na Breataine.