Pléadálann fear as Conamara ciontach as ionsaí ar Noel Hill

Roimhe seo, phléadáil Michael Folan (55) ón dTeach Mór, Leitir Mealláin, neamhchiontach as díobháil thromchúiseach d’aon turas agus go meargánta a dhéanamh do Noel Hill

Noel-Hill012

Is i mí Feabhra na bliana seo chugainn a ghearrfar píonós ar fhear as Conamara a phléadáil ciontach tráthnóna as ionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar an gceoltóir tradisiúnta Noel Hill i leithreas i dteach tábhairne ar oíche Lá ‘le Stiofáin sé bliana ó shin.

Roimhe seo, phléadáil Michael Folan (55) ón dTeach Mór, Leitir Mealláin, neamhchiontach san aon chúis amháin a bhí curtha ina leith.

Ba í an chúis sin ná go ndein sé díobháil thromchúiseach d’aon turas agus go meargánta do Noel Hill i dTigh Phádraig Mhairtín Beag i Leitir Móir, Conamara ar Lá ‘le Stiofáin 2008.

Cuireadh tús le triail Folan os comhair giúiré i gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe inné.

Dúirt an máinlia plaisteach, an tUas Patrick McCann, leis an ngiúiré go raibh log súile an Uas. Hill brúite siar ina bhlaosc mar a bheadh “ubh in ubhchupán” agus go raibh mogall tíotáiniam anois san áit a mbíodh an cnámh faoina log shúile.

Cé gur phléadáil Folan neamhchiontach roimhe seo, phléadáil sé ciontach inniu agus scaoil an Breitheamh Rory McCabe leis an ngiúiré tráthnóna ag 3.30pm.

Scaoil an Breitheamh McCabe saor ar bhannaí é agus tá sé le teacht os comhair na cúirte arís ar an 18 Feabhra, tráth a thabharfar breith ar a chás. Idir an dá linn, ordaíodh go n-ullmhófaí tuairisc phromaidh mar aon le ráiteas tionchair íospartaigh.

Agus é ag tabhairt achoimre ar chás an Stáit i gcoinne an chúisí tráthnóna inné, dúirt an t-abhchóide ionchúisimh, Conor Fahy, go raibh an tUas. Hill, atá sna caogaidí, i leithreas an tí tábhairne an oíche sin agus gur ionsaíodh é ón dtaobh thiar nuair a chuaigh sé go dtí an leithreas.

Dúradh go raibh sé istigh i gcubhachail agus an doras ar oscailt nuair a d’fhéach sé thar a ghualainn, áit a bhfaca sé an cúisí ina sheasamh laistiar de.

Bualadh le dorn ar thaobh na láimhe deise dá cheann é agus bualadh buille i ndiaidh buille air ina dhiaidh sin, a dúirt Conor Fahy.

D’éirigh leis casadh timpeall agus greim láimhe a bhreith ar an té a bhí á ionsaí d’fhonn iarracht a dhéanamh stop a chur leis na buillí, a dúradh.

Dúirt an tUas. Fahy go raibh aithne ag an Uas. Hill ar an gcúisí mar Michael Bheairtle Mharcuisín Folan agus go bhfaca sé níos luaithe an oíche sin é sa teach tábhairne.

D’aithin an tUas Hill an cúisí mar go raibh obair déanta aige ar theach a bhí á athchóiriú ag Hill sa bPointe ar an gCeathrú Rua.

Le linn an ionsaithe tháinig an tUas. Hill amach as cubhachail an leithris agus bualadh go dona é sa bhéal agus sa tsúil chlé.

Dúirt an tUas Fahy gur bhéic Hill ar Folan éirí as ach gur leagadh chun talún é, áit ar bualadh ciceanna troma air sa cheann agus sa cholainn.

“Rinne sé trócaire a agairt, ach trócaire níor deineadh air,” a dúirt an tUas. Fahy.

“Scoilteadh blaosc an Uas. Hill agus brúdh siar inti a shúil chlé,” a dúirt sé leo sin a bhí ag éisteacht sa chúirt leis agus iad ina dtost.

“Lean sé air ag agairt trócaire ach trócaire ní bhfuair sé agus b’amhlaidh gur cheap sé gurbh é an bás a bhí i ndán dó. Mhair an eachtra cúpla nóiméad,” a dúirt an tUas. Fahy.

“Agus é leagtha ar an urlár, chúb sé chuige féin mar a dhéanfadh leanbh sa bhroinn agus dhein sé iarracht a chloigeann a chosaint ós na ciceanna a bhí dá bhualadh go tiubh tapaidh.”

“D’fhág trí chic a fuair sé a chluas chlé pollta ag spéaclaí. Bualadh cic eile air a bhris a chnámh leicinn ar thaobh na láimhe cle dá aghaidh.

“Bualadh ciceanna eile ar a shúil chlé agus scoilteadh a bhlaosc.”

Dúirt an tUas. Fahy inné go raibh an tUasal Hill deimhnitheach de gurbh é Folan ba chúis leis na gortuithe a baineadh de agus go raibh Folan “deimhnitheach nach raibh sé in aon ghiorracht den leithreas in aon chor nuair a gortaíodh é”.

Chuir an dochtúir áitiúil an Dr. Anne Gillen fianaise os comhair na cúirte inné ag tabhairt le fios go raibh an tUas. Hill ar leath-aithne nuair a bhain sí an teach tábhairne amach ag 11.55.

Thug sí le fios go raibh gortuithe tromchúiseacha bainte dó agus go raibh neamhord struis iarthrámaigh air ó shin.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Pléadálann fear as Conamara ciontach as ionsaí ar Noel Hill'