‘Pas láimhe, ní Pas saliva!’ – ceacht Gaeilge do Stelling agus Kamara agus iad ar Inis Oírr an geábh seo

Thug na tráchtairí aitheanta ó Sky Sports Jeff Stelling agus Chris Kamara lá in Inis Oírr agus sraith físeán á déanamh acu faoi na cluichí Gaelacha

‘Pas láimhe, ní Pas saliva!’ – ceacht Gaeilge do Stelling agus Kamara agus iad ar Inis Oírr an geábh seo

Tá an dara físeán ó thuras Jeff Stelling agus Chris Kamara timpeall na hÉireann curtha amach ag AIB GAA tráthnóna agus tuairisc eile ón nGaeltachta acu. I gCorca Dhuibhne a bhí siad dá gcéad fhíseán agus ar Inis Oírr i nGaillimh a rinneadh an físeán is déanaí.

Bhí an bheirt ó Sky Sports in Éirinn ag tús mhí Iúil agus sraith físeán a thaifeadadh acu d’fhonn tuiscint a fháil ar thábhacht CLG.

Ba ar an Daingean i gCiarraí a thug siad aghaidh dá gcéad fhíseán agus léiriú ar an seal a chaith siad ar Inis Oírr atá i bhfíseán na seachtaine seo.

Is é Eoghan Póil, duine d’imreoirí CLG Oileáin Árann, a thugann léargas san fhíseán nua do Stelling agus Kamara ar stair chumann na n-oileán agus an dul chun cinn atá déanta acu le blianta beaga anuas.

Tugadh seisiún tapa traenála dóibh chomh maith le ceacht teanga, ach is léir go bhfuil an bheirt fós ag streachailt leis an nGaeilge agus an pheil in ainneoin iarrachtaí na n-oileánach.

Nuair a deirtear le Stelling gur pas láimhe an Ghaeilge atá ar ‘hand pass’, tá cleas beag aige chun an méid sin a mhúineadh do Kamara. “Just think of Liverpool, think of the liver bird. Pas liver!” a deir sé.

Ní go rómhaith a d’oibrigh an ceacht sin áfach mar “Pas saliva” a thugann Kamara ar phas láimhe níos deireanaí san fhíseán.

Foilseofar ceann de na físeáin eile sa tsraith gach Luan as seo go dtí cluiche ceannais peile na hÉireann ar an 17 Meán Fómhair, lá a ndéanfaidh Kamara agus Stelling tráchtaireacht ar an gcluiche mór i bPáirc an Chrócaigh.

Fág freagra ar '‘Pas láimhe, ní Pas saliva!’ – ceacht Gaeilge do Stelling agus Kamara agus iad ar Inis Oírr an geábh seo'

  • Niall O'Gallcobhair

    Ní maith liom é. Tá Stelling agus Kamara ag magadh fá dtaobh de agus ag taispeáint easpa meas don spóirt féin agus na daoine. Ins an dara físéan bhí Kamara ag magadh faoin t-ainm Mícheál ó Muircheartaigh. Níl fadhb ar bith aige nuair a bhíonn sé ag deanamh tráchtaireacht ar ainmneacha difrúil sa Priomh Roinn Sasana.

  • Braoin

    “Is spórt amaitéarach é ach tugtar anuas ó ghlúin go glúin é le gean agus meas ar na cluichí céanna… Feicfidh muid níos mó de tá mé a cheapadh….”
    Beirt tráchtairí móra ó Shasana ar Inis Oírr ag breathnú ar an bpeil ghaelach agus ar an obair a chuirtear isteach ann agus ar an spórt a bhaineann muid as…
    Thar cionn uilig!
    Is cuma faoi charr sheanrópa an dorais a choinneáil dúnta… Is cuma faoin chéad chur in iúl lenár dteanga… Píosa craic a chuir gáire ar mo bhéal an méid sin…
    Ba bhreá liom níos mó den chineál seo stuif a fheiceáil…