P.J. Qualter, purgadóir na sraithe agus ‘an chuimhne roghnach’

Má chastar duit Dé Domhnaigh é i bPáirc na nGael, taispeánfaidh ár gcolúnaí duit an áit go díreach a raibh sé ina sheasamh i 1975 ag an soicind sin a scóráladh an cúl a chinntigh go ndeachaigh Gaillimh chun cinn

P.J. Qualter, purgadóir na sraithe agus ‘an chuimhne roghnach’

Agus é ag cur síos ar an difríocht atá idir cluichí sraithe agus cluichí craoibhe Chumann Lúthchleas Gael, deir cara de mo chuid i gcónaí gur ionann an lucht féachana ag iomaíocht sraithe agus dream a bheadh i bPurgadóir. “Tá a fhios acu go bhféadfaidís a bheith ag caitheamh an ama ar bhealach a bheadh i bhfad níos measa, ach fós is mór idir é agus draíocht na háite eile, ina mbítear i gcónaí ar thairseach an aoibhnis,” dar leis.

Ina sheal a thagann gach rud de réir nádúir – athrú na haimsire, síneadh an lae, séasúir na bliana, an spórt fiú agus is cuma cé chomh fuar a bhíonn an Geimhreadh nó chomh fliuch agus a bhíonn an tEarrach, ní fada go mbíonn siad imithe as an gcuimhne má thagann dea-shamhradh.

Is amhlaidh do na Sraithchomórtais Náisiúnta agus na Craobhacha.

Níl teach ósta in Éirinn gan saoi a d’inseodh cén bhliain inar imríodh ‘Cluiche Ceannais Craoibhe na Toirní agus na Tintrí’ (1939), nó cé a bhuaigh boinn an Bhóthair Iarainn sa bpeil agus san iománaíocht an lá céanna (Des Foley, 1962). Ach fiafraigh de cé a bhuaigh an tSraith Náisiúnta Peile nó Iománaíochta trí bliana ó shin agus beidh sé ina staic.

Bheadh agus mise freisin, cé is moite d’aon cheann amháin – Sraith Iománaíochta 1974-75, a chríochnaigh agus foirne na Gaillimhe agus Thiobraid Árann in adharca a chéile ar Pháirc na nGael, mar atá ag tarlú inniu le ceann na bliana seo.

Ní bheifeá ag dul amú dá gceapfá gurb é bua na Gaillimhe a fhágann mo chuimhne chomh gléineach agus atá sí, ach cuir san áireamh chomh maith gurbh as an mbua sin a tháinig an comhartha nárbh aon ribíní réidhe feasta iad báireoirí mo chontae dúchais.

Ba é sin freisin an chéad uair a raibh aithne phearsanta agam ar fhormhór na foirne contae. Go dtáinig an bhliain roimhe sin, bhí Seosamh Mac Donncha, Niall McInerney agus Marty Barrett, go ndéana Dia maith orthu, in Ollscoil na Gaillimhe liom, mar a bhí Frank Burke. Duine againn féin ab ea John Connolly as an Trá Bháin agus tríothu siúd, chuir mé aithne ar an gcuid eile de na himreoirí agus a mbainisteoir séimh, suáilceach, MJ ‘Inky’ Flaherty.

Díreach mar atá faoi láthair, bhí Ranna 1A agus 1B sa tSraith Náisiúnta Iomána, a thosaigh an Domhnach deireanach de Mheán Fómhair 1974 agus ba sa roinn ab íochtaraí acu sin a bhí Gaillimh. Cill Dara, Laois, Uíbh Fhailí, Aontroim agus Cill Mhantáin a bhí ina dteannta. Níorbh aon ghaisce mór críochnú ar bharr an tábla ina measc siúd, cé nach raibh mórán meidhre orainn ag filleadh as Páirc an Dúgánaigh i mBéal Átha na Sluaighe sa mbabhta deireanach roimh Nollaig ’74 agus an bua faighte ag Uíbh Fhailí orainn, 2-3, 0-6. Gaillimh taobh le cúig chúilín P.J. Molloy agus an ceann a fuair Connolly.

