Oonagh Bean Uí Shúilleabháin ar shlí na fírinne

Bhásaigh Oonagh Bean Uí Shúilleabháin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Mhaigh Eo, in Oispís na Gaillimhe inné

Oonagh Bean Uí Shúilleabháin ar shlí na fírinne

Oonagh Bean Uí Shúilleabháin, an dara duine ar chlé, ag ócáid de chuid Ghnó Mhaigh Eo. Pictiúr: Mayo Advertiser

Tá Oonagh Bean Uí Shúilleabháin, nó Oonagh Ní Chéileachair mar ab fhearr aithne uirthi, ar shlí na fírinne. Ba í an tOifigeach Gaeilge i gComhairle Contae Mhaigh Eo agus bhí aithne mhaith uirthi ar fud Chonnacht as a cuid oibre ar son na Gaeilge.

Bhásaigh sí in Oispís na Gaillimhe  inné agus gan í ach sna tríochaidí.

Beidh sí á tórramh i dteach a muintire, Pat agus Joan Kellegher, ar an gCathair i gCluain Cearbán in iarthar Mhaigh Eo amárach.

Beidh an tsochraid ar siúl ar an Satharn ag 10.30 i Mainistir Bhaile an Tobair agus adhlacfar sa reilig in aice láimhe í.

Maireann a tuismitheoirí agus a fear céile Caoimhín.

Fág freagra ar 'Oonagh Bean Uí Shúilleabháin ar shlí na fírinne'

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Lúcas 1: 28, 42

    ’Sé do bheatha, a Mhuire,
    atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat.
    Is beannaithe thú idir mná agus
    is beannaithe toradh do bhroinne , Íosa.
    A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé
    guígh orainn na peacaigh, anois, agus ar uair ár mbáis. .
    Ámen.
    Hail Mary, full of grace;
    The Lord is with Thee:
    Blessed art Thou among women,
    And blessed is the fruit of Thy womb, Jesus.
    Holy Mary, Mother of God,
    Pray for us sinners, now and at the hour of our death,
    Amen. ■