Plean teanga nua do Chois Fharraige le cur i gcoinne ‘50 bliain de thanúchán na Gaeilge’

Is é is aidhm don phlean ná go mbeadh Cois Fharraige ‘mar áit a bhféadfaí an saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus nach mbeadh gá a bheith leithscéalach faoin nGaeilge’

Plean teanga nua do Chois Fharraige le cur i gcoinne ‘50 bliain de thanúchán na Gaeilge’

Tá sé mar aidhm ag dréachtphlean nua teanga do Chois Fharraige cur i gcoinne an “tanúcháin atá á dhéanamh ar an teanga le 50 bliain anuas” sa cheantar Gaeltachta i gConamara.

Is é príomhchuspóir an phlean ná “go mbeadh Cois Fharraige mar áit a bhféadfaí an saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus nach mbeadh gá a bheith leithscéalach faoin nGaeilge”.

Dé Luain seo chugainn a chuirfear an dréachtphlean teanga do cheantar Chois Fharraige faoi bhráid an phobail ag cruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna.

Deirtear sa phlean teanga nua do cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír “go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú damanta ag an mBéarla sa gceantar agus gur in olcas atá an scéal ag dul”.

Maítear gur pobal dátheangach “ina iomláine é pobal Chois Fharraige, seachas na gasúir réamh agus luath-bhunscoile sin atá á dtógáil go hiomlán le Gaeilge”.

Deirtear nach “dátheangachas cothrom atá ann” mar go mbíonn “cumas níos fearr” ag daoine óga sa Bhéarla ná mar a bhíonn acu sa Ghaeilge “fiú sna comhluadair nach labhraítear ach an Ghaeilge leo”.

Tá sé seo amhlaidh, a deirtear “de bharr go mbíonn an Béarla seasta síoraí thart orthu ina saol”.

Chun cur i gcoinne an ‘tanúcháin’ seo, tá spriocanna agus moltaí éagsúla leagtha síos sa phlean cuimsitheach teanga atá foilsithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Tá faoin bplean a chinntiú go dtiocfaidh ardú 5%, ar an meán, ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ó Dhaonáireamh 2016 go Daonáireamh 2021 chomh maith le hardú 5% ar líon na gclann ina mbíonn na tuismitheoirí ag labhairt Gaeilge amháin nó Gaeilge den chuid is mó lena ngasúir agus ina mbíonn na gasúir féin ag labhairt Gaeilge amháin nó Gaeilge den chuid is mó eatarthu féin.

De réir taighde a rinneadh don phlean níl líofacht sa Ghaeilge ach ag 60% de thuismitheoirí Chois Fharraige, idir iad siúd a tógadh sa Ghaeltacht agus iad siúd a tógadh taobh amuigh di. Tá líon na dtuismitheoirí a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu níos airde sa taobh thiar den cheantar mar a bhfuil an teanga ag 75%, i gcomparáid le 27% sna Forbacha. Deirtear nach mbíonn ach 55% de thuismitheoirí de bhunadh na Gaeltachta ag labhairt Gaeilge, nó Gaeilge den chuid is mó, lena chéile, ach go labhraíonn 76% de thuismitheoirí de bhunadh na Gaeltachta an Ghaeilge lena gclann.

De réir an phlean ní as an nGaeltacht do 40% de thuismitheoirí ghasúir an cheantair atá 19 mbliana déag nó níos óige. Níor éirigh ach le 20% de na tuismitheoirí sin nár tógadh sa Ghaeltacht iad an Ghaeilge a fhoghlaim, a deirtear.

Maítear gur fearr a éiríonn leis an gcur chuige ‘Gaeilge amháin’.

“Má labhraíonn an bheirt tuismitheoirí Gaeilge lena chéile, is Gaeilge, nó Gaeilge den chuid is mó a labhraíonn 98% de na gasúir eatarthu féin,” a deirtear i bplean teanga Chois Fharraige a ullmhaíodh mar chuid den phróiseas pleanála teanga a cuireadh ar bun sa Ghaeltacht de thoradh Acht na Gaeltachta 2012.

Tá sé mar aidhm ag an bplean freisin “tógáil ar an mbród agus ar an mórtas atá ag muintir Chois Fharraige as a n-oidhreacht” agus “forbairt a dhéanamh ar bhrandáil ‘Cois Fharraige’ mar cheantar láidir Gaeltachta”. Táthar ag súil le “chuile aoisghrúpa agus chuile réimse den phobal” a chur “ag obair as láimh a chéile ag roinnt na Gaeilge agus na hoidhreachta”.

Glactar leis go bhfuil daoine i gCois Fharraige atá ar bheagán Gaeilge agus moltar go gcuirfí deiseanna éagsúla ar fáil do dhaoine a thagann isteach sa cheantar le go mbeidh sé “níos éasca dóibh teacht isteach ar an nGaeilge” agus í a labhairt i measc an phobail.

