Plean Eorpach caomhnaithe á sheoladh don Earagail inniu

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag lucht an tionscnaimh an carrchlós atá ag bun an tsléibhe faoi láthair a dhúnadh agus ceann nua a thógáil in aice le hIonad Pobail Dhún Lúiche

Plean Eorpach caomhnaithe á sheoladh don Earagail inniu

Seolfar i nGaeltacht Thír Chonaill inniu tionscnamh nua a ghabhfaidh i ngleic leis “dúshláin timpeallachta” a bhaineann leis an Earagail, an sliabh is airde sa chontae.

Seolfar ASCENT (Apply Skills and Conserve Our Environment with New Tools) in Ionad Pobail Dhún Lúiche, ag bun na hEaragaile, tráthnóna inniu.

Mar chuid den tionscnamh tras-Eorpach, cuirfear “plean bainistíochta” i bhfeidhm don Earagail, leagfar amach cosán nua agus forbrófar “modhanna inmharthana caitheamh aimsire agus turasóireachta don sliabh”.

“Tá dochar déanta do cheantair áirithe áilleachta, tá an bhithéagsúlacht shainiúil agus bithacmhainní caillte de bharr creimeadh nádúrtha agus rochtain neamhrialaithe ar an talamh ard.

“Le díriú air sin, is mian leis an tionscnamh ASCENT pleananna bainistíochta a réiteach agus bearta nuálacha a chur i bhfeidhm chun déileáil le hinmharthanacht eacnamaíochta agus timpeallachta sa todhchaí,” a dúradh i ráiteas faoin tionscnamh.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag lucht an tionscnaimh an carrchlós atá ag bun an tsléibhe faoi láthair a dhúnadh agus ceann nua a thógáil in aice le hIonad Pobail Dhún Lúiche agus go bhfuil iarrachtaí ar bun an caorán a chaomhnú.

Críochnófar an tionscnamh i mí Mheán Fómhair na bliana 2019. Tá seacht sliabh i gceithre thír faoi scáth an tionscnaimh agus beidh ionadaithe ó na tíortha sin, an Íoslainn, an Fhionlainn agus an Iorua, i láthair ag an seoladh oifigiúil inniu.

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bheidh i gceannas ar an tionscnamh i dTír Chonaill le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Plean Eorpach caomhnaithe á sheoladh don Earagail inniu'