Plean do chóras nua chun taighde a dhéanamh faoi lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta caite i dtraipisí

‘Deacrachtaí airgid’ is cúis le cinneadh RTÉ gan dul ar aghaidh leis an gcóras nua taighde do RnaG

Plean do chóras nua chun taighde a dhéanamh faoi lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta caite i dtraipisí

Ní sé i gceist ag RTÉ dul ar aghaidh le córas nua a bhunú chun taighde a dhéanamh faoi dhearcadh an phobail i leith Raidió na Gaeltachta.

Bhí tairiscintí á lorg ag RTÉ le tamall d’iarratais ar an gcóras nua a bhunú do RnaG, ach tá an t-iarratas sin ar thairiscintí tarraingthe siar.

Ba é an 9 Meán Fómhair an spriocdháta a luadh ar dtús le haghaidh tairiscintí, ach cuireadh siar go ceann míosa é. Fógraíodh ar an suíomh eTenders inné go rabhthas ag éirí as an bpróiseas tairisceana ar fad.

‘Due to unforeseen circumstance we are unable to continue with the procurement process and it is with regret that we hereby give notice that this tender is cancelled. Thank you for your understanding,’ a dúirt RTÉ.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur ‘deacrachtaí airgid’ is cúis le cinneadh RTÉ gan dul ar aghaidh leis an gcóras nua taighde do RnaG, agus go bhfuil an córas nua i measc tograí éagsúla a bhfuil stop curtha ag gcraoltóir poiblí leo de bharr na ndeacrachtaí sin.

Nuair a fógraíodh an t-iarratas ar thairiscintí ar an suíomh eTenders, dúradh go raibh “gá le tuiscint ar dhearcadh agus ar thuairimí’ lucht éisteachta RnaG agus an stáisiún “ag athrú”.

Agus ceist á freagairt aige faoin bhfógra ar eTenders i mí Lúnasa, dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, gur “easnamh mór a bhí ann go dtí seo nach raibh taighde cruinn againn maidir le lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta”.

Bhí tairiscintí á lorg d’iarratais ar chóras nua a bhunú faoina ndéanfaí taighde ar mhianta éisteachta painéal ar a mbeadh suas le 500 duine.

Ceithre ghála taighde in aghaidh na bliana ar a laghad a bhí i gceist leis an gcóras.

Ní fhoilsítear go poiblí figiúirí éisteachta JNLR i gcás RTÉ RnaG, mar, murab ionann agus na craoltóirí raidió eile, ní stáisiún tráchtála é a bhíonn ag brath ar theacht isteach ó fhógraíocht.

Tá lucht an stáisiúin den tuairim le fada nach dtugann figiúirí JNLR léargas cruinn ar líon na ndaoine a bhíonn ag éisteacht le RnaG toisc nach dtugtar san áireamh sa chóras sin gur ar phobal teanga ar leith a bhíonn an stáisiún ag freastal.

Tá an gearán céanna déanta go minic ag lucht TG4 faoi fhigiúirí Nielsen, an comhlacht a dhéanann tomhas ar lucht féachana teilifíse.

Tá a gcóras féin – Fios Físe – bunaithe cheana ag TG4 i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar mhaithe le taighde a dhéanamh i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Plean do chóras nua chun taighde a dhéanamh faoi lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta caite i dtraipisí'

  • Lauren Styles

    I rith an tsamhraidh, chuaigh mé go dtí cholaiste