Pádraig Ó Méalóid, craoltóir ildánach RTÉ, ar shlí na fírinne

Bhásaigh Pádraig Ó Méalóid, as Camus Íochtair ó dhúchas, i mBaile Átha Cliath inné agus é 85 bliain d’aois. Chaith sé blianta fada ina léitheoir nuachta ar RTÉ

Pádraig Ó Méalóid, craoltóir ildánach RTÉ, ar shlí na fírinne

Tá Pádraig Ó Méalóid, a chaith blianta fada ina chraoltóir le seirbhísí teilifíse agus raidió RTÉ, tar éis bháis. Bhásaigh sé inné i dteach altranais Ashbury ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath agus é 85 bliain d’aois.

Thosaigh Ó Méalóid, arbh as Camus Íochtair i gConamara ó dhúchas é, ag obair le Raidió Éireann sa bhliain 1959 i stiúideo an stáisiúin ar Shráid Anraí.

D’oibrigh sé le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe agus bhí sé ina léitheoir nuachta i nGaeilge ar theilifís RTÉ i nDomhnach Broc.

Chaith sé blianta ag obair ar chláracha Gaeilge eile do RTÉ, ina measc an tsraith cháiliúil d’fhoghlaimeoirí na teanga Buntús Cainte. D’oibrigh sé freisin ar na cláracha Anois is Arís, Ceamara na Cruinne  agus Telefís Scoile.

Ba é a chuir i láthair an clár ceoil Ceiliúradh Ceoil ar RTÉ Radio One agus Fios Farraige ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, clár tráth na gceist a bhain le cúrsaí mara. Chaith sé seal ina aisteoir ar an sobalchlár Ros na Rún ar TG4 freisin.

Chomh maith leis an saothar sin ar fad, bhí sé ina cholúnaí nuachtán, údar, cumadóir ceoil, aistritheoir agus aisteoir stáitse.

Bhí Ciarán Lenoach, príomhfho-eagarthóir le Nuacht RTÉ, díreach tosaithe i seomra nuachta RTÉ i 1995 cúpla mí sular éirigh Ó Méalóid as. Dúirt sé le Tuairisc.ie gur “fear gnaíúil, suáilceach” a bhí ann a bhí “mór le chuile dhuine”.

“Nuair a thosaigh mé in RTÉ i 1995, ba é Pádraig a chuir in aithne mé do gach duine sa seomra nuachta. Ba é a thaispéain an córas dom agus a thug aire dom sna chéad mhíonna a bhí mé ann.

“Bhí suim mhór aige i gcúrsaí ceoil agus is cuimhneach liom go háirithe an cúnamh a thug sé dom tuairisc a chur i dtoll a chéile ar bhás Rory Gallagher i mí an Mheithimh an bhliain sin. Fear é a raibh am aige d’iriseoirí óga – fear foighdeach – mar tá a fhios ag an lá go raibh foighid ag teastáil,” a dúirt sé.

Bhásaigh a bhean chéile Clare in 2012. Maireann a chlann Seán, Pádraig, Caitríona, Máirtín, Mícheál agus Gráinne.

Beidh sé á thórramh i dteach tórraimh O’Donovan sa Naigín i mBaile Átha Cliath amárach óna 5 a chlog. Beidh aifreann na sochraide ar siúl i Séipéal Mhuire na Dea-Chomhairle i gCill Iníon Léinín ag 10.00am maidin Déardaoin.

Fág freagra ar 'Pádraig Ó Méalóid, craoltóir ildánach RTÉ, ar shlí na fírinne'

  • Iarla

    Múinteoir den scoth. Níor chleachtaigh sé an t-imeaglú ná an bhrúidiúlacht a bhí chomh coitianta i scoileanna na hÉireann. Thar aon rud eile, spreag sé an léitheoireacht.

  • Máire

    Laoch na Gaeilge imithe uainn arist ……………….mó bhrón