Plean na státseirbhíse: ‘Ní cúis dóchais é’ – Coimisinéir

Ní luaitear an Ghaeilge beag ná mór sa Phlean Athnuachana don Státseirbhís a seoladh inniu a bhfuil sé mar aidhm aige “tuiscint a fháil ar a n-éiríonn leis an Státseirbhís a dhéanamh go maith agus ar ar gá a dhéanamh níos fearr".

30/10/2014. Civil Service Renewal Plan. Pictured (

 

Ní haon chúis dóchais é ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil an Ghaeilge fágtha ar lár on bplean athchóirithe don státseirbhís a foilsíodh inné.

Níl tagairt ar bith don Ghaeilge sa Phlean Athnuachana don Státseirbhís a sheol an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin.

Leagtar straitéis trí bliana amach sa phlean d’fhonn feabhas a chur ar an státseirbhís, ach níl aon ní ráite ann faoin nGaeilge ná faoi conas cás na Gaeilge a chur chun cinn sa státchóras.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur léiriú an scéal seo “ar ché chomh hard is atá sí [an Ghaeilge] ar liosta tosaíochta na Státseirbhíse”.

“Cé go bhfuil trácht déanta don teanga sna cúl-cháipéisí a bhaineann le comhairliúchán foirne – is léiriú í ar ché chomh hard is atá sí ar liosta tosaíochta na Státseirbhíse nach bhfuil sí le sonrú sa cháipéis fhéin.

“Ní thugann sé aon dóchas dom go bhfuil an Ghaeilge fágtha ar lár on bPlean Athchóirithe atá foilsithe anois.

“Tuigtear dom go bhfuil deis ar fáil go fóill don phobal chun a gcuid tuairimí a thabhairt maidir le hábhar na cáipéise seo agus is fiú go ndéanfaí sin,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.”

Cháin Uachtarán Chonradh na Gaeilge Cóilín Ó Cearbhaill an plean nua chomh maith.

“Luaitear an fhís sa phlean atá ag an Státseirbhís le seirbhís ar chaighdeán domhanda a chur ar fáil do phobal na hÉireann ach mar is gnáth tá an chuid den phobal gur mian leo Gaeilge a úsáid fágtha ar lár,” a dúirt sé.

Tá an Conradh ag éileamh ar an Taoiseach Enda Kenny agus ar an Aire Brendan Howlin an plean a leasú le gníomhaíochtaí a chur san áireamh a chinnteoidh an tseirbhís chéanna dó shaoránaigh gur mian leo an Ghaeilge a úsáid leis an Stát. 

Fuarthas moltaí ó bheagnach 2,000 státseirbhíseach agus geallsealbhóirí eile mar chuid den obair ullmhúcháin don straitéis. 

Deirtear sa cháipéis, a d’eisigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe inniu, gurbh é cuspóir an tsuirbhé ná “tuiscint a fháil ar a n-éiríonn leis an Státseirbhís a dhéanamh go maith agus ar ar gá a dhéanamh níos fearr”.

Maítear sa Phlean go ndéanfar earcaíocht oiriúnach ar mhaithe le heasnamh ó thaobh scileanna a chur ina cheart, ach níl earcaíocht ar mhaithe leis an nGaeilge luaite ar chor ar bith ann.

Níl aon tagairt ann do na socruithe nua atá ar bun chun “dhátheangaigh atá feidhmiúil sa Ghaeilge” a earcú.

Cuirfear formhór na n-athruithe a luaitear sa Phlean Athnuachana i bhfeidhm as seo go ceann 200 lá .