Páras – sléacht 2015 agus sléacht 1961

Chónaigh Mícheál Ó hAodha i gceantar Arabach i bPáras fiche bliain d’fhéadfá an teannas cultúrtha sa chathair a bhraith an uair sin chomh maith

 

loadimg.php
Fógra a bhí le léamh ar Dhroichead Saint-Michel i 1961: Ici onnoie les Algériers (Báitear Ailgéirigh anseo)

 

Deirtear gur theith beagnach 250,000 Coirdíneach ón tSiria agus ón Iaráic le míonna beaga anuas, cuid mhór acu ag lorg dídine sa Tuirc. 250,000 duine? Sin ceathrú milliún. Samhlaigh é. Samhlaigh  an oiread  sin teifeach ag teacht go Baile Átha Cliath ó Shasana mar shampla. Samhlaigh an cruachás a mbeidís ann.

Samhlaigh na fadhbanna a bheadh againne. Nílimid in ann fadhb na ndaoine atá cheana féin gan dídean a réiteach gan trácht ar 250,000 teifeach a bheith sa mhullach orainn. Agus níl san fhigiúr sin ach na Coirdínigh amháin. Tá mionlaigh go leor eile sa Mheán Oirthear a bhfuil eagla an domhain orthu roimh shléacht bharbartha ISIS agus a thabharfadh aghaidh ar an Iarthar amárach dá mbeadh deis éalaithe acu.

Thug an Pápa Proinsias turas tábhachtach ar an Tuirc roimh an Nollaig. Tá daonra mór Moslamach sa Tuirc (74 milliúin duine). Droichead tábhachtach cultúrtha agus sóisialta idir an tIarthar agus an tOirthear is ea an Tuirc.

Ar mhaithe le tuilleadh idirbheartaíochta agus comhphlé idir mór-reiligiúin an Mhéanoirthir a bhí an Pápa ann, go háirithe idirbheartaíocht idir Moslamaigh agus mionlaigh eile na tíre sin, Críostaithe san áireamh. Is cinnte go raibh an borradh atá tagtha faoi ISIS agus an ghéarleanúint fhorleathan atá á déanamh ar Ghiúdaigh, ar Chríostaithe agus ar go leor mionlach eile fud fad an Mheánoirthir agus na hAfraice ar bharr chlár na gcainteanna sin freisin.

Bhí cainteanna ag an bPápa le ceannairí polaitiúla agus spioradálta na Tuirce. Dar ndóigh, ní gné nua de shaol na taidhleoireachta go mbeadh Caitlicigh agus Críostaithe eile, na hAnglacánaigh ina measc, i mbun plé fealsúnachta is cultúrtha leis na Moslamaigh, na Giúdaigh agus grúpaí eile nach iad.

Tá a leithéid ag tarlú go rialta (gach cúpla mí beagnach) sa Vatacáin le ceathracha bliain anuas. Tar éis na cuairte, áfach, léirigh Jean-Louis Tauran, Cairdinéal Francach agus duine de na ceannairí is sinsearaí san Eaglais Chaitliceach, roinnt tuairimí suimiúla, tuairimí a bhfuil cuma na fáistine orthu anois, tar éis shléacht Pháras.

Ag labhairt dó ar na deacrachtaí a bhaineann le hidirphlé idir mór-reiligiúin an domhain a bhí Tuaran agus bunaithe ar na cainteanna a bhí aige lena chomhghleacaithe spioradálta Moslamacha, dúirt sé: “An fhadhb ná go bhfuil croí Ioslam á chur as a riocht. Níl ciall ná réasún leis an rud atá ar siúl ag na hantoiscigh … “

Caithfear béim a chur ar luach na beatha, arsa an Cairdinéal, ar dhínit an duine, ar an mbeatha agus ar an tsíocháin.

Ar shlí, ba thairngeartach é focal sin Tauran. Ar na ceisteanna is coitianta a ardaítear sna meáin tar éis shléacht na Fraince, ba iad Cén fáth? Cad dó? Cén chiall atá leis seo go léir…? Dála cúrsaí oideachais, áfach, is go mall a tharlaíonn idirphlé cultúrtha agus is go mall leis a fhásann tuiscint daoine dá chéile.

Má chaith tú tamall i bPáras i d’ógfhear duit, is cuma cá rachaidh tú ina dhiaidh sin, fanfaidh Páras leat. Hemingway a dúirt. Mar a tharlaíonn, bhí mé féin agus Éireannach óg eile ag cur fúinn in aontíos le cúpla leaid eile ón Mhagraib (Maracó agus an Ailgéir) i bPáras blianta ó shin.

I mbruachbhaile sách dearóil ar imeall na cathrach a bhíomar lonnaithe, toisc lóistín i lár na cathrach a bheith chomh daor ag an am (na 1980í déanacha).

B’in tréimhse a raibh an dífhostaíocht agus an imirce chomh hard sin in Éirinn agus a bhí i gcuid de na tíortha a raibh na himircigh Arabacha tar éis slán a fhágáil leo.

Seachas an difríocht mhór chultúrtha a bhí eadrainn toisc go mba Mhoslamaigh iad sin agus Caitlicigh muidne, agus go mba phobal ann féin iad na hArabaigh i leith cúrsaí sóisialta formhór an ama, réitíomar go seoigh lena chéile. (Mar shampla den difríocht a bhí eadrainn, níor tharla sé riamh go mbeadh aon duine againne nár de shliocht na nArabach sinn ag siúl amach le cailín Arabach ná ag bualadh leo ag cóisir ná ag ól ina dteannta.)

