Plean Gnímh nua do Straitéis 20 Bliain na Gaeilge le foilsiú faoi ‘lár na bliana’ – Kyne

Tugadh le fios i dtuairisc nua go bhfuil baill den phobal ‘míshásta’ faoin ‘doiléire’ a bhaineann le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an easpa ‘maoirseachta’ atá á déanamh air

Plean Gnímh nua do Straitéis 20 Bliain na Gaeilge le foilsiú faoi ‘lár na bliana’ – Kyne

Foilseofar an Plean Gnímh nua do Straitéis 20 Bliain na Gaeilge faoi lár na bliana seo, a deir Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Cuirfidh oifigigh i Roinn na Gaeltachta tús go luath leis an bplean nua a chur i dtoll a chéile agus mhaígh an tAire Stáit go mbeadh “spriocanna sonracha agus amscálaí” ann don tréimhse 2017-2022.

Thug an tAire le fios go mbeidh an Plean Gnímh 2017-2022 bunaithe ar na tuairimí agus na moltaí atá ar fáil i dtuairisc Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi dhearcadh an phobail i leith na Straitéise 20 Bliain.

Cuireadh an tuairisc sin faoi bhráid chruinniú de Choiste Comhairleach Straitéis 20 Bliain na Gaeilge le déanaí agus cuirfear tuairimí bhaill an choiste ina taobh san áireamh chomh maith agus an Plean Gnímh á dhréachtú.

Is téama coitianta easpa muiníne an phobail i struchtúir na Straitéise sa tuairisc a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i dtoll a chéile do Roinn na Gaeltachta. Tá tuairisc an Acadaimh bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta agus ar 89 aighneacht a fuarthas ón bpobal.

Tá moltaí maidir leis na tosaíochtaí don Straitéis sa tréimhse amach romhainn ar fáil i dtuairisc an Acadaimh chomh maith.

Tuairiscítear i gcáipéis an Acadaimh gur tugadh le fios i roinnt de na haighneachtaí faoin straitéis a cuireadh faoi bhráid na Roinne gur “constaic shuntasach” ar chur i bhfeidhm na straitéise an “easpa maoirseachta agus tuairiscithe” a bhaineann leis an gcúram.

Tugtar le fios sna haighneachtaí céanna go bhfuil “doiléire” i measc an phobail maidir le feidhmiú na straitéise.

“Go deimhin, áirítear i líon suntasach aighneachtaí go seasann an easpa tuairiscithe seo sa bhealach go hiomlán ar aon phróiseas athbhreithnithe a bhaineann leis an Straitéis féin, an díospóireacht oscailte san áireamh,” a deirtear i dtuairisc an Acadaimh.

Maítear chomh maith nach léir don phobal go bhfuil “ionadaíocht” acu féin i “struchtúir” na Straitéise.

Tugtar le fios sna haighneachtaí go bhfuil baill den phobal “míshásta” le “struchtúir fheidhmithe” na Straitéise agus “an bhearna atá idir na struchtúir a moladh sa Straitéis féin agus an doiléire a bhaineann leis na struchtúir sin i láthair na huaire”.

Dar le grúpa a phléigh le feidhmiú na Straitéise ag an gcruinniú a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath “gur deacair dul chun cinn  Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030 a scagadh in éagmais anailíse ar dhul chun cinn na Straitéise”.

“Dúshlán eile a bhaineann leis seo an easpa dátaí atá luaite leis an Straitéis mar aon le heaspa córais tuairiscithe poiblí leis na grúpaí úd a bhfuil spriocanna sonracha luaite leo,” a deirtear.

Bunaithe ar thuairimí sin an phobail, moltar i dtuairisc an Acadaimh go mba “inmhianaithe go mbunófaí córas sásúil agus éifeachtach tuairiscithe ar obair na ngrúpaí agus na gcoistí éagsúla a chuimsítear i struchtúir fheidhmithe na Straitéise”.

Moltar go gcuimseodh an córas tuairiscithe “beartais atá curtha i gcrích, dul chun cinn ar spriocanna eile, an obair reatha agus spriocanna gnímh don ghearrthréimhse, don mheántréimhse agus don fhadtréimhse”.

Moltar chomh maith go mbeadh “amscála soiléir agus sprioc ama luaite le gach gníomh”.

Fág freagra ar 'Plean Gnímh nua do Straitéis 20 Bliain na Gaeilge le foilsiú faoi ‘lár na bliana’ – Kyne'