Coinníonn Ralph Fiennes ‘The Bigger Splash’ ar snámh

Níl The Bigger Splash gan locht ach is fiú an scannán an dua agus beidh taispeántas Ralph Fiennes, ann féin, ina íocshláinte agat...

unnamed

The Bigger Splash

Stiúrthóir: Luca Guadagnino

 Cliar: Tilda Swinton, Matthias Schoenaerts, Ralph Feinnes, Dakota Johnson.

Paul:  You’re obscene.

Harry:  We’re all obscene – that’s the point. That’s the point!

Scéinséir stíliúil/coiméide béasa é The Bigger Splash. Titeann formhór an aicsin amach cois linn snámha an rac-réalta andraigíneach mná, Marianne Lane (Tilda Swinton), sórt Bowie baineann – atá ar saoire ina villa ar oileán grianbháite Pantelleria, leathbhealach idir an tSicil agus an Túinéis. A ‘fáisceadh’ fadtéarmach leapan Paul (Matthias Schoenaerts) lena cois.

Tá Marianne ag teacht chuici féin arís tar éis obráide scornaí – gaiste plota a choimeádann ‘balbh’ í, geall leis, fad an scannáin. Is alcólaí ar téarnamh é Paul, éiginnteacht uilig na staide sin ar suanbhruith fá bhun a chuid brúideála collaí.

Agus nach iad an bheirt atá go maith in ann don leaba! Macnasaithe iad – saghas Ádhamh agus Eabha a chruthaíonn a nGairdín Éidin collaíoch féin cois faille. Cé a thagann thar claí chucu isteach, áfach, ach an tOllphéist féinig, Harry (Ralph Feinnes) agus a mini-nathair sleachta, an t-iníon nua-aimsithe Penelope (Dakota Johnson). Úlla na haithne, ar m-anam, má bhí ann riamh, an bheirt sin! Beidh oíche go maidin ag Guadagnino á stoitheadh dúinn.

Sí an chonstaic is airde atá le sárú ag The Bigger Splash ná I Am Love, céad mhórscannán Guadagnino (2009). Loiteadh léirmheastóirí ag ‘Love’ – táimid róshantach sa tóir ar an ardchaighdeán céanna foirfeachta i gcónaí. Má tá fad agus leithead Éireann idir Love agus Splash, ní gá gur locht é sin. Tugaimis breith ar gach rud dá réir féin.

Íocann The Bigger Splash ár bhfoighde agus ár mbreithiúnas aibí le háilleacht/fírinní/léargais atá bailí iontu féin.

Pé saoirse, pé cnáimhín súgartha a d’aimsigh Ralph Fiennes ann féin i ndéanamh an Grand Budapest Hotel, is léir nach bhfuil sé sásta í sin a ligint uaidh gan troid. Bí deas duit féin agus cuardaigh an ‘Dad Dance’. Geallaim duit gurb iad an cúpla steip is greannmhaire a fheicfidh tú in aon phictiúrlann i mbliana.

Iar-leannán Marianne é David, léiritheoir rac-cheoil atá glan as a mheabhair in éad le Paul bocht. Beireann Fiennes agus Johnson greim ar mhagairlí an scannáin ónár gcead amharc orthu ag an aerfort. Bainfear geataí Ghairdín Pharthais Marianne agus Paul glan dá lúdracha idir gangaid bhinbeach David agus stalcaireacht smólta Lolita-úil Penelope.

Santaíonn David Marianne arís. Tá sise socraithe síos anois agus ag tabhairt togha na haire di féin le Paul. An bhféadfadh go bhfuil David chomh dímhorálta sin go mbainfeadh sé leas as a iníon féin chun céile Marianne a chur ar strae? Bhuel, tá, déanta na fírinne!

Penelope:  Do you want some?…(toitín á tairiscint aici ar Paul)

Paul:      I don’t smoke.

Penelope  That don’t mean you don’t want some.

Saghas Mae West maighdeanúil leath-phornagrafaíoch is ea Penelope. Deir sí go bhfuil an dá bhliain le cois an scor aici. Tagann amhras orainn faoi sin de réir mar a bhogann an píosa ar aghaidh. Fiú gan ach na súile aici do Paul, lú ná compordach dúinn is ea a hiompar, oíche an fiesta logánta, í amuigh ar urlár cimint an rince leis an athair, David. Iníon, nó caidé?

Marianne: He doesn’t believe in limits. What’s going on there?

Caite isteach sa phota ansin tá an rac-mheatacht ghinearálta a chleachtaíonn David – cóc-chloigeann de bhreall, callaire tromúdarásach béalscaoilte, an Fireannach Alfa Ifreanda is déistiní a chuirfidh tú aithne air in aon pictiúrlann i mbliana. Agus, gan dabht ar bith, sé Fiennes an carachtar is mó a thuilleann fócas lionsa Guadagnino. Is ríléir nach mbeidh ach drochthoradh amháin ar sheáp chleas seo na Beautiful People ar Pantelleria.

Agus tá, i gcónaí, mar churfá leanúnach san fhísrian – an linn snámha hiopnóiseach sin. Ár mealladh de ló is d’oíche le draíocht crithloinnreach a chuid solais. Cuimhnígí, is leagan nua é The Bigger Splash de La Piscine Jacques Deray (1969), le Alain Delon agus a iar-ghrágheal (sa tsaol, chomh maith céanna leis an bhficsean) Romy Schneider. Is léir go bhfuil rás uisciúil duine den mbeirt tarbhfhear geall le bheith rite.

Is gaire Guadagnino don Antonioni dorcha, mistéireach sna lár-seascaidí – Blow Up (1966) le David Hemmings agus Vanessa Redgrave, mar shampla – ná mar atá sé riamh do chanbhás scaoilte, raidhsiúil Fellini. Ní haon gearrán é sin agam. Braitheann tú i gcónaí go bhfuil Guadagnino iarracht bheag ‘ar an taobh tuathail’, mar a déarfá, i measc stiúrthóirí óga rathúla na hIodáile – leithéidí Sorrentino agus Garrone. Tá sin le ríomh ar a stíl, agus ar na teicnící briste a bhaineann sé leas astu an dul seo – na ‘fuip-pans,’ an cheamaradóireacht láimhe, an solas nádúrtha is ansa leis. Tá an taobh tuathail le léamh chomh maith i bhfrith-áilleacht a chuid frámaíochta, agus i gcomhdhéanamh toirmeascacha a chuid pictiúr.

Níl The Bigger Splash gan locht. Cuireann sé as go mór dom go mbaintear leas as cruachás na dteifeach ar Pantelleria chun comhthéacs a chur ar luan an bholgáin saorga atá ina ghloine cosanta timpeall ar na príomhcharachtair. Sin moráltacht ‘iontach dodgy’, mar a deir muintir Árainn. Agus ní haon chara ach oiread an scannán do bharántúlacht na bpóilíní logánta. Ach tá ‘ceart an Iodálaigh’ aige, is dócha, agus maolaíonn sin, beagán, mo mhíchompord leis fán chaoi ina mbaineann sé greann astu, póilíní na n-acraí beaga. 

Is fiú an scannán an dua. Beidh taispeántas Ralph Fiennes, ann féin, ina íocshláinte agat. 

Fág freagra ar 'Coinníonn Ralph Fiennes ‘The Bigger Splash’ ar snámh'