‘Parlaimint na nDán’ in Indreabhán le tionchar Comóradh 1916 ar ealaíontóirí a phlé

Cén tionchar a bhí ag Comóradh 1916 ar ealaíontóirí na hÉireann? Cíorfar an cheist ag Parlaimint na nDán inniu

‘Parlaimint na nDán’ in Indreabhán le tionchar Comóradh 1916 ar ealaíontóirí a phlé

Reáchtálfar ‘Parlaimint na nDán’ in Indreabhán i gCois Fharraige amárach. Labhróidh ceathrar ealaíontóirí faoin tionchar a d’imir Comóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca orthu agus ar a gcuid saothar i gcaitheamh na bliana.

Is iad Ríonach Ní Néill, Eoin Mac Lochlainn, Nuala Ní Fhlathúin agus Diarmuid de Faoite a bheidh i mbun cainte ag an bParlaimint i Seanscoil Sailearna in Indreabhán amárach. Beidh an scríbhneoir aitheanta Páraic Breathnach ina “Cheann Comhairle” ar an bParlaimint, atá á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge.

Chruthaigh an ceathrar saothar ealaíne i gcaitheamh na bliana comórtha seo agus iad faoi anáil ag oidhreacht Éirí Amach 1916. Le linn na cainte a dhéanfar ag an ócáid, cíorfar an tionchar a bhí ag an gComóradh ar a saothar agus an chaoi ar éirigh leo an comóradh agus gach ar bhain leis a úsáid ina gcuid oibre.

Beidh Ríonach Ní Néill ag caint faoina togra féin  inar labhair sí le mná a thóg a gclann le Gaeilge sna 1960idí, 1970idí agus 1980idí. Labhair sí leo faoina dtaithí agus faoina ndearcadh saoil agus í i mbun an togra seo ina mbreathnaítear ar pháirt na mban i “gcruthú agus i gcothú an Stáit le 100 bliain anuas”. Tá an togra fós ar bun ag Ní Néill agus labhróidh sí faoin bpróiseas leanúnach.

Is faoi dhá thogra éagsúla a labhróidh Nuala Ní Fhlathúin. Ceann amháin a rinne sí in oirthear na Gaillimhe agus ceann eile in iarthar na Gaillimhe. Chaith sí mí in iarGhaeltacht na Gaillimhe ag labhairt le muintir an háite a bhfuil an teanga fós acu ach a labhraíonn Béarla mar theanga phobail. Tá an taispeántais ealaíne atá bunaithe ar na hagallaimh sin le hoscailt amárach.

Beidh Diarmuid de Faoite ag caint faoin obair ar thug sé fúithi le linn na bliana. Bhí dlúthbhaint ag de Faoite le comóradh an Éirí Amach i gContae agus i gCathair na Gaillimhe agus labhróidh sé faoi na tograí éagsúla a raibh baint aige leo. Thug de Faoite a dhráma faoi Phádraic Ó Conaire, Gaillimheach a raibh baint aige le gluaiseacht na Poblachta aimsir an Éirí Amach, ar camchuairt arís i mbliana agus tá leagan Béarla den leabhar cáiliúil Seacht mBua an Éirí Amach scríofa aige le deireanas.

Is ealaíontóir físe é Eoin Mac Lochlainn, a rinne scannán faoin bPiarsach a teilgeadh ar bhinn Theach an Phiarsaigh mar chuid de Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc níos luaithe i mbliana.

Beidh deis ag an lucht féachana ceist a chur ar na healaíontóirí faoina saothar agus faoi théama na Parlaiminte nuair a bheidh a gcuid cainte déanta ag na healaíontóirí.

Reáchtáladh an chéad Pharlaimint ag Oireachtas na Samhna 2015 in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath agus tá sí á reáchtáil arís i mbliana ag an eagraíocht mar chuid den chlár Éire 2016.