Gné thábhachtach den mhuintearas eadrainn, dála mhórán daoine óga fud fad na cruinne, ab ea cúrsaí ceoil. B’aoibhinn leis na fir Arabacha teacht chuig seisiún ceoil Ghaelaigh agus b’aoibhinn linne éisteacht leis na ceoltóirí de bhunús na dtíortha sin a sheinn an rai spleodrach.

Ag éisteacht leis an rai den chéad uair duit, bhraithfeá gur ag éisteacht leis an sean-nós s’againne a bhí tú ach amháin go raibh luas móide tionlacan curtha leis.

Ach bhí gné amháin eile den saol sin nach ndéanfaidh mé dearmad air go deo agus b’in an teannas ceilte sin a bhraith tú idir na Francaigh agus na himircigh Arabacha nuair a bhí tú ag taisteal chun na hoibre ar an Metro agus ar an traein ón mbruachbhaile go lár an cathrach – an RER mar a thugtar air.

Fiú ag an tréimhse sin, os cionn fiche bliain ó shin, bhraithfeá go mba bhosca spoinc í an chathair sin, agus go bhféadfadh an teannas folaithe sin cur thar maoil nóiméad ar bith.

Muidne na Gaeil, bhíomar in ann ligean orainn go mba Fhrancaigh muid agus bhí sé i bhfad níos éasca dúinne muid féin a fhí isteach leis an gcosmhuintir.

Níorbh amhlaidh an scéal dár gcairde Arabacha, áfach.

Bhítí ag faire go haisteach orthu, go háirithe má bhí an tArabach dea-ghléasta agus an chuma air go raibh jab maith aige. Níor ghá faic a rá. Ba leor an fhéachaint mhailíseach sin.

Aisteach le rá, sular tháinig na hArabaigh go Páras, agus mar a mhínigh seanbhean rialta liom a d’oibrigh le dílleachtaí ón gcogadh idir an Fhrainc agus an Ailgéir, is iad na Críostaithe (sagairt agus mná rialta) a d’fhulaing an spídiúlacht  go minic ar an metro, ar na busanna nó in ionaid phoiblí eile.

Is minic a chaithfí seile leis na mná rialta agus mar sin de; ba shean-naimhdeas é sin a d’eascair ó ré i bhfad níos faide siar – Réabhlóid na Fraince, creid é nó ná creid! Is bocht an scéal é, ach is léir nach dtagann maolú ar mhioscais agus ar bhrúidiúlacht an duine is cuma cén tréimhse staire atá i gceist.

Ar na gnéithe is tragóidí faoinar thit amach sa Fhrainc i mbliana is ea go mba Francaigh óga a rinne na dúnmharuithe, saoránaigh óga a rugadh agus a tógadh sa Fhrainc.  Thairis sin, bhain na dúnmharfóirí óga sin leis an gcéad ghlúin eile, an ghlúin a maireann sa ré “bheag” dhomhandaithe seo, ré an iolrachais. Más fíor.

Mo pháistí féin, freastalaíonn siad ar scoil áitiúil anseo i gcathair Luimnigh a bhfuil idir Mhoslamaigh, Chaitlicigh, Phrotastúnaigh agus Rúisigh Cheartchreidmheacha in aon rang leo. Sea, ach níor chaitheamarna Ailgéirigh in abhainn na Sionainne. Sa bhliain 1961 tharla sléacht eile i bPáras. Bhí an fógra seo le léamh ar Dhroichead Saint-Michel: Ici onnoie les Algériers: Báitear Ailgéirigh anseo.

 

Fág freagra ar 'Páras – sléacht 2015 agus sléacht 1961'

  • Eoin Ó Cróinín

    Alt suimiúil ach ní thuigim cén fáth a bhfuil tú ag díriú ar dhroch-chás na Moslamach agus nach ndéanann tú trácht ar bith don dream neamh-chiontach a fuair bás sa sléacht. Ar bhealach aisteach is cosúil go bhfuil tú ag lorg leithscéil do na dúnmharfóirí, ag tabhairt le fios gurb é droch-chás na Moslamach sa Fhrainc is cúis don fhoiréigean.

    Ná lorgaímis leithscéalta do na dúnmharfóirí seo. Cén bhaint atá ag sléacht 1961 leis an scéal?

    I ndiaidh ionsaithe de chuid an IRA ar shaoránaigh Shasanacha an é a deir tú: ‘bhuel, ná déanaimis dearmad faoin gcaoi ar chaith na Sasanaigh leis na hÉireannaigh tráth dá raibh?’ Ná lorgaímis leithscéalta do lucht na sceimhlitheoireachta

    Dar liom go gcaithfimid cluas a thabhairt do na dúnmharfóirí féin – cén chúis a thugadar féin don dúnmharú? Bhí an bheirt deartháir ag iarraidh díoltas a bhaint amach do Allah mar gheall ar an ‘maslú’ a rinne lucht Charlie Hebdo ar Muhammad. ‘Allahu Akbar!’ (tá Dia níos fearr) an rud a bhí á bheicíl acu ar ionad an tsléachta agus ar imeacht dóibh scread duine acu go raibh ‘díoltas bainte amach acu ar son Allah’. Agus is léir cén chúis a bhí ag an dúnmharfóir sa siopa Kosher – fuath do na Giúdaigh, rud atá forleathan sa domhan Ioslámach.

    B’fhéidir go bhfuil an ceart agat nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag an bpobal Moslamach i sochaí na Fraince, ach b’fhearr foinse níos fearr a fháil mar fhianaise air sin ná an taithí a bhí agat ar an RER tríocha bliain ó shin.