Os cionn 140 bille ar chlár na Dála faoi láthair, a bhformhór nach gcuirfear i bhfeidhm go deo

Ba chóir don Dáil teacht ar chóras éigin chun billí a roghnú go cothrom, agus a bhreithniú i gceart

Os cionn 140 bille ar chlár na Dála faoi láthair, a bhformhór nach gcuirfear i bhfeidhm go deo

PICTIÚR: Laura Hutton/Photocall Ireland

Suíomh: Dáil Éireann

Am Comhaltaí Príobháideacha

Ábhar: Bille Príobháideach

TEACHTA DRAÍOCHTA: Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle, as ucht deis a thabhairt dom an bille tábhachtach seo a chur ar chlár na Dála. Mar is eol do gach duine anseo, tá clú agus cáil ar shaothar James Joyce ar fud an domhain.

Is mór an náire é mar sin nach gceiliúrtar a shaothar mar ba chóir ina thír dhúchais. Ar ndóigh, molaim  cinneadh an rialtais an t-ainm ‘James Joyce’ a bhaisteadh ar long nua-thógtha an chabhlaigh dhá bliain ó shin. Ach ní leor ainm loinge mar aitheantas.

Is cuimhin liom go maith an pléisiúr a bhain mé as léamh Ulysses an chéad uair. Go deimhin, nuair a… 

CEANN COMHAIRLE: Ní maith liom  cur isteach ar an Teachta, ach níl ach achar gairid againn leis an mbille seo a phlé. Ar mhiste leat labhairt anois faoin mBille seachas do chuimhní cinn?

TEACHTA DRAÍOCHTA: Ceart go leor. Bhí mé ar tí labhairt faoi, ach ní cóir dearmad a dhéanamh riamh ar an sásamh as cuimse a bhaineann léitheoirí ar fud an domhain as na leabhair bhreátha a scríobh Joyce agus a spreag an bille seo. Is léir a chuspóir óna theideal: An Bille Faoina bhFógrófar an 16 Meitheamh (‘Bloomsday’) mar Lá Saoire Náisiúnta. Molaim é ar dhá chúis:

Mar léiriú ar mheas mhuintir na hÉireann ar an scríbhneoir is cáiliúla dá ndeachaigh i mbun pinn sa tír riamh…

GLÓR GAN AINM: Cad faoi ríomhairí glúine?  Ná bí chomh seanfhaiseanta.  Is beag scríbhneoir a úsáideann peann na laethanta seo.

CEANN COMHAIRLE: Ciúnas, led’ thoil. Ar aghaidh leat, a Theachta.

TEACHTA DRAÍOCHTA: Go raibh maith agat.  Mar a dúirt mé, tá cúis eile le moladh an bhille seo.

Tabharfaidh sé deis do scoileanna, d’eagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta, agus do lucht gnó imeachtaí oiriúnacha a reáchtáil chun aird an phobail abhus agus thar lear a dhíriú ar shaothar Joyce.

GLÓR EILE GAN AINM: Nach bhfuil aitheantas mar seo tuillte ag scata scríbhneoirí eile? Ní gá dom ach Seamus Heaney, Yeats agus  Beckett a lua, gan trácht ar scríbhneoirí agus filí na Gaeilge.

Rud eile. Ba mhaith liom a chur i gcuimhne don Teachta nach bhfuil ann ach coicís ó vótáil an Seanad d’aon ghuth i bhfabhar bille faoina bhfógrófar an 21 Eanáir mar lá náisiúnta saoire i gcuimhne fhógairt saoirse na hÉireann i 1921.

TEACHTA DRAÍOCHTA: Táim i bhfabhar an bhille sin chomh maith. Ach dá nglacfaí leis an mbille atá á mholadh agam anocht, léireodh an stát meas ar chúrsaí cultúir ar dhóigh nach léirítear in aon tír eile.  Creidim freisin go meallfadh sé lear mór turasóirí…

Ar ndóigh, níor dúradh focal dá bhfuil  sa ‘díospóireacht’ thuas sa Dáil riamh, cé gur fíor a rá gur vótáil an Seanad i bhfabhar bille Fhianna Fáil chun bunú na Dála i 1921 a cheiliúradh le lá saoire nua.

Neosann gach finscéal sciar den fhírinne. Tá breis agus céad bille príobháideach (bille a mholann Teachta aonair) curtha ar chlár na Dála. Níl seans ar bith ann go mbeidh am dréachtaithe, leasaithe agus díospóireachta ag an Dáil sna blianta atá romhainn i gcomhair na mbeartas seo uilig.

Ní foláir ceist eile a chur sa mheá freisin. Dá nglacfaí leis na billí seo go léir, an mbeadh an stat ábalta íoc as a gcur i bhfeidhm?  Ní bheadh, ar ndóigh. Agus fiú dá gcuirfí cruth ceart reachtaíochta orthu, an aontódh móramh Dála leo? Sin scéal eile.

Níl beag is fiú á dhéanamh anseo de bhillí príobháideacha. Bíonn téagar agus substaint i gcuid acu faoi dheireadh – mar shampla, an bille príobháideach a dhréachtaigh an Teachta Dála de chuid Fhine Gael as Sligeach Tony McLoughlin chun fraiceáil a chosc, bille a shínigh an tUachtarán coicís ó shin.

Ach má bhreathnaítear ar bhille Dála mar bheartas a mholtar d’fhonn é a chur i bhfeidhm, seachas mar phreasráiteas,  tá an riachtanas soiléir. 

Ba chóir don Dáil teacht ar chóras éigin (mar atá molta go ginearálta ag Enda Kenny, Leo Varadkar agus Micheál Martin le tamall) chun billí a roghnú go cothrom, agus a bhreithniú i gceart.

Níl sa chóras reatha ach cur i gcéill.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Os cionn 140 bille ar chlár na Dála faoi láthair, a bhformhór nach gcuirfear i bhfeidhm go deo'