Pádraig Schäler fillte abhaile breis agus dhá bhliain tar éis timpiste i Meiriceá

Fáilte abhaile curtha roimh an gcéimí Gaeilge a fágadh gan aithne gan urlabhra ar feadh breis agus dhá bhliain tar éis timpiste bóthair

 

craic

Tá Pádraig Schäler, an céimí Gaeilge a gortaíodh go dona i Meitheamh na bliana 2013 agus é i gCape Cod, fillte ar an bhfód dúchais sa deireadh agus lúcháir ar a chairde agus a mhuintir, cuid acu a thaifead an t-albam Amhrán Do Phádraig chun airgead a bhailiú dá chóir leighis.

Dé Luain a tháinig Pádraig i dtír i Ros Láir, mar a raibh cairde agus gaolta leis ag fanacht le fáilte abhaile a chur roimhe.

Gortaíodh Pádraig, 24 bliain d’aois, go dona beagán le cois dhá bhliain ó shin. Bhuail veain é agus é ag rothaíocht agus fágadh gan aithne gan urlabhra é ina dhiaidh. Shocraigh a mhuintir é a thabhairt sall go dtí an Ghearmáin, áit a raibh cóir leighis á cur air go dtí le gairid.

Ar víosa J1 a bhí Pádraig agus cúrsa céime díreach críochnaithe aige i gColáiste na Tríonóide, mar a ndearna sé staidéar ar an Stair agus an Ghaeilge.

Tá sé cláraithe anois le fanacht san Ospidéal Náisiúnta Athshlánaithe i nDún Laoghaire.

Nuair a gortaíodh Pádraig, tháinig cairde leis agus scata filí agus ceoltóirí le chéile chun cúpla amhrán a scríobh in ómós dó agus albam a chur le chéile. Ba é toradh an albaim sin gurbh fhéidir le muintir Phádraig síneadh a chur lena dteach. Is gearr go gcríochnófar an t-athchóiriú tí agus nuair a bheidh sé sin déanta, tabharfar Pádraig abhaile i gceart ansin.

Meascán de cheol rince, amhráin, agus dánta traidisiúnta agus nuachumtha i nGaeilge agus i mBéarla atá le cloisteáil ar an albam agus cuirfear an t-airgead a chaithfidh daoine ar a cheannach i dtreo chóir leighis Phádraig.

Is féidir an t-albam a cheannach ag amhrandophadraig.com.

De bharr an méid a tharla do Phádraig, tá i gceist ag a athair, Reinhard, ionad cúram do dhaoine ar bhain drochghortú intinne dóibh a oscailt amach anseo.

‘An Saol’ an t-ainm a bheidh air.

Fág freagra ar 'Pádraig Schäler fillte abhaile breis agus dhá bhliain tar éis timpiste i Meiriceá'