Paraimíleatach istoíche – oibrí pobail sa lá

Moladh i dtuairisc oifigiúil nár mhór do na póilíní éirí as an teagmháil le paraimíleataigh mar gur neartaigh agus gur bhuanaigh sin struchtúir pharaimíleata

An tAire Dlí agus Cirt i dTuaisceart Eireann, Claire Sugden agus Ardchonstábla an PSNI George Hamilton
An tAire Dlí agus Cirt i dTuaisceart Eireann, Claire Sugden agus Ardchonstábla an PSNI George Hamilton

Dá ndéarfaí leat go mbeadh póilíní i mbun idirbheartaíochta le daoine a eagraíonn círéibeacha shílfeá go raibh an té a bhí ag caint ag bréagadóireacht nó díchéillí. Bheadh dul amú ort fad is a bhaineann leis an PSNI. Is minic gnáthdhaoine ag casaoid faoi nós an PSNI a dhul “i gcomhairle” le dílseoirí faoi léirsithe, bratacha agus paráidí conspóideacha. D’aontaigh bord a bhunaigh Státrúnaí na Breataine leis an gcasaoid sin.

Baintear an bonn d’fhorlámhas an dlí nuair a bhíonn póilíní ag dul i gcomhairle faoi shíocháin ar an tsráid le ‘oibrí pobail’ gur paraimíleatach é istoíche, a dúirt duine d’údair tuarascáil a foilsíodh i Stormont. Mhol an tuairisc oifigiúil nár mhór do na póilíní éirí as an teagmháil le paraimíleataigh mar gur neartaigh agus gur bhuanaigh sé sin struchtúir pharaimíleata. Mheas a lán go raibh sé thar am ag na húdaráis deireadh a chur leis an nós.

Grúpa a bunaíodh nuair a tháinig Stormont agus an dá rialtas ar an Tús Nua ag deireadh na bliana seo caite a rinne an tuarascáil. Ba é a ngnó moltaí a dhéanamh faoi conas deireadh a chur le paraimíleatachas. I bhfianaise dhúnmharú Jock Davison agus Kevin McGuigan i mBéal Feirste anuraidh agus an chonspóid a d’eascair as na coireanna sin faoin IRA Sealadach a bheith gníomhach chinn na húdaráis go raibh gá le plean chun scor na n-eagraíochtaí paraimíleata a chinntiú.

Ba iad na hiarpholaiteoirí, an Tiarna John Alderdice agus Monica McWilliams agus an dlíodóir John McBurney an grúpa a cuireadh i mbun an chúraim. Sheol an Chéad agus an Leas Chéad Aire, Arlene Foster agus Martin McGuinness, i gcomhar leis an Aire Cirt, Claire Sugden an tuairisc le déanaí agus gheall go bhfoilseoidís scéim a bheadh bunaithe ar na moltaí. Ní bheadh paraimíleatach ar bith in ann éalú ón dlí nuair a chuirfí na moltaí i bhfeidhm, a dúirt Arlene Foster.

Díol suntais é nach ndearna na saineolaithe ach aon tagairt amháin don IRA Sealadach cé gurbh í an chonspóid faoin eagraíocht sin anuraidh ceann de na cúiseanna gur cuireadh i mbun oibre iad. Níor chomhoibrigh easaontóirí poblachtacha leis an ngrúpa. Dhírigh an-chuid de na moltaí ar fhadhbanna a bhaineann le dílseoirí. Chinn siad nach raibh na príomhghrúpaí i mbun foréigin ar bhonn polaitiúil ach chonacthas dóibh nár mhian le baill glacadh leis go raibh a n-eagraíochtaí scortha mar gur ‘lagú ar a bhfearúlacht’ a bheadh ansin.

4/2/2010 Police Service of Norther Ireland Dunmurry Station. Pictured is the PSNI (Police Service of Northern Ireland) station in Dunmurry outside of Belfast. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Moladh gur cheart don dá rialtas scéim díchoimisiúnaithe nua a bhunú le haghaidh díchur na n-arm nár tugadh suas cheana nó airm a fuarthas ó cuireadh clabhsúr ar dhí-armáil De Chastelain. Moladh chomh maith scéimeanna tacaíochta d’(iar)pharaimíleataigh chun oiliúint agus obair a fháil. Thairis sin moladh feachtas láidir in aghaidh na coiriúlachta, bhí an painéal den bharúil gur gnáthchoiriúlacht faoi lipéad paraimíleata atá ar siúl.

Leagadh béim láidir ar chultúr a chothú ina mbeadh lántacaíocht ag an dlí. Is sa chomhthéacs sin a cheistigh an grúpa cur chuige an PSNI. Ghlac an painéal leis go bhféadfadh cúis straitéiseach a bheith ag an PSNI le hidirbheartaíocht a dhéanamh le ‘cinnirí’ áitiúla le linn aighnis. Go minic is daoine céimiúla in eagraíochtaí paraimíleata iad na cinnirí sin – daoine a dtugtar oibrithe pobail ar chuid acu. “Ní féidir le sochaí dhaonlathach, dleathach ligean don teagmháil sin idir an stát agus eagraíochtaí mídhleathacha a bheith mar norm buan,” arsa na saineolaithe. D’admhaigh siad go raibh an teaictic éifeachtach in amanna agus nach bhféadfaí athrú ar an toirt ach mhol siad go ndíreodh Stormont, an PSNI agus Bord na bPóilíní ar phleanáil chun malairt slí a fháil le déileáil le himeachtaí conspóideacha.

Feicfimid céard a dhéanfaidh an DUP agus Sinn Féin leis na moltaí sa tuarascáil. An mbeidh siad in ann aontú le chéile chun plean téagartha a chur le chéile? Cén ról a bheidh ag Claire Sugden, an tAire Cirt sa scéal? B’fhiú go mór dóibh éisteacht leis na hagallaimh raidió a rinne an dlíodóir ar an bpainéal, John McBurney. Eisean a dúirt go gcuirtear feidhmiú an dlí as a riocht nuair a théann póilíní i muinín treorach ó oibrí pobail a ghníomhaíonn mar pharaimíleatach istoíche. Ba cheart éisteacht leis.

Fág freagra ar 'Paraimíleatach istoíche – oibrí pobail sa lá'