Plean Cúig Phointe de dhíth ar Martin

Má tá sé faoi Micheál Martin na cosa a thabhairt leis mar cheannaire ar a pháirtí, b’fhearr dó Plean Cúig Phointe dá chuid féin a bheith aige.

Pictiúr: Photocall Ireland

Bualadh buille trom ar cheannaire Corcaíoch Fhianna Fáil nuair a theip ar a pháirtí in dhá fhothoghchán.

Samhain 1979 a bhí ann; níor éirigh leo i gceachtar den phéire fothoghchán agus ba chreill bháis do cheannaireacht Jack Lynch é sa deireadh. 35 bliain níos déanaí agus beidh Micheál Martin ag súil nach é an dála céanna aige féin é.

Ach tá cosmhuintir Fhianna Fáil scanraithe ag torthaí na bhfothoghchán inniu. Theip ar an bpáirtí i Ros Comáin/Liatroim, áit a raibh a n-iarrthóir mar rogha na coitiantachta agus bhí an vóta a fuair an páirtí i mBaile Átha Cliath Thiar Theas níos ísle ná mar a bhí san olltoghchán deireanach nuair nár éirigh leo oiread agus suíochán amháin a fháil sa phríomhchathair.

Má tá sé faoi Micheál Martin na cosa a thabhairt leis mar cheannaire ar a pháirtí, b’fhearr dó Plean Cúig Phointe dá chuid féin a bheith aige.

1. Dul i ngleic leis an ‘Awkward Squad’: Bíonn grúpa i ngach páirtí parlaiminte a dtugtar an ‘awkward squad’ orthu. Seo iad na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí nach bhfuil sásta leis an gceannaireacht agus nach mbíonn drogall orthu an mhíshástacht sin a chur in iúl. Agus torthaí na dtoghchán áitiúil gan a bheith ach measartha, gan trácht ar an slad a rinneadh orthu sna toghcháin Eorpacha, thug John McGuinness le fios go dtabharfadh sé dúshlán Martin mura n-athródh sé an treo atá faoin bpáirtí. Is dóchúla ná a mhalairt go ngéaróidh ar na gearáin i ndiaidh na bhfothoghchán.

Fiú sula raibh na vótaí comhairthe ar chor ar bith an tseachtain seo, mhaígh Éamon Ó Cuív go raibh straitéis ghinearálta an pháirtí lochtach. Is i ndiaidh toradh pobalbhreith náisiúnta a fhoilsiú a bhí Ó Cuív ag labhairt, pobalbhreith a léirigh go raibh laghdú 5% tagtha ar thacaíocht Fhianna Fáil síos go dtí 20% in ainneoin an Rialtas reatha a bheith cráite ag an aighneas faoi John McNulty agus ag an gconspóid uile faoi na táillí uisce.

Ar lá an chomhairimh féin, bhí Dara Calleary, Teacht Dála as Maigh Eo agus Stiúrthóir Toghchánaíochta i Ros Comáin/Liatrom Theas ag Fianna Fáil, bhí sé ar a dhícheall a chur in iúl nach mbeadh ceannaireacht Martin i mbaol fiú mura n-éireodh leis an bpáirtí. Ar an taobh eile de, b’fhéidir gur léiriú ar leochaileacht Martin é go raibh ar Calleary a leithéid de ráiteas a dhéanamh sa chéad áit.


2. Léirigh cé na prionsabail a seasann an páirtí dóibh: Le tamall anuas is é is suntasaí faoi cheannaireacht Martin ná an síoréileamh aige ar ‘athnuachan’. Tá níos mó dua caite ag Fianna Fáil ag tabhairt cúil lena bhfuil déanta acu ná mar atá ag míniú dúinn céard a dhéanfaidh siad amach anseo.

Tá ganntanas polasaithe téagartha orthu. Nuair a bhí Fianna Fáil sa fhreasúra siar i lár na nóchaidí, chrom siad ar pholasaithe a cheapadh a tharraingeodh aird na meán orthu. Chabhraigh an polasaí ‘zero tolerance’ ar choireanna agus na polasaithe suaithinseacha faoi cháin ioncaim go háirithe Bertie Ahern a chur i lár an aonaigh. Caithfidh Martin polasaithe den chineál céanna a cheapadh anois.


