Painéal faoi leith do mhúinteoirí le Gaeilge líofa molta i dTeach Laighean

Pléadh ag cruinniú den Choiste Oireachtais inné cúrsaí oideachais Gaeltachta le hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ó Ghaeloideachas i dTeach Laighean inné

Painéal faoi leith do mhúinteoirí le Gaeilge líofa molta i dTeach Laighean

Moladh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna inné go mbunófaí painéal faoi leith do mhúinteoirí a bheadh inniúil múineadh i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge.

Pléadh ag cruinniú den Choiste Oireachtais inné cúrsaí oideachais Gaeltachta le hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ó Ghaeloideachas i dTeach Laighean inné.

Agus an Polasaí Oideachais nua don Ghaeltacht á phlé, mhol urlabhraithe Fhoras na Gaeilge agus Ghaeloideachas gur ghá painéal de mhúinteoirí a bheadh líofa a ndóthain agus ábalta a ndóthain le gach ábhar a theagasc trí Ghaeilge. Bheadh rath an pholasaí ag brath ar an soláthar seo múinteoirí, a dúradh.

Thacaigh an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Ó Muineacháin le héileamh na n-eagraíochtaí.

Dúirt Anna Ní Chartúir leas-uachtarán Ghaeloideachas go raibh géarghá le tuismitheoirí a chur ar an eolas láithreach faoin bpolasaí nua ionas go mbeadh tuiscint acu ar thábhacht an tumoideachais sa pholasaí sin.

Dúirt sí go mbeadh sé “rómhall i Meán Fómhair 2017”, tráth a thiocfaidh an polasaí i bhfeidhm, a bheith ag iarraidh polasaí a thabhairt isteach “nach mbeadh glacadh ag tuismitheoirí leis”.

D’fháiltigh Ní Chartúir go mór roimh an bpolasaí ach bhí ceisteanna fós le freagairt, a dúirt sí, faoin Aonad Gaeltachta atá le bunú sa Roinn Oideachais agus faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an “réamhobair” atá riachtanach don pholasaí tosaithe cheana féin. Ba ghá tuilleadh sonraí a thabhairt faoi fhoireann an Aonaid agus na dualgais a bheidh orthu.

Dúirt Ní Chartúir chomh maith gur ghá costasú ceart a dhéanamh ar an maoiniú a bhainfeadh le cur i bhfeidhm an pholasaí amach anseo agus acmhainní a chur ar fáil dá réir. D’éiligh sí freisin go ndéanfaí sainmhíniú láithreach ar ról COGG i gcur i bhfeidhm an pholasaí agus go gcuirfí “áiseanna cearta” ar fáil don eagraíocht.

Dúirt leas-Uachtarán Ghaeloideachas nárbh leor a bhfuil sa pholasaí oideachais maidir le soláthar siollabais ar leith don chainteoir dúchais san iarbhunscoil. Ní leor, dar léi, tagairt don chúrsa nua don Teastas Sóisearach gan geallúint shoiléir a thabhairt faoi cad a thiocfadh ina dhiaidh don Ardteist.

Mhaígh Ní Chartúir go raibh siollabas dúshlánach Gaeilge dlite don chainteoir dúchais a bheadh chomh dúshlánach céanna le siollabas Béarla na hArdteiste.

Cháin sí chomh maith an lagan atá tagtha le tamall de bhlianta anuas ar an gcaighdeán Gaeilge a theastaíonn le háit a fháil i gcoláistí oiliúna.