Ordú tugtha do Chomhairle Chontae na Gaillimhe feabhas a chur ar chúrsaí sábháilteachta ar ché Inis Oírr

Thit bean agus fear amach san uisce agus iad ag tuirlingt den bhád farantóireachta Rose of Aran, bád de chuid an Liscannor Ferry Company, a tháinig isteach ó Dhúlainn

Ordú tugtha do Chomhairle Chontae na Gaillimhe feabhas a chur ar chúrsaí sábháilteachta ar ché Inis Oírr

Caithfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe feabhas a chur ar chúrsaí sábháilteachta ar Ché Inis Oírr, de réir tuarascáil a d’fhoilsigh an Bord Imscrúdú Taismí Muirí faoi thimpiste a tharla ar an gcé an samhradh seo caite.

Thit bean agus fear amach san uisce agus iad ag tuirlingt den bhád farantóireachta Rose of Aran, bád de chuid an Liscannor Ferry Company, a tháinig isteach ó Dhúlainn i mí an Mheithimh 2016.

Foilsíodh tuarascáil 52 leathanach faoin eachtra inniu. Maítear sa tuarascáil gur thit an bheirt san uisce mar gheall ar an mbád a bheith ag imeacht le sruth ón gcé. Chrom geata bordála i dtreo an uisce agus bhí an bheirt i bhfostú idir an ché agus an bád nuair a thit siad san fharraige.

Tharrtháil daoine eile a bhí ar an gcé an bheirt agus níor gortaíodh ceachtar acu. Bhí os cionn 500 duine ar an gcé nuair a thit siad san uisce mar gheall ar lá saoire bainc a bheith ann, rud a mheall go leor cuairteoirí chuig an oileán.

Maíodh sa tuarascáil go raibh easpa bainistíochta ar shluaite ar an gcé agus go raibh lastas agus feithiclí ar an gcé ag cur isteach ar ghluaiseacht na ndaoine. Maítear chomh maith gur cheart do Chomhairle Chontae na Gaillimhe córas bainistíochta sábháilteachta a chur i bhfeidhm ansin “do gach oibríocht ar an gcé”.

Fág freagra ar 'Ordú tugtha do Chomhairle Chontae na Gaillimhe feabhas a chur ar chúrsaí sábháilteachta ar ché Inis Oírr'