Paul Drury imithe ar shlí na fírinne

Bhí Paul Drury, ar cailleadh ar maidin é, ina eagarthóir ar chuid de na nuachtáin is mó sa tír

Daily Mail New Newspapers in Ireland
Pictiúr: Photocall Ireand

Tá an t-iriseoir agus iareagarthóir nuachtán aitheanta, Paul Drury, tar éis bháis ar maidin i ndiaidh tinneas gairid.

Bhí sé 57 bliain d’aois agus maireann a bhean Áine Ní Fhéinne, arb as an Spidéal i gConamara di, a dtriúr clainne, Éanna, Niamh agus Oisín, agus a dheartháir, Luke.

Thug Drury tréimhse fhada mar leaseagarthóir ar an Irish Independent agus bhí ina eagarthóir ar chuid de na nuachtáin is mó sa tír, ina measc an Star, an Evening Herald, Ireland on Sunday agus an Daily Mail.

D’éirigh sé as a chúram mar eagarthóir ar an Daily Mail cúpla bliain ó shin, ach lean sé ag obair don nuachtán sin mar cholúnaí.

Bhí colún chomh maith aige ar Tuairisc.ie a bhí i measc na míreanna ba mhó tóir ar an suíomh seo nuair a bunaíodh é ag deireadh na bliana seo caite.

Bhí suim mhór ag Drury sa Ghaeilge ón uair a chrom sé ar í a fhoghlaim i gceart i gCorca Dhuibhne le linn a óige. Rinne sé MA sa Nua-Ghaeilge roinnt bheag blianta ó shin.

Thug sé tréimhse mar eagarthóir i dtús na n-ochtóidí ar an nuachtán Gaeilge Amárach a bhí lonnaithe in Indreabhán i gConamara agus ba thráchtaire rialta é ar chláir Ghaeilge ar an teilifís agus ar an raidió.

Iriseoir ab ea é nár chuir aon fhiacail ann riamh. Níor sheachain sé an chonspóid agus ba mhinic é os comhair cúirte dá bharr.

Cúis bhróid dó ab ea é gur cuireadh an dlí go minic air agus d’fhéach sé ar na cásanna cúirte a tógadh ina aghaidh mar fhianaise go raibh a dhualgaisí mar iriseoir á gcomhlíonadh aige.

Chreid sé go mór sa chur chuige tablóideach san iriseoireacht agus rinne sé cur síos iontach ar a a shaol oibre agus a fheaslúnacht iriseoireachta in aiste leis sa leabhar Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán.

Fág freagra ar 'Paul Drury imithe ar shlí na fírinne'