Osna faoisimh ligthe san Eoraip agus Macron ar cheann an rása

Agus an chéad bhabhta vótála i dtoghchán uachtaránachta na Fraince thart, tá an chosúlacht ar an scéal gur le Emmanuel Macron agus an tAontas Eorpach a bheidh an lá

Osna faoisimh ligthe san Eoraip agus Macron ar cheann an rása

Tá osna mhór faoisimh ligthe ar fud na hEorpa Oifigiúla (mar a thugaimse ar an gCoimisiún agus orthu siúd ar mhaith leo stát feidearálach a chruthú san Aontas Eorpach) faoin scéala go bhfuil Emmanuel Macron ón Lár (atá ar son na hEorpa) agus Marine Le Pen ón bhfíordheis (atá in aghaidh na hEorpa) le bheith san iomaíocht in aghaidh a chéile sa dara babhta de thoghchán uachtarántachta na Fraince i gceann coicíse.

Ní raibh Jean-Luc Mélenchon ón eite fhíorchlé nó Francois Fillon, caomhach ón bPáirtí Poblachtach, mórán taobh thiar den bheirt sin, ach ní bheidh siad sa dara babhta.

Rinne Mélenchon, ach go háirithe, éacht sa mhéad gur tháinig sé chomh gar sin don dara babhta, is go deimhin dá mbeadh feachtas aontaithe aige féin agus Benoit Hamon ón bPáirtí Sóisialach, bheadh os cionn 26% den vóta acu, agus áit sa chéad bhabhta eile.

Ach níl aon mhuinín ag vótóirí as an bPáirtí Sóisialach tar éis tréimhse uachtaránachta Francois Hollande agus tá an páirtí in ísle brí faoi mar atá Páirtí an Lucht Oibre anseo in Éirinn.

Maidir leis an mbabhta deiridh caithfidh gur mó an seans atá ag Macron ná Le Pen. Cé go raibh Le Pen in ann vótaí a mhealladh ón lucht oibre, atá buailte go dona ag an ngéarchéim eacnamaíochta agus a bhfuil dearmad déanta orthu ag na páirtithe traidisiúnta, beidh ceannaire an Front National faoi scáth an fhaisisteachais sa bhabhta deiridh agus ba mhór an t-iontas mura n-éireodh le Macron an ceann is fearr a fháil uithi.

Ba é Macron an t-iarrthóir ba láidre a bhí ar son an Aontais Eorpaigh, agus is ábhar ceiliúrtha an toradh seo don Aontas mar sin.

Is fiú a thabhairt faoi deara ámh gur ag cur in éadan an Aontais, nó ag iarraidh athchóiriú as cuimse a dhéanamh air, a bhí ochtar den aon iarrthóir déag a sheas sa chéad bhabhta. Is fiú cuimhneamh freisin gur vótáil beagnach 50% ar son na n-iarrthóirí siúd.

Ní bheidh sé éasca ag Macron déileáil leis an míshástacht seo i leith an Aontais, go háirithe toisc nach bhfuil aon pháirtí aige faoi láthair a thabharfadh tacaíocht dó sa pharlaimint.

Cinnte ní bheidh reifreann ann faoin Aontas má bhuann sé, ach cén chaoi a láimhseálfaidh sé na roghanna maidir le todhchaí na hEorpa atá foilsithe ag an gCoimisiún.

Tá toghcháin pharlaiminte le bheith ann sa samhradh, agus, ag an bpointe seo, is cosúil go mbeidh an móramh ag an seanpháirtí caomhach.

Ceist eile, ar ndóigh, ná céard a tharlóidh don eite chlé. Is den eite chlé den Pháirtí Sóisialach é Benoit Hamon, ach níor shábháil sé sin é. D’éirigh le Jean-Luc Mélenchon, a raibh tacaíocht an Pháirtí Chumannaigh agus páirtithe beaga eile den eite chlé aige, faoin mbrat An Fhrainc Nár Ghéill, an ceann is fearr a fháil ar lucht na polaitíochta frithrachmais.

Tá súil ag Mélenchon agus na páirtithe a thaobhaíonn leis comhghuaillíocht a bhunú idir an ghluaiseacht pholaitiúil seo agus na ceardchumainn le cur i gcoinne pholasaí Macron a lagódh cearta oibrithe.

Agus i lár na troda seo, beidh ceist le cur faoin Aontas Eorpach féin.

Beidh claonadh ag Macron, cinnte, dul leo siúd a bheidh ag iarraidh cur le dlúthpháirtíocht an Aontais, ach tá an dá mhórpháirtí a raibh tús áite acu i bpolaitíocht na Fraince le seasca bliain fágtha in áit na leathphingine mar gheall ar laige na heacnamaíochta thar rud ar bith eile, agus ráta dífhostaíochta 10% ann, agus 25% i measc daoine óga.

Is cosúil go lagódh dlúthpháirtíocht an Aontais eacnamaíocht na Fraince a thuilleadh mar go neartódh sé guth na Gearmáine.

Tá impleachtaí freisin ag an scéal seo don Bhreatimeacht agus don chur chuige a bheadh ag Macron san idirbheartaíocht leis an mBreatain.  Bheadh cur chuige níos doichte aige, is cosúil.

Agus tá a fhios againn cheana féin go mbeidh cur chuige docht ag Macron freisin i leith na hÉireann agus cúrsaí cánach san Eoraip.

Ar ndóigh, cé gur mó an seans ar bhua atá ag Macron, ní féidir Le Pen a chur as an áireamh. Tacóidh cuid den aos óg go láidir leis, ach beidh sé deacair ag an lucht oibre tacú leis de bharr a dhearcadh ar an bpolaitíocht is ar an eacnamaíocht.

Tá sé fógartha cheana féin ag Hamon agus an Páirtí Sóisialach go dtabharfaidh siad tacaíocht do Macron sa dara babhta, ach tá ceist mhór ann faoi cé leis a rachaidh lucht tacaíochta Mélenchon.

Bíodh is go bhfuil Mélenchon glan i gcoinne aon rian den chiníochas ar pholasaí inimirce Le Pen, tá sé níos gaire di ó thaobh na heacnamaíochta ná mar atá sé do Macron.

Tá gach seans nach mbeidh an líon vótóirí chomh hard sa dara babhta, is d’fhéadfadh gur chun leas Le Pen é sin.

Ach, ag an bpointe seo, tá an chosúlacht gur le Macron agus an Eoraip a bheidh an lá.