Pé cúis a bhí le héirí as Barry McGrory ba ghránna an cáineadh a rinne Tóraithe agus aontachtaithe air

Tá go leor tuairimíochta ann faoi chinneadh Bharra McGrory, Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Thuaisceart Éireann, éirí as oifig ach is féidir lenár gcolúnaí a dheimhniú, bunaithe ar chomhrá leis, go raibh rún aige éirí as an bpost roimh Nollaig.

Pé cúis a bhí le héirí as Barry McGrory ba ghránna an cáineadh a rinne Tóraithe agus aontachtaithe air

Dé Céadaoin seo caite d’fhógair an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i dTuaisceart Éireann, Barra McGrory go n-éireoidh sé as oifig chomh luath is a cheapfar comharba air.

Cinneadh tromchúiseach is ea é seo a tharraing go leor cainte agus go leor den tuairim go raibh sé ag éirí as oifig i ngeall ar an gcáineadh éagórach a rinne Tóraithe agus aontachtaithe air.

Chuir na polaiteoirí sin ina leith go raibh an iomarca béime á cur aige ar shaighdiúirí a fhiosrú agus a chúiseamh i gcomparáid le paraimíleataigh. Léiríonn na figiúirí oifigiúla a mhalairt ach rinne siad neamhshuim díobh. Rinne siad neamhshuim freisin de na háisíneachtaí eile a bhíonn ag plé le cásanna stairiúla, an PSNI san áireamh, chun díriú go pearsanta ar Bharra McGrory.

Is furasta locht a fháil ar dhaoine eile ná a admháil go bhfuil teip na bpolaiteoirí féin ag teacht salach ar an iliomad gné de shaol an tuaiscirt, riar na córa san áireamh. Fad is a chuirfear ar an méar fhada socrú faoi oidhreacht an dtrioblóidí agus cóir fhuascailte a chur ar fáil d’íobartaigh, beidh ar na póilíní, lucht na gcúirteanna agus an tseirbhís ionchúiseamh déileáil le cásanna stairiúla a chothóidh conspóid.

Shéan Barra McGrory go raibh aon bhaint ag an gcáineadh sin lena chinneadh a dhul ar ais i mbun oibre mar abhcóide. Is cinnte, áfach, gur ghlac sé leis mar mhasla air féin agus ar an fhoireann sa tSeirbhís Ionchúisimh. Is léir go ngoillfeadh cuid den mhilleánú ar dhuine ar bith.

Is féidir leis an tuairisceoir seo a rá go húdarásach, bunaithe ar chomhrá eadrainn i dtús mhí Dheireadh Fómhair seo caite, go raibh rún ag Barra McGrory éirí as an bpost roimh Nollaig.

Seans maith gurb é an daingniú ó shin ar an gcáineadh a bhí á dhéanamh air roimhe sin faoi ndear a chinneadh fanacht in oifig go dtí anois,  nó go dtí an fómhar seo chugainn nuair a mheastar a cheapfar a chomharba. Cé gur cáineadh roinnt é le cúpla bliain anuas is le míonna anuas a cuireadh an faobhar is nimhní ar an gcáineadh sin.  Thug feisire Caomhach bête noire air i dTeach na Parlaiminte. Chuir an DUP “easpa neamhchlaontachta” ina leith agus le linn na conspóide faoin iarshaighdiúir Breataineach Dennis Hutchings, 75, a bheith cúisithe den dara huair, d’éiligh feisire an UUP Danny Kinahan go n-éireodh McGrory as oifig.

Ceapachán stairiúil ab ea roghnú Bharra McGrory in 2011, an chéad Chaitliceach riamh san oifig agus an chéad Ghaeilgeoir chomh maith. Mac é leis an dlíodóir iomráiteach Paddy McGrory nach maireann. Nuair a dhúnmharaigh dílseoirí an dlíodóir Pat Finucane, fuarthas amach go raibh Paddy McGrory ar liosta a dtairgéad freisin. Fearacht a athar roimhe bhí poblachtánaithe aitheanta mar chliaint ag Barra McGrory mar dhlíodóir, Gerry Adams ina measc. Chosain sé dílseoirí agus daoine as gach ceard freisin ach ba é a ghaol gairmiúil le Adams ba mhó a bhí ag dó na geirbe ag aontachtaithe.

Gach uair a cuireadh cás faoi bhráid Sheirbhís na nIonchúiseamh Poiblí a bhain le hiarchliaint dá chuid, sheas McGrory i leataobh chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a chinntiú. Rinne sé cinntí mar sin a fhógairt go hoscailte, mar a rinne sé faoi ábhair eile níos minice ná mar a dheintí sa tseanaimsir.

Ba í an oscailteacht sin ceann de na cáilíochtaí a bhí mar chomhartha sóirt ar réimeas McGrory mar Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. Bhíodh an tSeirbhís sórt rúnda nó rúndiamhrach, fiú, roimhe sin. Bhain sé geit as a lán nuair a bhunaigh sé fiosrú speisialta faoi stiúir Keir Starmer, iarstiúrthóir Ionchúiseamh na Corónach, faoin gcaoi ar láimhseáil an tseirbhís cás iomráiteach Mháiría Cahill. D’fhógair sé go poiblí gur deineadh praiseach den scéal agus ghabh sé leithscéal le Cahill.

Chuaigh sé crua ar roinnt aontachtaithe a sásamh a cheilt faoi chinneadh McGrory éirí as. Ba chosúil go raibh siad dall ar an bhfírinne bhunúsach nach mbeadh an dara rogha ag Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí ach an dlí a chomhlíonadh. Sin é a rinne McGrory. Nuair a chuireann an PSNI fianaise faoi bhráid an ionchúisimh, ní mór an fhianaise sin a scrúdú de réir dlí. Má tá cás le freagairt ’sé dualgas dlíthiúil na Seirbhíse Ionchúisimh an cás a thabhairt chun cúirte beag beann ar aois (murar páiste atá i gceist), ar pholaitíocht, inscne, cúlra, cairdeas ná maoin. Is cuma an tiarna nó bochtán, searbhónta stáit nó paraimíleatach é.

Mura ndéanann polaiteoirí beart faoi oidhreacht na dtrioblóidí beidh na fadhbanna ceannann céanna le sárú ag a chomharba is a bhí ag Barra McGrory. I bhfianaise chlaontacht na ngearán ó pholaiteoirí, bímis buíoch go bhfuil riar na córa neamhspleách orthu.

Fág freagra ar 'Pé cúis a bhí le héirí as Barry McGrory ba ghránna an cáineadh a rinne Tóraithe agus aontachtaithe air'