Orlando: beidh ár leithéidí beo nuair a bheidh Creideamh sa chill

An grá, agus ní an díoltas, an fhrithnimh a mharaíonn an ghráin, a scríobhann ár gcolúnaí

Orlando

Nuair a luigh mé le mo leannán aréir bhí sé deacair aon sult a bhaint as an nGníomh, in ainneoin go raibh cúis cheiliúrtha againn (ba é mo bhreithlá a bhí ann). Bhí leathchéad duine marbh i gcathair Orlando, daoine ar nós mo leannáin agus mé féin, daoine a thug grá do dhaoine den inscne chéanna.

Go deimhin ba é sin an chúis gur dúnmharaíodh iad.

Fear amháin a dhúnmharaigh na daoine seo. Tarlaíonn gur Moslamach a bhí san fhear.

Sna laethanta atá romhainn déanfaidh fórsaí de chuid na heite deise ar fud an domhain iarracht an milleán faoin ár – an eachtra lámhaigh is fuiltí dár tharla i Meiriceá riamh – a chur ar Mhoslamaigh go ginearálta.

Ní bheidh sa mhéid sin ach iarracht ghránna adhmad polaitiúil a bhaint as an uafás. Ná héistimis leis na glórtha sin.

Ag an am céanna beidh glórtha le cloisteáil a dhéanfaidh iarracht a chur ina luí orainn gur reiligiún síochánta atá san Ioslam agus nach féidir an milleán a chur ar chreidimh iomlán as ar tharla in Orlando.

Ná héistimis leis na glórtha sin ach an oiread.

Óir is é Creideamh is ciontach.

Creideamh a mhúnlaíonn dearcthaí saoil an chreidmhigh, agus tá gach aon cheann de na mórchreidimh aondiachúla – Giúdachas, Críostaíocht agus Ioslam – chomh ciontach lena chéile as an ngéarleanúint atá á déanamh leis na mílte bliain anuas ar dhaoine cosúil leis na daoine a cuireadh den saol go brúidiúil in Orlando inné.

Ba é Omar Mateen a tharraing an truicear. Ach Creideamh (ní creideamh áirithe amháin, ach Creideamh go ginearálta) a dhúnmharaigh leathchéad duine aréir toisc nach dtaitníonn sé le Creideamh go bpógfadh duine duine den inscne chéanna.

Féadfaidh tú a rá, más creidmheach tú féin, nach dtuigeann duine a dhúnmharódh daoine eile de bharr a gclaonadh gnéis an Córán, an Bíobla nó an Tórá i gceart. Ach déarfadh an duine sin an rud ceannann céanna fútsa.

Féadfaidh tú a rá, más Caitliceach thú, go bhfuil an-dul chun cinn á dhéanamh i d’Eaglais-se faoi láthair ag an bPápa nua maidir leis an hómaighnéasachas. Ach i ndiaidh an bhirt a thagann an t-aithreachas agus níl insint ar an méid fola aeraí a doirteadh in ainm na hEaglaise Caitlicí le dhá mhíle bliain anuas, ná ar an dochar síceolaíoch atá á dhéanamh go dtí an lá atá inniu ann ag teagasc na hEaglaise sin agus go deimhin ag teagasc na mórchreideamh aondiachúil ar fad do dhaoine aeracha – agus dá bhrí sin, don tsochaí ar fad.

Inné, agus ní den chéad uair, a d’fhiafraigh mé díom féin cén fáth nach bhfuil eagraíocht sceimhlitheoireachta dá gcuid féin ag an bpobal LGBT; dream a leagfadh buamaí ag tithe pobail, ag moscanna agus ag sionagóga agus ag áit ar bith eile ina gcothaítear gráin do dhaoine a thugann grá do dhaoine dá n-inscne féin.

Chuir mo leannán ar mo shúile dom nach mbeadh de thoradh ar a leithéid ach tuilleadh foréigin agus ar ndóigh bhí an ceart aige.

An grá, agus ní an díoltas, an fhrithnimh a mharaíonn an ghráin. Ar an gcúis sin, lorgaíomar faoiseamh i lámha a chéile ar lá chomh brónach leis an lá inné.

In ainneoin na n-iarrachtaí ar fad leis na mílte bliain anuas níor mharaigh Creideamh fós muid, agus beidh ár leithéidí beo nuair a bheidh Creideamh mar a thuigtear inniu é sa chill.