Os cionn 2,000 leabhar Gaeilge á roinnt ar 750 gasúr Gaeltachta

Cuireadh tús le scéim léitheoireachta Thuismitheoirí na Gaeltachta an tseachtain seo, scéim a nglacfaidh beagnach 750 gasúr Gaeltachta páirt inti as seo go deireadh na seachtaine seo chugainn

Os cionn 2,000 leabhar Gaeilge á roinnt ar 750 gasúr Gaeltachta

Pictiúr: Facebook/Tuismitheoirí na Gaeltachta

Roinnfear os cionn 2,000 leabhar ar beagnach 750 gasúr mar chuid de Scéim Léitheoireachta Thuismitheoirí na Gaeltachta, ar cuireadh tús léi an tseachtain seo. Beidh na leabhair á roinnt ar na gasúir féin agus ar a gcuid scoileanna.

Beidh na gasúir ag freastail ar sheisiúin scéalaíochta a bheidh á reáchtáil ag dhá ionad Gaeltachta, SPLANC!, Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua agus Áras na hOllscoile i gCarna, as seo go deireadh na seachtaine seo chugainn.’

Beidh idir scéalaíocht agus aisteoireacht ar siúl ag na seisiúin seo agus tá súil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta go spreagfaidh an múnla athraitheach nua na gasúir agus go meallfaidh sé chun na léitheoireachta iad. Chuige sin, beidh cúigear aisteoirí Gaeltachta ag glacadh páirt sna seisiúin — Linda Bhreathnach, Sorcha Ní Chéide, Colm Joe Mac Donncha, John Keane agus James Ó Ríordáin.

Tá an scéim á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta trí scoileanna na Gaeltachta — ó cheantar Chois Fharraige siar chomh fada le Carna sa taobh thiar de Ghaeltacht na Gaillimhe. Tabharfar beart leabhar nuafhoilsithe i nGaeilge do gach scoil atá ag glacadh páirt sa scéim le cur lena leabharlann scoile agus tabharfar dhá leabhar nuafhoilsithe do gach dalta freisin.

I measc na leabhar a bheidh á dtabhairt amach, tá an tsraith nua-aistrithe Dónall Dána, leagan Gaeilge den tsraith iomráiteach Bhéarla Horrid Henry, An Madra Mistéireach, Macán, An Pota Folamh agus Hata Zú Mhamó, buaiteoir Ghradam Réics Carlo 2016.

Is í an phríomhaidhm atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta leis an scéim ná spéis sa léitheoireacht Ghaeilge a spreagadh in aos óg na Gaeltachta taobh amuigh de léitheoireacht na scoile.

D’fhreastail beagán le cois 460 gasúr ar na seisiúin a reáchtáil Tuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh agus roinneadh 1,300 leabhar Gaeilge nuafhoilsithe orthu agus ar a gcuid scoileanna. Tá méadú mór tagtha ar líon na ngasúr atá cláraithe don scéim i mbliana agus os cionn 700 leabhar breise le tabhairt amach ag an eagraíocht.

Fág freagra ar 'Os cionn 2,000 leabhar Gaeilge á roinnt ar 750 gasúr Gaeltachta'