Tá an plean don Limistéar Pleanála Teanga i ndeisceart Chonamara, a shíneann ó na Forbacha thoir go dtí abhainn Chasla thiar, á ullmhú ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ó lár na bliana 2014. Bhí 22 cruinniú ag an gCoiste Stiúrtha ó shin i leith agus iad ag obair i gcomhar le Mait Ó Brádaigh agus Colm Ó Cinnseala ón gcomhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.

I ráiteas a d’eisigh an Fóram inniu, dúradh go n-aithnítear sa phlean teanga “go gcaithfear ionad a chinntiú don Ghaeilge mar theanga i measc an phobail agus an t-ionad sin a chosaint”.

“Aithnítear chomh maith a thábhachtaí is atá an teaghlach leis an nGaeilge a thabhairt do pháistí  mar ghnáth-theanga labhartha agus aithnítear ról na naíonraí agus na scoileanna sa bpróiseas leis an teanga a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin,” a dúradh.

Deir Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga “gur láidre an teanga dá fhaide ó chathair na Gaillimhe is atá an ceantar” agus dá bharr sin nach mar a chéile na “spriocanna teanga sna Forbacha agus i Ros a’ Mhíl, ná na spriocanna sa Spidéal agus ar an gCnoc”.

Deirtear, áfach gur “pobal mór amháin atá i gCois Fharraige” agus go bhfuil an Ghaeilge “lárnach mar chuid den fhéiniúlacht choiteann atá ag an gceantar mar cheantar dátheangach”.

Plean seacht mbliana atá ann agus maítear go gcosnóidh sé thart ar €250,000 in aghaidh na bliana na moltaí ann a chur i bhfeidhm. Eagraíocht nua a bheidh i mbun na hoibre riaracháin agus tá sé i gceist foireann pleanála teanga a fhostú́ agus oifig a bhunú́ ina ndéanfar comhordú ar chur i bhfeidhm an phlean.

Fág freagra ar 'Plean teanga nua do Chois Fharraige le cur i gcoinne ‘50 bliain de thanúchán na Gaeilge’'

  • uinseann mac thómais

    Len ár stadas Gaeltachta a theilgean ní miste go mbeadh an liosta a leanas iomlánaithe (1-100) agus ansin scaipthe ar an bpobal mar uirléis teangeolaíoch fheidhmeach:

    Céad rud gur féidir a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge idir scríobh, léamh, tacaíocht agus caint:

    1. ainm bhaistiú ar mo theach as Gaeilge. 2. mo sheoladh as Gaeilge a úsáid i gcónaí. 3 an fón a fhreagairt as Gaeilge sa bhaile nó sna obair. 4 seiceanna a scríobh as Gaeilge. 5 ábhar as Gaeilge a bheith ar mo laithreán gréasáin agus mo chuntas Facebook. 6 Téacsáil as Gaeilge. 7. Gaeilge a bheith i ngach comhfhreagras leictreonaigh nó scríofa leis an Stát agus gnóanna príobháideacha. 8 Beannú do strainséirí as Gaeilge (is fánach an áit go bhfaighfeá gliomach.) 9. Gaeilge a fhí isteach le do chuid cainte go ginearálta ionas go mbeidh a fhios ag an éisteoir/duine os do chomhair go bhfuil Gaeilge agat. 10 Tacaíocht a thabhairt do aon fhoinse Gaeilge, tacaíocht airgid san áireamh e.g. Conradh na Gaeilge, TG4, Raidío na Gaeltachta, Gaillimh le Gaeilge. 11 Tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí atá féiceáileacht ag úsáid na Gaeilge e.g. Top Oil, Ollmhargadh Joyce’s. 12 Nosmhaireacht Gaeilge a chleachtadh le daoine óga nó páistí atá ag freastal ar Ghaelscoil nó scoil Gaeltachta. 13 Seirbhísí eaglasta Gaeilge nó dá-theangach ar a laghad a lorg ó easpaig/deoise. 14. Cur le d’ábaltacht Gaeilge tré leas a bhaint as láithreáin ar nós tearma.ie, acmhainn.ie, tuairisc.ie, potafocal, ainm.ie etc. 15 Tearmaí Gaeilge a úsáid mar URLs (ainm láithreáin) – ní fada uainn an lá go mbeidh tú in ann síneadh fada a úsáid in URL e.g http://www.seacláid.com 16. Bain leas as Gaeilge i do shaol cruthaitheach e.g. rannta nua Gaeilge, amhráin, ceoilíní fógráiochta nua Gaeilge (Comórtas ceoilíní ar Raidió na Gaeltachta?)…..bí ag cur leis an liosta seo…

    Tá todhchái na Gaeilge ag brath ar Úsáid ag chuile léibhéal agus níl teora leis na leibhéil sin – tá trí lipéad tabhachtach riachtanach d’aon teanga an Ghaeilge san áireamh 1. Cúlra teanga (an crann ginealaigh) 2. Cumas teanga (an ábaltacht sa teanga) agus 3 (an ceann is tabhachtaí ar fad… an nosmhaireacht nó an giúlán teanga.