Agus Aontroim, mar aon le Co. Laoise, curtha de dhroim seoil tar éis na Nollag níorbh é an oiread sin dóchais a bhí le brath sa mionbhus a d’fhág Cois Fharraige agus a thug aghaidh ar Pháirc na nGael áit ar imríodh an babhta ceathrú ceannais in aghaidh Chorcaí, buaiteoirí na sraithe roimhe.

Ní baileach go raibh na Cumainn Lucht Tacaíochta atá fairsing inniu tagtha ar an saol ag an tráth sin, ach bhíodh an bus s’againne lán mórán chuile Dhomhnach agus is cuimhneach liom freisin eitleán de chuid Aer Árann a bheith ag tabhairt lucht leanta na n-oileán go hAerfort na Sionna laethanta na gcluichí móra – Micheál Ó Goill, Máirtín Ó hIarnáin agus tuilleadh nach iad.

Sa mbabhta ceathrú ceannais léirigh an líne leathchúil, Mac Donncha, Seán Silke agus Iggy Clarke, an cumas a thuill clú dóibh ina dhiaidh sin agus ní bhfuair Corcaigh ach cúl agus cúilín ón imirt. Scóráil Connolly agus an Bairéadach cúl an duine agus bhuaigh Gaillimh 2-7, 2-4.

Ní raibh aon aerfort i ngar do Staid Tom Semple, áit ar imir Gaillimh in aghaidh Chill Chainnigh sa mbabhta leathcheannais, ach níor choinnigh sin na hÁrannaigh sa mbaile. Ná muide ach an oiread. Cuimhnigh nár bhain iománaithe na Gaillimhe cluiche ceannais d’aon chineál amach ó 1953.

Ba é Frank Burke a fuair an cúl i nDurlas. Arís bhí Mac Donncha, Silke agus Clarke thar cionn arís agus uair i ndiaidh uaire, rinne McInerney blocáil ar Eddie Keher. Ach ba é Seán Murphy an Chairn Mhóir i lár na páirce laoch an lae.

Bhí Seán ar dhuine de sheanfhondúirí na foirne. ‘Suitcase’ an leasainm a baisteadh air siocair a raibh de thurais tugtha sall go Meiriceá sa samhradh aige ag imirt, mar gur mhinic iomaíocht na Gaillimhe sa mbaile a bheith críochnaithe faoin am a dtagadh an Inid.

Faoin leaba a d’fhan cás Murphy samhradh 1975 agus tar éis a mbua 1-9, 1-6 ar Chill Chainnigh, bhí seisean, a chomrádaithe, muide agus na hÁrannaigh ag déanamh ar Luimneach arís agus ar an gcluiche ceannais sraithe.

Faoi dhó a chroith Marty eangach Thiobraid Árann sa gcluiche sin, rinne Connolly amhlaidh uair amháin agus ba as buille saor a thóg sé a tháinig an scór a d’athraigh an roth – ag déanamh ar dheireadh na himeartha bhí farasbarr dhá chúilín ag Tiobraid Árann, shíl chuile dhuine go mbeadh John sásta le cúilín, ach ní raibh. Sábháladh a iarracht, ach siúd isteach P.J. Qualter agus chinntigh a chúl siúd go ndeachaigh Gaillimh chun cinn, áit ar fhan siad.

Má chastar dom Dé Domhnaigh tú, ’speánfaidh mé duit an áit go díreach a raibh mé i mo sheasamh ag an soicind sin.

Tháinig cor ciniúnach i stair iomána na Gaillimhe de bharr an lae sin. Thug muide cor muid féin ar an mbealach abhaile – isteach go hAerfort na Sionna gur fhág muid slán ag slua Árann. Shílfeá gur ar imirce a bhíodar ag dul agus nach bhfeicfeadh muid arís choice iad – mar a tharla, chaith muid an samhradh i gcomhluadar a chéile ar an aistear a thug go Páirc an Chrócaigh muid an Fómhar sin.

Cé a bhuaigh an tSraith an bhliain dar gcionn?

Fiafraigh do shaoi an tigh ósta é nuair a chasfas é arís ort, mar níl tuairim na ngrást agamsa .

‘Cuimhne Roghnach’ a fheicim tugtha sa bhfoclóir ar a leithéid!