Pictiúir 1916 nach raibh an GPO ‘oiriúnach’ dóibh ar taispeáint an athuair

I measc na bpictiúr tá ‘Pádraig Pearse reads the Proclamation', ‘Raising of the Irish Republican Flag', ‘The Beginning of the Siege' agus ‘Pádraig Pearse surrenders’

Desktop
‘The Beginning of the Siege’ agus ‘Raising of Irish Republican Flag’ le Norman Teeling

Tá tús áite tugtha do dheich bpictiúr ola nach raibh Ard-Oifig an Phoist “oiriúnach” dóibh mar láthair thaispeántais ag taispeántas nua 1916 in The Green Gallery in Ionad Siopadóireachta Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath.

Rinne An Post na pictiúir a choimisiúnú ón ealaíontóir Norman Teeling sa bhliain 1998 agus léiríonn siad imeachtaí an Éirí Amach san Ard-Oifig. Bhí na pictiúir ar crochadh ann go dtí gur baineadh anuas iad sa bhliain 2005.

I measc na bpictiúr tá Pádraig Pearse reads the Proclamation, Raising of the Irish Republican Flag, The Beginning of the Siege agus Pádraig Pearse surrenders.

Cúig bliana ina dhiaidh sin dúirt An Post nach raibh Ard-Oifig an Phoist “oiriúnach” mar láthair thaispeántais do na pictiúir agus go raibh láthair nua á cuardach acu. Dúradh nach raibh an soilsiú sách maith san Ard-Oifig agus nach raibh an oifig féin sách maith do thaispeántas ealaíne.

Ghoill an cinneadh sin go mór ar an staraí aitheanta Pat Liddy, a dúirt, ag an am, go mba cheart go mbeadh na pictiúir le feiceáil san fhoirgneamh stairiúil inar tharla na himeachtaí.

“Bhí siad thar a bheith réabhlóideach agus rómánsúil, agus thug siad leo an scéal. Bhí siad scaipthe go maith timpeall ar na ballaí sa GPO, ach anois is beag rud, seachas grianghraif agus cóip den Fhorógra, a thabharfadh le fios gur ansin a tharla sé,” a dúirt sé cúig bliana ó shin.

Tá socraithe anois, áfach, ag Dermot O’Grady ó The Green Gallery, go mbeidh tús áite ag na deich bpictiúr sa taispeántas nua ar an urlár is airde den ionad siopadóireachta. Ba é Pat Liddy féin a d’oscail an taispeántas. Tá portráidí de phearsana 1916 leis an ealaíontóir Jim Fitzpatrick mar chuid den taispeántas nua freisin, chomh maith le hos cionn 100 íomhá eile a bhfuil an tÉirí Amach mar théama iontu.

Tá saorchead isteach ann idir 11 am agus a 6 pm seacht lá na seachtaine.

Fág freagra ar 'Pictiúir 1916 nach raibh an GPO ‘oiriúnach’ dóibh ar taispeáint an athuair'