Óstán ‘stairiúil’ Gaeltachta ar díol agus an Connemara Coast Hotel curtha ar an margadh

Ba san óstán sna Forbacha a cuireadh an síol do Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus ba ann a seoladh Teilifís na Gaeilge i 1996

Óstán ‘stairiúil’ Gaeltachta ar díol agus an Connemara Coast Hotel curtha ar an margadh

Tá ceann de na hóstáin is mó agus is stairiúla sa Ghaeltacht, an Connemara Coast Hotel sna Forbacha sa Ghaillimh, ar díol ar €12 milliún.

Tá baint lárnach ag an óstán ceithre réalta ar chósta Chonamara le stair na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ba ann a seoladh Teilifís na Gaeilge i 1996.

Ba ar an láthair chéanna a cuireadh an síol do Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta nuair a cuireadh agóid ar bun ann i Márta 1969 i gcoinne thaifeadadh an chláir Bhéarla Quicksilver. Teach Furbo a bhíodh ar an óstán an uair sin, ainm atá fós i gcaint na ndaoine.

Marino Cottage a bhíodh ar an teach mór ar láthair an óstáin de réir léarscáil shuirbhéireacht ordanáis na bliana 1839 agus b’fhiú £23 an uair sin an foirgneamh a bhí ina chuid d’eastát Andrew Blake.

Ba le Tiarna na hIarmhí an teach tráth agus ba le Micheál Ó Droighneáin, múinteoir bunscoile aitheanta ón gceantar, ina dhiaidh sin é.

Cheannaigh Bill Fuller an teach i 1968 agus rinne sé óstán de a raibh cáil mhór air i bhfad agus i gcéin ó thaobh an cheoil agus na siamsaíochta.

I 1985, cheannaigh Charles Sinnot an t-óstán agus is é atá ina bhun le breis is tríocha bliain anuas.

Fág freagra ar 'Óstán ‘stairiúil’ Gaeltachta ar díol agus an Connemara Coast Hotel curtha ar an margadh'

  • Mánus

    óstán “Gaeltachta” mar dhea; is gan Gaeilge ag andeasc fáiltithe!