‘Orla’ ar bís faoin tSraith Shóisearach i bhfíseán Gaeilge nua ón NCCA

Cuirfear tús i mbliana leis an tSraith Shóisearach nua san Eolaíocht agus sa Staidéar Gnó do lucht na chéad bhliana

‘Orla’ ar bís faoin tSraith Shóisearach i bhfíseán Gaeilge nua ón NCCA

Tá físeán eisithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA), a thaispeánfar i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann amárach, ina n-insítear scéal ‘Orla’, agus í ag foghlaim sa tSraith Shóisearach nua.

Mínítear sa scannán, atá ar fáil i nGaeilge agus i Béarla araon, cén fáth a bhfuil na hathruithe á dtabhairt isteach agus na buntáistí a bhaineann leis an measúnacht leanúnach, dar leis an NCCA.

Cuireadh tús leis an tsraith shóisearach nua i scoileanna na hÉireann dhá bhliain ó shin, agus tá sé i gceist ag an NCCA í a chur i bhfeidhm diaidh ar dhiaidh sna ceithre bliana atá romhainn amach.

Tá sé mar aidhm ag an gcóras nua measúnachta go “bhforbróidh daoine óga príomhscileanna agus iad ag tabhairt faoi ábhair nuafhorbartha agus faoi ghearrchúrsaí”.

Chuige sin, deir an NCCA nár mhór athruithe a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar measúnacht ar fhoghlaim agus ar dhul chun cinn daoine óga.

Dúirt John Hammon, Príomhfheidhmeannach Gníomhach an NCCA gur “cúis mhór áthais” don eagraíocht an gearrscannán ‘Orla’ a chur amach.

“Cabhróidh sé leis an bhfocal a scaipeadh maidir leis na hathruithe atá ar bun sa tsraith shóisearach. Beidh grúpa nua daltaí ag tosú san iarbhunscoil go luath agus táimid ag iarraidh go mbeidh a fhios acu agus ag a gcuid tuismitheoirí agus cúramóirí céard atá rompu amach i sraith shóisearach atá ag athrú.

“Mar thoradh ar an tsraith shóisearach athraithe seo, ba chóir go mbeadh daltaí ar bís faoin bhfoghlaim, ba chóir go mbeidís páirteach san fhoghlaim, agus ba chóir go mbeidís in ann forbairt a dhéanamh ar na scileanna, an tuiscint agus na tréithe pearsanta a bheidh ag teastáil uathu ina gcuid oideachais, ina gcuid oibre agus ina saol amach anseo,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Orla’ ar bís faoin tSraith Shóisearach i bhfíseán Gaeilge nua ón NCCA'