Piarsaigh na Dromoda sa tóir ar Chraobh na Mumhan arís

Beidh fir Chiarraí Theas sa bhaile inniu i gcluiche leathcheannais an chúige agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar churaidh Luimnigh, Gaeil Ghailtí

Piarsaigh na Dromoda sa tóir ar Chraobh na Mumhan arís

Declan O'Sullivan, bainisteoir na bPiarsach. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tá áit bainte amach ag an nGaeltacht i gcluiche ceannais idirmheánach na Mumhan cheana féin agus tá Piarsaigh na Dromoda ag iarraidh cáiliú don chluiche ceannais sa ghrád sóisir tráthnóna.

Imreoidh fir Chiarraí Theas sa bhaile inniu i gcluiche leathcheannais an chúige agus iad ag súil an ceann is fearr a fháil ar churaidh Luimnigh, Gaeil Ghailtí.

Údar misnigh do Phiarsaigh na Dromoda, atá anois faoi stiúir an iar-imreora de chuid Chiarraí Declan O’Sullivan, gur tháinig siad slán ó chluichí crua le roinnt seachtainí anuas.

Thug na Piarsaigh leo craobh an chontae ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair nuair a fuair siad an ceann is fearr ar na Foidhrí i ndiaidh am breise, 1-17 i gcoinne 0-11. Thug Naomh Eoin an Chláir a ndúshlán i gcluiche ceathrú ceannais na Mumhan coicís ó shin, ach ba iad an cumann as Uíbh Ráthach a thug an lá leo, 0-14 i gcoinne 0-10.

Chuaigh Niall O’Shea i bhfeidhm go mór ar an gcluiche sin sa líne lántosach agus beidh a leithéid de thaispeántas ag teastáil arís uaidh más faoi Phiarsaigh na Dromoda Craobh na Mumhan, a bhuadar uair amháin cheana, in 2011, a thabhairt leo arís.

Cluiche leathcheannais Chraobh Shóisir Peile na Mumhan

Piarsaigh na Dromoda v Gael Ghailtí, An Dromaid, 1.00i.n.

Fág freagra ar 'Piarsaigh na Dromoda sa tóir ar Chraobh na Mumhan arís'