Patrick Kavanagh, sárfhile agus ‘f***in amadán’ de chúl báire

Tháinig ollamh ollscoile as na Stáit Aontaithe tráth chun tuilleadh eolais a aimsiú faoi Patrick Kavanagh, ach bhain cuid dár chuala sé stangadh as

1_mespil_hotel_over_patricks_shoulderTá aithne mhaith ag lucht leanta Mhuineacháin ar an mbóthar go Baile Átha Cliath na laethanta seo. Fágann a mbua i gCraobh Uladh 2015 gurb é seo an tríú bliain as a chéile anois i bPáirc an Chrócaigh iad agus babhtaí ceathrú ceannais Chraobh Peile na hÉireann tagtha chun críche ansiúd an deireadh seachtaine seo. Ní dhearna siad a leithéid riamh cheana.

Bhíodar ann trí huaire in imeacht ceithre bliana ceart go leor nuair a bhuaigh siad craobh a gcúige i 1927, ’29 agus i 1930. An bhliain ba dheireanaí acu sin, chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann, rud nach ndearna siad roimhe ná ina dhiaidh. Ansiúd, chuir foireann láidir as Ciarrraí ar a raibh John Joe Sheehy, Con Brosnan agus John Joe ‘Purty’ Landers de dhroim seoil iad.

Timpeall an ama sin freisin a d’fhág an scríbhneoir Patrick Kavanagh slán ag Inis Caoin agus ag Co. Mhuineacháin gur thug sé aghaidh ar an bpríomhchathair é féin. Seacht mbliana fichead d’aois a bhí sé – leath de sin caite aige ag sclábhaíocht ar an ngabháltas beag a bhí ag a athair agus ina phrintíseach gréasaíochta. Ba i mBleá Cliath a scríobh sé na leabhair agus an fhilíocht a thuill clú dó – The Green Fool; Tarry Flynn; ‘Raglan Row’, The Great Hunger agus go leor eile.

Bhí foireann peile ina cheantar dúchais fiú sular bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael in 1884 agus nuair a bhí sé féin i mbláth na hóige, ba é Kavanagh an cúlbáire a bhíodh ar fhoireann a linne.

As sin ar fad, eascraíonn scéal a bhíodh ag Mick Hand, eagarthóir an Sunday Independent  ó 1976 go dtí 1984, fear a raibh aithne mhaith aige ar Kavanagh agus eolas dá réir aige ar an saothar a d’fhág cáil agus meas air siúd i measc lucht litríochta ar fud an domhain. 

Roinnt blianta tar éis don fhile bás a fháil i 1967, tháinig ollamh ollscoile as na Stáit Aontaithe a raibh staidéar cuimsitheach déanta aige ar Kavanagh, tháinig sé go Bleá Cliath agus ainm Mick Hand aige, ag súil go ‘spáinfeadh seisean dó na háiteacha sa gcathair sin a mbíodh tarraingt an scríobhneora orthu, rud a rinne Mick go fonnmhar.

D’iarr an Poncánach ansin an mbeadh aon seans dul go hInis Caoin go bhfeicfidís an ceantar as a dtáínig Kavanagh agus ina raibh sé curtha. Bhuaileadar bóthar agus ar shroichint na háite dóibh, chaith siad beirt tamallacha ar an Mucair, an baile fearainn inar tógadh é, ag breathnú ar Scoil Chéide na Minseach, áit a raibh sé ina dhalta, agus faoi dheireadh sa reilig ina bhfuil  Kavanagh curtha san “ithir, ghlas chlochach” ar thrácht sé féin uirthi. Ansin agus é in ardtráthnóna, thug siad aghaidh ar Bhleá Cliath in athuair.

Ag taisteal ar ais trí phríomhshráid Inis Caoin dóibh, leag an t-ollamh súil ar theach ósta agus d’fhiafraigh dá thiománaí a raibh dúil i ndeoch aige. Mar a tharla bhí, agus isteach leo beirt in áit nach raibh rompu ach cúpla seanriadaire tostach agus iad ag breathnú síos ina gcuid piontaí. Cheannaigh an t-ollamh deoch agus shuigh sé féin agus Hand síos ag boirdín ar chúl.

‘An bhfuil baol ar bith ann, meas tú, go raibh aithne ag aon duine atá anseo ar an bhfear ar thug chomh fada seo muid?’ a deir sé le Jim.

‘Is gearr uainn fios’,  a deir Hand agus shiúil an bheirt acu i dtreo seanfhir a bhí suite cois an chuntair.

‘Baol ar bith go raibh aithne agat ar Patrick Kavanagh fadó?’ a d’fhiafraigh Mick de.

‘An File?’ a deir mo dhuine, nár ardaigh a chloigeann fiú le breathnú ar lucht a cheistithe.

‘An fear céanna; cén sort duine a bhí ann, murar miste dom fiafraí?’,  arsa Hand.

Níor déanadh aon deifir leis an bhfreagra, ach nuair a tháinig sé, bhain sé geit as an té a raibh an cheist curtha aige agus ba bheag nár tháinig lagar ar fhear an léinn.

‘F***in amadán’, a deir an seanbhuachaill agus bhain braon eile as an bpionta.

‘Agus cén fáth a ndéarfá sin?’ a deir Mick Hand, nuair a tháinig beagán mothú arís ann féin.

‘Sé mo ghéarchuimhne a bheith thuas ag cluiche ceannais Mhuineacháin i mBéal Átha Beithe i gcroílár an tsamhraidh os cionn dhá scór bliain ó shin,’ a deir mo dhuine.

‘Ní raibh sé buaite riamh ag foireann na háite seo, Eimitgh Inis Caoin – tús dhá chúilín acu an lá sin agus gan fanta san imirt ach nóiméadaí.

“Bhí sé ina bhrothall le teas agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch, an  dream a bhí ag breathnú ar an imirt i gcontúirt titim i lagar aige, ní áirím na peileadóirí.

‘Mo dhuine Kavanagh a bhí sa gcúl agus céard a dhéanfadh sé agus an t-am ananns a bheith istigh ach dul chomh fada leis an taobhlíne go bhfaigheadh uachtar reoite ó fhear a bhí á dhíol ansiúd as bosca.

‘Fad agus a bhí sé imithe, anuas an pháirc lenár gcéilí comhraic agus scóráil an cúl a bhuaigh an cluiche dóibh.’

‘Anois…’, a deir sé agus é ag sloigeadh an bhraoin a bhí fanta i dtóin thíos an phionta, ‘céard eile atá le tabhairt ar an té a thréigfeadh a phost i gcluiche ceannais an chontae, a fhoireann chun cinn ar éigean agus an t-am ananns caite, ar mhaithe le daba uachtair reoite …céard eile, ach f***in amadán!’

Fág freagra ar 'Patrick Kavanagh, sárfhile agus ‘f***in amadán’ de chúl báire'

  • Gabriel Rosenstock

    An ceart ag Kavanagh. Dhéanfainnse an rud céanna.
    G