Pádraig Ó Fiannachta, duine de mhórscoláirí na hÉireann, imithe ar shlí na fírinne

Ba fhathach in iomaire an léinn, an aistriúcháin agus na foilsitheoireachta é an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, a rugadh i mBaile Móir gar do Bhaile an Daingin i 1927

 

1200
Pictiúir: portraidi.ie

Tá an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, duine de mhórscoláirí na Gaeilge agus na hÉireann imithe ar shlí na fírinne.

B’fhathach in iomaire an léinn, an aistriúcháin agus na foilsitheoireachta é an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, a rugadh i mBaile Móir gar do Bhaile an Daingin i 1927. Chaith sé a dhúthracht chomh maith leis an eagarthóireacht, an fhilíocht agus lena chúraimí mar shagart.

Ba é a bhí ar thosach cadhnaíochta ar aistriú an Bhíobla go Gaeilge, saothar a foilsíodh i 1981. D’aistrigh sé tuairim is leath de é féin ón mbunleagan Eabhraise agus Gréigise mar aon le heagarthóireacht a dhéanamh ar an leath eile. Ba é a d’aistrigh An Leabhar Aifrinn go Gaeilge chomh maith.

Bhí sé mar eagarthóir ar an iris An Sagart le breis agus 50 bliain agus ar Irisleabhar Mhaigh Nuad, an tréimhseachán ollscoile is sine in Éirinn i gceachtar den dá theanga, le breis agus daichead bliain.

Chaith sé ceithre bliana is tríocha ag obair in Ollscoil Mhá Nua ina dhiaidh sin. Ceapadh ina Ollamh le Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge é i 1962 agus nuair a d’éirigh sé as na cúraimí sin i 1982 ceapadh ina Ollamh le Nua-Ghaeilge é. Thug sé sé bliana chomh maith mar Dhéan ar Dhámh an Léinn Cheiltigh.

Ina theannta sin ar fad, bhí sé ina stiúrthóir deonach ar an gcomhlacht foilsitheoireachta An Sagart ó 1964, agus is liosta le háireamh iad na saothair atá foilsithe ag an gcomhlacht. Is mó scríbhneoir óg a chabhraigh sé leo teacht in inmhe chomh maith.

Bhí sé páirteach ar feadh na mblianta sa mheitheal a bhí ag obair ar Fhoclóir Gaeilge an Acadamh Ríoga, obair a tugadh chun críche i 1964. Tionscnamh mór eile a raibh sé páirteach ann ná clárú lámhscríbhinní Mhá Nuad agus lámhscríbhinní na Cléire ar fud na tíre.

B’fhear é a raibh neart teangacha ar a thoil aige: Breatnais, Gearmáinis, Seapáinis, Gréigis agus Eabhrais ina measc.

Ba é ba chionsiocair le bunú agus forás An Díseart sa Daingean agus tá cáil fhorleathan bainte amach ag an institiúid oideachas agus cultúr dúchais atá lonnaithe i gClochar na Toirbhearta ar an mbaile.

Mar is dual don Chiarraíoch bhí an-shuim sa chaid aige agus in agallamh leis an iris idirlín Beo.ie in 2003 mhaígh sé gurb é a dhíograis ar pháirc na himeartha ba chúis le droch-chic sa cheann a chuir tús le cliseadh néarógach nuair a bhí sé sna fichidí.  Cailleadh triúr dá dheartháireacha nuair a bhíodar óg agus gan ach dhá bhliain go leith ag duine acu nuair a d’éag sé. Bádh an bheirt deartháireacha eile leis agus iad amuigh ag iascaireacht, tragóidí a d’fhág, gan amhras, a rian air.

Bhí sé an-mhacánta leis faoin tslí a chaith an Eaglais leis.

Nuair a bhí sé ag iarraidh leanúint ar aghaidh le bheith ina shagart thug Easpag Dheoise Chiarraí an t-eiteach dó á rá: ‘Maynooth won’t have you and I won’t have you either’.

Sé bliana a chaith sé ina shagart sa Bhreatain Bheag, áit ar chaith sé seal mar scoláire roimhe sin. Dúirt sé féin riamh, agus aoibh an gháire air, gurbh é ‘ewch i garthu o’r moch’ (téir amach agus glan amach ós na muca) an chéad rud a dúradh leis an scoláire óg ó Iarthar Dhuibhneach.

D’éirigh sé as a chúraimí léinn i 1992 agus chaith sé sealanna mar shagart i mBaile Bhuirne agus Gleann Fleisce. I mí Feabhra 1993 d’fhill sé ar a fhód dúchais i gCorca Dhuibhne mar shagart paróiste an Daingin. D’éirigh sé as na cúraimí sin in 2007 agus an ceithre scór cnagtha aige

Bhí sé a i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair 2001 agus thug sé aghaidh ar an Lárionad Trádála Domhanda an mhaidin sin. Nuair a tháinig sé aníos as an subway chonaic sé an smúit agus na brící ar fad ó na túir ag titim.

I 2003, in agallamh raidió, bhain sé úsáid as an Laidin, an Ghaeilge agus an béaloideas, go leathmhagúil, le míniú cultúrtha agus teanga a thabhairt ar ráiteas cáiliúil conspóideach Pháidí Uí Shé faoi ‘ainmhithe’ Chiarraí.

Is mó gradam a bronnadh ar an Monsignor i rith a shaoil; Gradam Litríochta Dubhghlas de hÍde i 1969 agus an American Irish Historical Society’s Cultural Award in 2015 ina measc. Ina dteannta siúd, bhronn an Pápa gradam an Monsignor air cúpla bliain ó shin. Ó 1991 i leith bhí breis is 6,000 leabhar is ábhair eile bronnta aige ar Leabharlann an Daingin. I measc na leabhar a scríobh sé féin bhí Rúin, Deora Dé agus Léim an Dá Míle.

 

Fág freagra ar 'Pádraig Ó Fiannachta, duine de mhórscoláirí na hÉireann, imithe ar shlí na fírinne'

  • Fearn

    Ar dheis Dé go raibh a anam.

  • Concubhar

    In omós dár gcara agus iar Uachtarán, tá Dáimhscoil Mhúscraí á chur ar athló. Bhí sé le bheith ar siúl ar an Satharn, 16 Iúil. Tá Bard nua ag Fionn is na Fianna sna Flaithis inniu. Suaimhneas síoraí do agus solás dá mhuintir is dá cháirde.

  • Gabriel Rosenstock

    Go ndéana Dia a mhaith air.

  • Pol O Cearbhallain

    Fathach na Gaeilge agus oide cneasta tuisceanach a thainig i gcabhair orm go mion minic lena chomhairle fial le linn dom a bheith i Ma Nuad.
    Ni dheanfaidh me dearmad ariamh air.
    Suaimhneas siorai da anam uasal

  • Pól Ó Braoin

    Beidh a ainm in airde a fhad agus a mhairfeas an teanga s’againne. Fear a chuaigh go mór i bhfeidhm orm agus a bhfuil meas mór agam air. Go dtuga Dia áit na honóra i measc na nGael sna Flaithis don fhear uasal sin.

  • Cormac

    Cailliúint mhór an Monsignor a bheith ar lár. Fear breá lách; scoláire mór a bhí fial leana chuid eolais. Cinnte, ní beidh a leithéid arís ann. RIP.

  • Mícheál

    Scoláire den scoth a dhein a chroídhícheall ar son na teanga i gcónaí. Féith an ghrinn go smior ann agus file maith leis. Cailliúint mhór do shaol agus do litríocht na Gaeilge. D’fhág sé a mharc ar léann na hÉireann.