Páipéar 2 na Gaeilge inniu dúshlánach go maith

Má bhí na roghanna ar Pháipéar 1 na Gaeilge inné simplí agus indéanta a mhalairt a bhí i gceist inniu le Páipéar 2

Pictiúr: /RollingNews.ie
Pictiúr: /RollingNews.ie

Más í an réchúis an tréith is suntasaí faoi Pháipéar 1 is a mhalairt a bhí i gceist le Páipéar 2 le dhá léamhthuiscint mar aon le trí cheist próis/litríochta le déanamh in achar trí huaire an chloig agus 5 nóiméad.

Ba í tuar na coitiantachta go raibh an-seans go mbeadh an dán Géibheann le Caitlín Maude agus an gearrscéal An Gnáthrud le Deirdre Ní Ghrianna ar an bpáipéar óir gurb iad na haon saothair litríochta éigeantacha nár cuireadh faoi scrúdú ó tháinig an struchtúr nua i bhfeidhm in 2012.

Ní mar a tuaradh a bhí, áfach mar gurb iad An tEarrach Thiar le Máirtín Ó Direáin agus an scéal béaloidis Oisín i dTír na nÓg a bhí os comhair na scoláirí nuair a d’osclaíodar an páipéar ag a 9.30 maidin inniu. Bhí rogha inmheánach i gceist Oisín agus í achrannach go maith óir go measaim go bhfuil sé deacair go minic adhmad freagra a bhaint as an scéal béaloidis.

Téama, mothúcháin agus aidiachtaí a bhí le plé i saothar Uí Dhireáin.

Rogha fhairsing sa rannóg dheireanach den pháipéar; An Litríocht Bhreise.  Ceist dhíreach, indéanta a bhí ann faoin dráma An Triail, cé gur deineadh scéal mhadra na n-ocht gcos de leis an bhfoclaíocht. Ceist ar óige Mhaidhc Dainín a bhí le hionramháil acu sin a thug faoi A Thig ná Tit Orm.

Sciar maith marcanna ag dul don dá léamhthuiscint. Ceann acu bunaithe ar na cluichí Oilimpeacha agus ceann eile ar an athrú aeráide; dhá thopaic a d’fhéadfadh a bheith ullmhaithe ag scoláirí don aiste, agus níor cheart, dá réir, go mbeadh aon bharrthuisle bainte astu. An dá théacs inléite agus ní raibh aon cheann de na ceisteanna ródhúshlánach, fiú na ceisteanna ginearálta agus gramadaí atá mar chuid de cheist 6.

Tá sé tugtha faoi deara go bhfuiltear éirithe as an gcleachtas na léamhthuiscintí a bhaint as saothair fhoilsithe. Ag bun na n-alt anois deirtear linn go bhfuilid ‘Bunaithe ar fhoinsí éagsúla.’

Ba shliocht as leabhar le hAlex Hijmans in 2012 an babhta deireanach ar bunaíodh léamhthuiscint ar phíosa scríbhneoireachta a bhí foilsithe roimhe sin.

Fág freagra ar 'Páipéar 2 na Gaeilge inniu dúshlánach go maith'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Ardanailís, a Bhreandáin – ó thuaidh, mar a gcruachtar an mhóin!