Páirceanna na Gaeltachta i measc na bpáirceanna CLG is áille in Éirinn i leabhar atá le foilsiú

Tá Paul Carroll ag iarraidh airgead a bhailiú chun leabhar a fhoilsiú ina mbeidh pictiúir de na páirceanna CLG is áille in Éirinn, togra a bhfuil seacht mbliana caite aige ag obair air

Páirceanna na Gaeltachta i measc na bpáirceanna CLG is áille in Éirinn i leabhar atá le foilsiú

Páirc Inis Toirc, Co. Mhaigh Eo. Pictiúr le Paul Carroll.

Tá seacht mbliana caite ag grianghrafadóir as Corcaigh ag taisteal timpeall na hÉireann ag tógáil pictiúr de pháirceanna CLG na tíre agus é anois ag iarraidh leabhar a dhéanamh as a shaothar.

Is ag rothaíocht timpeall na tíre chun airgead a bhailiú do sheirbhísí meabhairshláinte a bhí Paul Carroll in 2009 nuair a shocraigh sé tabhairt faoin togra.

“Nuair a bhí mé sna fichidí déanacha, bhraith mé nach raibh mé ach ag cur ama amú, gan agam ach ag fanacht ar na deirí seachtaine chun dul amach. Bhí mé ag iarraidh go dtabharfadh an togra beagán treorach dom,” a deir Paul. “Níor thiomáin mé riamh in Éirinn roimhe sin ach cheannaigh mé carr agus ar aghaidh liom!”

Fuair sé an smaoineamh tar éis dó leabhar an ghrianghrafadóra, Hans van der Meer, a fheiceáil. Thaistil in tÍsiltíreach sin timpeall na hEorpa ag glacadh pictiúr de chluichí sacair i sraitheanna áitiúla. Bhí Paul ag iarraidh a chuid féin a dhéanamh den smaoineamh sin agus shocraigh sé díriú ar pháirceanna CLG na hÉireann.

“Tá tábhacht ar leith ag CLG i bpobal na hÉireann. D’imir mé féin do mo chumann dúchais, Maigh Rua i gContae Luimnigh, nuair a bhí mé óg agus bhí mé ag iarraidh an nasc sin idir na daoine agus an CLG a thaispeáint.”

Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo. Pictiúr le Paul Carroll.
Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo. Pictiúr le Paul Carroll.

Agus é ag taisteal timpeall na tíre, deir Paul go raibh páirceanna na Gaeltachta ar chuid de na cinn is mó a chuaigh i bhfeidhm air.

“Is go Inis Toirc a chuaigh mé don chéad turas den togra agus bhí sé sin dochreidte ar fad, mar is léir ón phictiúr. Níl ach thart ar 34 duine ar an oileán, is ar éigean go mbeadh siad in ann cluiche a imirt eatarthu, mná agus gasúir san áireamh! Fós féin, bhí siad ag iarraidh a bpáirc féin agus thochail siad páirc amach as an gcnoc chun go mbeadh sí acu.

“Bhí Ciarraí agus iarthar Dhún na nGall dochreidte chomh maith ó thaobh radharcanna áille. É sin ráite, chuaigh mé chuig ceantair uirbeacha chomh maith agus bhí sé sin an-suimiúil. Mar shampla, chuaigh mé chuig Coill an Chollaigh agus bhí monarcha díreach in aice na páirce. Bhí tú in ann loiní ó na hinnill a chloisteáil agus an cluiche ar siúl, cheap mé go raibh sé sin iontach.”

Leitir Mac an Bhaird, Co. Dhún na nGall. Pictiúr le Paul Carroll.
Leitir Mac an Bhaird, Co. Dhún na nGall. Pictiúr le Paul Carroll.

Agus cuairt tugtha aige ar os cionn 100 páirc timpeall na tíre agus thart ar 50,000 grianghraf tógtha aige, deir Paul gurbh é an rud is deacra ná rogha a dhéanamh don leabhar. “Tá sé ar nós go mbeadh orm na gasúir is fearr liom a roghnú,” a deir sé. “Tá pictiúir tógtha agam agus cheapfá ag an am go mbeadh siad cinnte sa leabhar ach anois, ní bheadh a fhios agat.”

Tá sé tábhachtach do Paul chomh maith go n-inseodh an leabhar scéal. “Insíonn na pictiúir scéal an tséasúir CLG. Tosaíonn sé leis na hoícheanta dorcha mhí Feabhra agus téann sé ar aghaidh chomh fada le laethanta fada, geala an tsamhraidh. Leanann an leabhar scéal an chluiche chomh maith, tosaíonn sé amach leis na hullmhúcháin agus an liathróid á caitheamh isteach agus leanann sé ar aghaidh leis an gcéad leath, an dara leath agus mar sin de.”

Chomh maith leis na pictiúir, tá Paul ag iarraidh smaointe agus cuimhní an phobail ar CLG agus an tábhacht atá ag baint leis a chur in iúl.

“Tá mé ag iarraidh scéalta na ngnáthdhaoine a chur ann, cúpla líne faoin tábhacht atá le CLG agus an pháirc agus an cumann áitiúil dóibhsean. Dá mbeadh daoine ag iarraidh é sin a dhéanamh as Gaeilge agus é a chur isteach, chuirfeadh mé fáilte agus céad roimhe sin, chuirfeadh sé go mór leis an leabhar.”

Is féidir dul i dteagmháil le Paul anseo má tá suim ag aon duine a gcuid scéalta a roinnt.

Both Faoináin, Co. Mhaigh Eo. Pictiúr le Paul Carroll.
Both Faoináin, Co. Mhaigh Eo. Pictiúr le Paul Carroll.

feachtas Kickstarter anois ar bun ag Paul chun an t-airgead leis an leabhar a fhoilsiú a bhailiú.

Tá beagán os cionn €10,000 ag teastáil uaidh chun an leabhar a chur amach agus cé go bhfuil níos mó ná €4,000 bailithe aige, tá píosa fós le dul aige. Iadsan a thugann tacaíocht don Kickstarter, gheobhaidh siad cóip den leabhar. Má thugann duine €15, gheobhaidh siad cóip ar PDF agus cóip chrua atá ar fáil ach €30 a dheonú. Tá tabhartais eile ar fáil d’aon duine a íocann níos mó airgid.

Mura n-éiríonn le Paul an t-airgead a bhailiú roimh an Aoine, 2 Meán Fómhair, ní bhainfear aon phingin uathu siúd a thug airgead don Kickstarter, ach ní fhoilseofar an leabhar.

Fág freagra ar 'Páirceanna na Gaeltachta i measc na bpáirceanna CLG is áille in Éirinn i leabhar atá le foilsiú'