Plean leagtha síos ag Ní Chuilín do ‘GaelAcadamh’ i mBéal Feirste

Labhair an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín i Stormont inné faoi phlean a Roinne d’Acadamh Gaeilge agus dúirt sí gurb é ‘Ceathrú Ghaeltachta’ Bhéal Feirste an láthair is feiliúnaí dá leithéid

Belfast City Hall was designed by Alfred Brumwell Thomas and completed in 1906, it is the home of Belfast City Council. The principle landing and Rotunda area area enriched with marble work similar to the main entrance. A major feature is the mural by Belfast Artist John Luke, depicting the industry and the foundation of the City.

Tá ráite ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín go bhfuil géarghá le ‘GaelAcadamh i láthair lárnach’ tar éis di torthaí an phróisis chomhairliúcháin faoi chur chun cinn na Gaeilge a fheiceáil.

Bhí an tAire ag cur síos don Tionól inné ar na pleananna atá ag a Roinn d’Acadaimh Ghaeilge agus Ultaise. Agus í ag caint faoin Acadamh Gaeilge, dúirt sí gurb é ‘Ceathrú Ghaeltachta’ Bhéal Feirste an láthair is feiliúnaí dá leithéid.

“Le blianta beaga anuas, tháinig forbairt shuntasach ar an teanga. Ach is toradh eile ar an bhorradh seo bearnaí sa soláthar agus tacar casta de riachtanais, idir shóisialta agus eacnamaíochta. Is é an tátal a bhainim as na forbairtí seo go gcaithfear Acadamh Gaeilge a bhunú gan mhoill,” a dúirt sí.

D’iarr an tAire Ní Chuilín go dtabharfaí faoi hpróiseas comhairliúcháin maidir le bunú an Acadaimh nua Gaeilge. Léiríodh sna torthaí go mbeadh forbairt eacnamaíochta agus cruthú fostaíochta mar thoradh ar a leithéid de thogra agus mar sin d’iarr sí go ndéanfaí “moltaí praiticiúla” chun an tionscnamh a chur i gcrích.

Ghlac an tAire le gach aon cheann de na sé mholadh a rinneadh, ach dúirt go gcaithfí na moltaí sin a fhorbairt.

Ba é an chéad mholadh ná go mba cheart an t-acadamh nua a lonnú i ‘Ceathrú Ghaeltachta’ Bhéal Feirste. Moladh freisin gur chóir “róil, freagrachtaí agus ról ceannaireachta an Acadaimh” a leagan amach go soiléir agus gur chóir acmhainní a chur ar fáil ar fud an Tuaiscirt.

Díríodh sna moltaí eile ar oideachas breise do dhaoine fásta agus ar chruthú fostaíochta do chainteoirí Gaeilge.

Leag an tAire Ní Cuilín pleananna eile síos ina cuid cainte sa Tionól inné a bhain le bunú Acadamh Ultaise a bheadh ar aon dul, nach mór, leis an “GaelAcadamh”.

Fág freagra ar 'Plean leagtha síos ag Ní Chuilín do ‘GaelAcadamh’ i mBéal Feirste'