Pat Lam ag caint i nGaeilge bhreá na Nua-Shéalainne agus Matt LeBlanc dulta amú sa Daingean

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Tá cúiteamh faighte ag TG4 ar an gclúdach cuimsitheach atá déanta acu ar an rugbaí le blianta anuas

Pat Lam

‘Lá bródúil do dhaoine Chonnacht.’ Ba é Pat Lam na Nua-Shéalainne is fearr a dhein cur síos ar ghaiscí an tSathairn is é ag caint i nGaeilge bhreá na Nua-Shéalainne (Rugbaí Beo, TG4).

Glory Days leis an ‘Boss’ mar cheol tionlacain ag tús an chraolta, John Broderick agus Eoghan Ó Neachtain ag rith le brothall ag an deireadh.

Faoi dheireadh is faoi dheoidh bhí The Fields of Athenry á chanadh ag lucht leanta a bhfuil údar acu é a chanadh agus an lucht leanta céanna ag teacht i dtír ar an rath atá ar an bhfoireann ar shlí ná cuirfeadh faic i gcuimhne duit ach na Muimhnigh nuair a bhíodar in airde láin.

Piardaí móra cosúil le Heaslip, Kearney agus Sexton ciúnaithe ag díograis agus samhlaíocht a gcéilí comhraic. Ní léanmhar turnamh na dtréan. Tá cás an leoin agus na luiche sa bhfuil ag cuid de na fearaibh seo óir go raibh athair Tiernan O’Halloran ar phainéal Uíbh Fhailí nuair a bhaineadar barrthuisle as Ciarraí i 1982.

Is deacair a shamhlú go raibh lucht an údaráis san IRFU ag iarraidh Connachta a chur de dhroim seoil trí bliana déag ó shin. Tugadh freagra air sin os comhair tarrac ar 35,000 duine i bPáirc Uí Mhuirí. Do TG4 is fearr é agus cúiteamh faighte acu ar an gclúdach cuimsitheach atá déanta acu ar an rugbaí le blianta anuas.

Mura raibh ár ndóthain againn ansin bhí cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní ar siúl ina dhiaidh. Comhrac eile idir an leon agus an luch. An babhta seo dhein an leon an luch a alpadh sa deireadh. Bhí Dani Caravajal ag cluiche craoibhe idir an Daingean agus Caisleán na Mainge/Baile an Mhuilinn an deireadh seachtaine seo caite agus b’fhéidir gur thug sin spreagadh do réalta Real Madrid. Ar a laghad tá a fhios aige cá bhfuil an Daingean. Bhí Matt LeBlanc ar Graham Norton (The Graham Norton Show, Dé hAoine, BBC 1) agus é ag eachtraí dó faoi chóisir cearc a bhuail leis sa Daingean, cé gurbh é Neidín a bhí i gceist. Bhí sé ar an gclár le poiblíocht a thabhairt don leagan nua de Top Gear a craoladh aréir (RTÉ 2/BBC 2). 

Matt Le Blanc

Bhí cad é bús faoi seo le seachtainí anuas le LeBlanc agus Chris Evans ag snámh in aghaidh easa agus iad á fhéachaint le clár nua Clarkson, May agus Hammond. Tá brú thar na bearta ar an mBeeb gaisce de shaghas éigin a dhéanamh i ndiaidh an bhúis ar fad agus óir go bhfuil an triúracht le tiargáil dá dtáirge nua ar Amazon. Ar an drochuair ba tháirge uiscealach go maith a bhí i Top Gear. Go minic ní raibh ann ach drochscáil a réamhtheachtaí. Taibhsíodh dom go raibh an brú ag luí go trom ar an mbeirt agus nach raibh an chomrádaíocht chuí eatarthu. Cuimhnigh ar conas mar a bheadh ag Ant agus Dec, mar shampla.  Ábhar díomá dom go raibh LeBlanc beagfhoclach go maith an-mhinic. Bhí  Evans ag iarraidh seo a chúiteamh agus chuir sé pip orm go minic. Ina dhiaidh sin féin déarfainn go mbeidh LeBlanc níos mó ar a chompord de réir mar a théann sé ina thaithí.

Fág freagra ar 'Pat Lam ag caint i nGaeilge bhreá na Nua-Shéalainne agus Matt LeBlanc dulta amú sa Daingean'