Ní hiad na ‘garden centre unionists’ amháin atá ar nós cuma liom faoi vótáil

Déantar an-chuid cainte faoi na ‘garden centre unionists’ a thréig an UUP, le 15 bliain ach ní hiad amháin a staon den vótáil sa tréimhse sin

voting

Déardaoin, beidh gar do mhilliún agus ceathrú de phobal Thuaisceart Éireann i dteideal vóta a chaitheamh chun 18 feisirí Parlaiminte a thoghadh in olltoghchán na Ríochta Aontaithe. Lá dá raibh, bhí cáil ar Thuaisceart Éireann mar gheall ar an ráta ard vótála, os cionn 80% in áiteanna. Ní hamhlaidh atá a thuilleadh agus na sluaite d’iarrthóirí ag admháil gur dúshlan mór dóibh é  patuaire an phobail. Déantar an-chuid cainte faoi na ‘garden centre unionists’ a thréig an UUP le 15 bliain ach ní hiad amháin a staon den vótáil sa tréimhse sin. Tá a oiread céanna dá lucht tacaíochta caillte ag an SDLP. Agus thit tacaíocht gach pairtí le linn an ama sin freisin, an dá phairtí mhóra san áireamh.

Más fíor an seanchas bhí vótail ‘go moch ‘s go minic’ forleathan tráth. Is annamh a tharlaíonn sé anois i ngeall ar dhaingniú na rialacha aitheantais. Ní fios cé mhéad de laghdú a chuir sin ar líon na vótóirí ach is léir nach mbeadh ansin ach sciar beag den titim ollmhór ar an ráta vótála ó 1998.

Sa chéad toghchán Tionóil i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, fuair an SDLP an vóta ab airde a fuair an pairtí ariamh, beagnach 178,000. Faoi thoghchán an Tionóil i 2011 bhí a vóta laghdaithe go dtí 94,000. Ní dheachaigh an vóta sin ar fad chuig Sinn Féin; meadú 35,000 a tháinig ar vóta SF san am sin. Fágann sin suas le  60,000 vóta a bhí ag SDLP atá imithe gan tásc ná tuairisc orthu. Go deimhin, i 2011 bhí titim gar do 50,000 ar an líon vótóirí ‘naisiúnacha’ a thug guth i 1998.

Is é an scéal céanna é i measc na vótóirí aontachtacha; thainig lagdú 70,000 nach mór othusan ar fad idir 1998 agus 2011. Bhí laghdú 85,000 i gcás vóta an UUP amhain sa tréimhse chéanna. Áirítear mar sin go bhfuil an líon vótóirí de chuid UUP atá tuirseach den scéal nó ar nós cuma liom comhionann leis an méid a thug an chluas bhodhar don SDLP. Gan a dhul i bhfad scéil leis, is féidir  titim i vótaí gach dream a áireamh.

Is í an cheist céard faoi ndear an t-athrú. Bhí lucht canbhasála i dtoghcheantair ar leith ag maíomh gur thit an tinreamh nuair a bhraith vótóirí nach raibh aon seans acu an toradh a athrú nó, i gcás feisire seanbhunaithe, nuair nár bhaol dó. Tathar ag tuar go mbeidh an ráta vótala is airde i bhFear Manach/Tír Eoghain  Theas mar go bhfuil sé fíorimeallach. San olltoghchán deiridh, i 2010, ba é Fear Manach/Tír Eoghain Theas an t-aon toghcheantar de chuid Thuaisceart Éireann a bhí san áireamh sa liosta de 200 (as 650) ab airde tinreamh do thoghchán Westminster; sa 179ú áit a bhí sé, dar le lucht staidrimh!

Deir dornán beag polaiteoirí logánta gur comhartha é an laghdú ar an ráta vótála go bhfuil daoine sásta le cúrsaí mar atá, TÉ slán sa Ríocht Aontaithe agus síocháin i réim. Dúirt daoine ar an tsráid a mhalairt ar fad liomsa (rogha neamheolaíochtúil ab ea é – daoine a casadh orm ar mo shiúl lae), ach ba é breithiúnas gach duine acu nach raibh siad ag vótáil mar nárbh fhiú é agus go raibh siad bréan den pharailís i Stormont.

Sna laethanta atá fágtha, beidh iarrthóirí ar a ndícheall ag tathaint ar dhaoine a dhul amach ag vótáil. 57.6% a thug guth cúig bliana ó shin – laghdú ó 2005. Bhí an ráta níos ísle ná sin i dtoghchán an Tionóil i 2011- 54.7%.  Ba cheart a rá gurbh eisceacht é toghchán Pharlaimint na hEorpa anuraidh nuair a tháinig  méadú ar an ráta go 51% – ard i gcomhthéacs na hEorpa ach an-íseal nuair a smaoinítear gurb ionann é agus duine as gach beirt ag fanacht sa bhaile.   

Ní dea-thuar don pholaitíocht é an ráta vótála a bheith chomh híseal is atá. Beidh na vótaí don 138 iarrthóir á gcomhaireamh oíche Déardaoin agus na torthaí ar fáil, meastar, roimh a ceathair ar maidin. Má thiteann an ráta faoi bhun seisear as gach deichniúr as an 1,236,683 atá cláraithe arís, beidh údar machnaimh ag an mbunaíocht.

Fág freagra ar 'Ní hiad na ‘garden centre unionists’ amháin atá ar nós cuma liom faoi vótáil'