Paula Melvin ceaptha ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge

Fágadh ról an Tánaiste gan líonadh nuair a toghadh an Dr Niall Comer ina Uachtarán ar an gConradh ag Ard-Fheis na heagraíochta a reáchtáladh i gcathair na Gaillimhe níos luaithe i mbliana

Paula Melvin ceaptha ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge

Paula Melvin (lár) agus baill eile Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge

Is é an feachtas d’Acht Teanga ó thuaidh an chloch is mó ar phaidrín nuathofa Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin.

Dúirt Melvin, a ceapadh ina Tánaiste ar an eagraíocht an deireadh seachtaine seo caite, go bhfuil sí ag súil lena ról nua ach go mór mór leis an bhfeachtas ‘An Dream Dearg’ atá ar siúl ó thuaidh i láthair na huaire.

“Is mór an onóir liom an phribhléid a deonaíodh dom Dé Sathairn a bheith mar Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge. Táim ag súil go mór le comhoibriú le hUachtarán an Chonartha, an Dr Niall Comer agus le baill uile na heagraíochta ach go háirithe ar an bhfeachtas ‘An Dream Dearg’,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Ceapadh Melvin, as Baile Átha Cliath, ina Tánaiste ar an gConradh ag cruinniú de chuid Choiste Gnó an Chonartha an deireadh seachtaine seo caite.

Fágadh ról an Tánaiste gan líonadh nuair a toghadh an Dr Niall Comer ina Uachtarán ar an gConradh ag Ard-Fheis na heagraíochta a reáchtáladh i gcathair na Gaillimhe níos luaithe i mbliana. Bhí Comer ina Thánaiste ar feadh trí bliana sular toghadh ina Uachtarán é.

Toghtar 12 duine ó chraobhacha uilig an Chonartha ar Choiste Gnó an Chonartha. Anuas ar an dáréag sin, bíonn ionadaithe ó Dháil na Mumhan agus ó Chomhaltas Uladh ar an gCoiste Gnó freisin. Is iad baill an Choiste, in éineacht leis an Uachtarán, a thoghann an Tánaiste.

Meastar gurb í Melvin an duine is óige a ceapadh ina Tánaiste ar an eagraíocht teanga ó bunaíodh í beagnach 125 bliain ó shin.

Is de bhunadh na tuaithe in iarthar Átha Cliath í Melvin agus tá sí ina cathaoirleach ar chraobh de chuid an Chonartha sa cheantar sin ‘Pobal Gaeilge 15’, a thagraíonn don chód poist atá sa cheantar ‘Baile Átha Cliath 15’. Is craobh ghníomhach é Pobal Gaeilge 15 a bhfuil feachtas idir lámha acu i láthair na huaire le Gaelcholáiste nua a bhunú sa cheantar.

Tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge san ardchathair ar Melvin mar gheall ar an mbaint mhór atá aici le heagraíochtaí agus imeachtaí Gaeilge sa chathair. Ba imreoir agus leasrúnaí í ar an gcumann peile Na Gaeil Óga CLG, tá sí ina ball de Choiste na Gaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall, agus bhí sí ina ball coiste ar Bhuanchoiste an Chonartha, Coiste Chlub an Chonartha, Coiste Oireachtas na Gaeilge agus Coiste Stiúrtha Ógras.

Agus í ag freastal ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, bhí Melvin ina hOifigeach Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn agus ina cathaoirleach ar an gCumann Gaelach.

Tá Paula ag obair anois le Coimisiún Fulbright na hÉireann.