3. Dul i ngleic le Baile Átha Cliath: Caithfidh Fianna Fáil a thuiscint go bhfuil fadhb mhór acu i mBaile Átha Cliath. Ba é Brian Lenihan, nach maireann, an t-aon TD amháin ó Fhianna Fáil a ghnóthaigh suíochán in olltoghchán 2011.

I dtoghcháin áitiúla 2009, ghnóthaigh an páirtí 6 shuíochán as 52 i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Sa toghchán áitiúil an samhradh seo caite, bhuaigh an páirtí 8 suíochán as 63 – beag an dul chun cinn.

Léiriú gléineach ar a laige is atá an páirtí sa phríomhchathair ná nár éirigh le John Lahart, an t-iarrthóir i bhfothoghchán Áth Cliath Thiar Theas Dé hAoine, 9% féin de na vótaí a bhaint amach. Beidh 44 suíochán ar fáil do chathair agus do chontae Átha Cliath sa chéad Dáil eile, agus gan ach 158 suíochán ar fáil trí chéile le hais na 166 ceann atá faoi láthair inti. Ní mór d’Fhianna Fáil aire cheart a thabhairt do na vótaí i mBaile Átha Cliath.


4. Na vótaí aistriúcháin: Cé gur sa chéad áit a tháinig Fianna Fáil i bpobalbhreith Ros Comáin/Liatroma Theas, bualadh a n-iarrthóir sa deireadh toisc na vótaí aistriúcháin a chuaigh ina choinne. Ó bhí an t-olltoghchán deireanach ann, d’éirigh leis an bpáirtí níos mó vótóirí dílse a mhealladh, ach tá go leor ann i gcónaí nach ndrannfaidh leo. A fhianaise sin ná an oiread sin daoine a bheith ann nach dtabharfadh a dtríú ná a gceathrú vóta féin dóibh.

De réir chóras na hionadaíochta cionmhara, fágann sé sin gur leochailí a éiríonn iarrthóirí Fhianna Fáil de réir mar a leanann an comhaireamh ar aghaidh. D’éirigh le Bertie Ahern trí thoghchán i ndiaidh a chéile a bhuachan toisc gur thug sé na vótaí aistriúcháin leis. Ó thaobh straitéis toghchánaíochta de, b’fhéidir nár mhiste do Martin comhairle a sheanmháistir a lorg.


5. Aghaidh a thabhairt ar Shinn Féin agus na páirtithe atá i gcoinne an dianchoigiltis: In agallamh leis le déanaí, dúirt Éamon Ó Cuív go gcaithfidh Fianna Fáil a shocrú cén cineál páirtí ba mhaith leo a bheith.

D’fhiafraigh sé arbh fhearr leo a bheith ina pháirtí poblachtach a mbeadh réimse leathan luachanna acu nó ‘páirtí na meánaicme, nó na huas-mheánaicme’. In aimsir Lemass, ba chúis bróid d’Fhianna Fáil a bheith áirithe mar ‘Ireland’s real Labour party’.

Ó d’fhág Bertie Ahern, tá na vótaí sna ceantair is boichte imithe le fána ar fad, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Is iad Sinn Féin agus na páirtithe eile atá in aghaidh an dianchoigiltis is mó atá ag teacht i dtír air seo. Léiríonn fothoghchán Átha Cliath Thiar Theas an pointe seo go binn. Teastaíonn straitéis ó Fhianna Fáil le tacaíocht an lucht oibre a thabhairt leo arís.

– Is staraí é an Dr Brian Murphy. Bhíodh sé ina fhear scríofa óráidí do bheirt Taoiseach agus is comheagarthóir é ar leabhar faoi shaol polaitiúil Brian Lenihan.

Fág freagra ar 'Plean Cúig Phointe de dhíth ar Martin'