Paudie Ó Sé ceaptha ina Bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Tagann Ó Sé i gcomharbacht ar Ghearóid Ó Brosnacháin a thug 25 bliain leis an gcomharchumann

Paudie Ó Sé ceaptha ina Bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Is é Páidí Ó Sé atá ceaptha ina Bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.

Is as Ard na Caithne do Ó Sé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Ghearóid Ó Brosnacháin a thug 25 bliain leis an gcomharchumann.

Thug Ó Sé 20 bliain roimhe seo ina bhainisteoir leis an gcomhlacht tógála Sisk agus é ag plé le forbairt gnó. Iar-imreoir peile é leis an nGaeltacht agus le Cumann Mhicheál Breathnach sa Ghaillimh, áit a raibh sé ag obair ar feadh tamaill. D’oibrigh sé chomh maith le Sisk in áiteanna thar lear, an Afraic ina measc.

Tá sé pósta leis an saineolaí ar an bpleanáil teanga Aoife Ní Shéaghdha agus tá triúr clainne acu.

Is in iomairí an oideachais agus na hoiliúna is mó a bhíonn Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag saothrú agus is é bainistiú na gcoláistí samhraidh a reáchtálann Coláistí Chorca Dhuibhne an cúram is mó a bheidh ar Ó Sé. Tagann Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Músaem Chorca Dhuibhne, an comhlacht léiriúcháin, Dovinia Teoranta agus South West Gnó Skillnet faoi scáth an chomharchumainn chomh maith.

Deineadh an post mar Bhainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne a fhógairt athuair an mhí seo caite nuair a ceapadh an té ar éirigh leis an bpost a fháil ina Oifigeach Forbartha Gnó le hÚdarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Paudie Ó Sé ceaptha ina Bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne'