Páirtí an Lucht Oibre ag éirí níos muiníní astu féin…

Tá lucht an pháirtí ar a míle dícheall á gcur féin chun cinn mar ‘madraí faire’ a choinneoidh súil ghéar ar Fhine Gael…

Comhdháil Pháirtí an Lucht Oibre 2016 Pictiúr: RollingNews.ie
Comhdháil Pháirtí an Lucht Oibre 2016 Pictiúr: RollingNews.ie

Tuigeann aon duine a bhfuil cónaí orthu ar chósta thiar na hÉireann go maith céard é gála ach tuigeann siad freisin go lagaíonn an ghaoth sa deireadh agus go mbíonn suaimhneas ann.

Ní mheasfainn gur suaimhneas an chéad fhocal a ritheadh le hionadaithe Pháirtí an Lucht Oibre ar na saolta seo. Níl ach fíor-bheagán dá gcuid suíochán gur féidir a rá fúthu go bhfuil siad sábháilte – go deimhin tá an Tánaiste Joan Burton, ceannaire an pháirtí i mbaol a suíochán féin a chailleadh. Tá roinnt dá gcuid Airí Rialtais – leithéidí AlexWhite faoi bhrú freisin.

Ní gan chúis, mar sin, atá lucht an pháirtí ar a míle dícheall á gcur féin chun cinn mar ‘madraí faire’ a choinneoidh súil ghéar ar Fhine Gael. Ní lagmhisneach agus ceann faoi a bhí ar na toscairí ag comhdháil an pháirtí ag an deireadh seachtaine; bhí siad lán le muinín agus iad ar fad i mbun cosanta ar an méid a d’éirigh leo a bhaint amach agus iad mar pháirtí sóisearach ag bord an Rialtais. Le teann faitís go mbeadh cathú ar Fhine Gael droim láimhe a thabhairt leo nuair a bheidh na vótaí istigh, tá siad ag meabhrú dúinn go bhfuil an baol ann i gcónaí go bhfillfidh Fine Gael ar a ndúchas.

Beagán le cois seachtain ó shin, thug an tAire Caiteachais Poiblí Brendan Howlin foláireamh dúinn go bhfuil claonadh i bhFine Gael a bheith ‘coimeádach’ agus go ndíreoidh siad ar sheirbhísí poiblí a chiorrú ceal maoirseacht an Lucht Oibre. Mar chuid den chluiche cleamhnais, tá béim bhreise á cur ag Fine Gael ar chaighdeán na seirbhísí poiblí le seachtain nó dhó anuas.

Tá siad diongbháilte i bPáirtí an Lucht Oibre maidir lena gcuid iarrachtaí a chur ina luí orainn gurb iadsan agus iadsan amháin a chinntigh gur tugadh cosaint do rátaí leasa shóisialaigh le cúig bliana anuas agus iad bródúil go deimhin as an méid tionchair a bhí acu ar pholasaithe oideachais agus ar an gclár tógála scoileanna. 

Is mar gheall ar thionchar an Lucht Oibre ar an rialtas a reáchtáladh an Reifreann ar chomhionannas pósta. Níl amhras ar bith faoi sin agus gheall an Tánaiste go sonrach ag an deireadh seachtaine go mbeidh reifreann ann faoin nginmhilleadh má bhíonn an Lucht Oibre ar ais ag bord an rialtais. Mar a fuair Fine Gael amach le linn tréimhse an Rialtais seo, tá ceist an ghinmhillte sách achrannach dóibh mar pháirtí ach tá geallúintí tugtha ag an Taoiseach cheana faoi choinbhinsiún a bhunú chun an t-ábhar a phlé.  Ó thaobh an Lucht Oibre de, tá iarracht shoiléir á déanamh acu vótóirí liobrálacha meán aicmeacha a mhealladh nó a choinneáil.

Is amhlaidh an scéal leis an bplean cánach a d’fhógair an páirtí díreach roimh an gcomhdháil ag an deireadh seachtaine. Iarracht a bhí anseo breith ar an gcuid sin den mheán aicme a mbíodh bá acu leis an eite chlé sular thosaigh siad ag saothrú an iomarca. Tá fearg i measc an lucht oibre a vótáil don pháirtí cúig bliana ó shin agus an fearg sin follasach in áiteanna go leor sna cathracha go háirithe. Tá na daoine seo míshásta faoi nithe ar nós táillí uisce, cáin mhaoine agus an costas a bhaineann le cúram leanaí. Tá neart roghanna ag na daoine seo san olltoghchán agus an oiread sin dreamanna agus páirtithe ann atá níos faide amach ar an eite chlé, agus is cuma cén clamhsán a dhéanann an Lucht Oibre ní féidir a shéanadh gur loic siad ar gheallúintí  go leor a rinne siad in  2011.

Mar seo atá mar sin – tá Páirtí an Lucht Oibre ag téarnamh sna pobalbhreitheanna agus seans ann go mbeidh níos mo suíochán acu ná mar a ceapadh bliain ó shin nó fiú coicís ó shin. An fhadhb is mó ná go mbeidh siad féin agus Fine Gael ag fiach ar na suíocháin chéanna in go leor dáilcheantair. Ciallaíonn sé sin go mbeidh na sceana dá bhfeannadh acu in aghaidh a chéile as seo go ceann trí seachtaine no mar sin.

79 suíochán a bheidh ag teastáil chun rialtas a bhunú agus ní chreideann aon tráchtaire go mbeidh sin ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Bheidís ag brath ar neamhspleáigh agus dúirt an Tánaiste nach mbeadh aon bhaint acu le Michael Lowry. Dúirt an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin an rud céanna liom féin ar an Satharn, ach cá bhfios nuair a bheidh an scéal ar fad thart?

Tá daoine ag éirí níos muiníní astu féin agus as staid na tíre arís.  Tá beagán scátha ar dhaoine i gcónaí freisin agus tá sé i gceist ag na polaiteoirí teacht i dtír ar an imní sin. Is í sin an deis is mó atá ag Páirtí an Lucht Oibre ar dhul ar ais i rialtas le Fine Gael – an imní atá ar dhaoine go dtitfidh an tóin as cúrsaí arís. Thaitneodh liom focal comhairle a chur orthu – tá cuma na maitheasa ar an scéal faoi láthair ach ná bíodh amhras dá laghad orthu ach go gcaithfear ar leataobh iad mura n-éiríonn leis an straitéis atá faoi láthair.

Clár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'Páirtí an Lucht Oibre ag éirí níos muiníní astu féin…'

  • padraig

    madraí a alpann a n-urlacan féin

  • padraig

    Geallúintí a thug ‘P. an L.Oibre Mar Dhea’ maidir leis na nithe seo leanas:
    Gan iad seo a mhéadú:
    cáin mhótair
    DIRT (cáin choinneála ar ús taisce)
    cáin fíona
    táillí tríú leibhéal
    D’ardaigh said an uile cheann acu.
    Gheall said gan sochar linbh a ghearradh.
    Gearradh.
    Dúirt said ;
    Níl ‘Páirtí an Lucht Oibre Mar Dhea’ i bhfábhar tállí uisce a fhorchur’.
    Cúis ghoil chugainn!
    Cuirimís na bréagadóírí sin in ainm phoillíní an diabhail!