Onder de Zoden – ‘Cré na Cille’ aistrithe ag Alex Hijmans go hÍsiltíris agus ar fáil inniu

Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht, an comhlacht ar leis an cóipcheart do Cré na Cille, go mbeadh an t-úrscéal ar fáil in os cionn scór teanga faoin mbliain 2025

Onder de Zoden – ‘Cré na Cille’ aistrithe ag Alex Hijmans go hÍsiltíris agus ar fáil inniu

Tá leagan Ísiltírise den leabhar cáiliúil Cré na Cille ar fáil ón bhfoilsitheoir Bananafish inniu.

Is é Alex Hijmans an tí seo, Ísiltíreach agus cainteoir Gaeilge, a chuir a theanga dhúchais i mbéal Chaitríona Pháidín. Onder de Zoden (Faoin bhFód), an teideal Ísiltírise atá roghnaithe ag Hijmans do mhórshaothar Uí Chadhain.

Chaith Hijmans bliain go leith i mbun an aistriúcháin agus dúirt sé le Tuairisc.ie go bhfuil sé “fíorshásta go bhfuil sé ar fáil ar deireadh”.

“Bhain mé an-sult as an obair aistriúcháin agus tá súil agam go mbainfidh léitheoirí san Ísiltír agus sa Bheilg an sult céanna as toradh na hoibre. Tá mé cinnte go n-aithneoidh siad Caitríona Pháidín. Bean Chonamarach go smior í Caitríona – ach carachtar uilíoch í, leis. Níl reilig ar bith ar domhan nach bhfuil a macasamhail curtha inti.

“An dúshlán ba mhó a bhí romham leis an aistriúchán ná ceist an chanúnachais. Ní hionann agus pobal na Gaeilge, bíonn drochmheas ag lucht labhartha na hÍsiltírise ar chanúintí réigiúnacha a dteanga féin. Ar mhaithe leis an spriocmhargadh, agus go deimhin ar mhaithe leis an tsothuigtheacht, ní raibh rogha agam ach Ísiltíris réasúnta chaighdeánach a chur i mbéal na gcarachtar. Níl a fhios agam céard a cheapfadh an Cadhnach faoi sin, ach ní féidir meon lucht labhartha teanga amháin a bhrú ar lucht labhartha teanga eile,” a dúirt sé.

Tá an leabhar ar fáil ó Bananafish ar a shuíomh idirlín ar €20. Foilsíodh leaganacha Béarla den leabhar in 2015, agus níos luaithe i mbliana cuireadh an leabhar Grabgeflüster (Cogar na hUaighe) ar fáil do lucht léite na Gearmáinise.

Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht, an comhlacht ar leis an cóipcheart do Cré na Cille, go mbeadh an t-úrscéal ar fáil in os cionn scór teanga faoin mbliain 2025. Tá leagan Seicise le Radvan Markus beartaithe don bhliain seo freisin. Rinne Radvan leagan Seicise de L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc roimhe seo.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie in 2015, nuair a fógraíodh plean uaillmhianach an chomhlachta, dúirt an foilsitheoir Mícheál Ó Conghaile go bhfuil an leabhar á chur ar fáil sna teangacha sin mar go bhfuil Cló Iar-Chonnacht ag iarraidh litríocht na Gaeilge a chur chun cinn agus a thaispeáint go bhfuil “níos mó againn in Éirinn ná saothar Yeats, Joyce agus Beckett”.

Foilsíodh dhá leagan Béarla de shaothar Uí Chadhain in 2015, leagan le Alan Titley The Dirty Dust agus leagan le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson The Graveyard Clay.

Go hidirnáisiúnta, tá ag éirí go maith leis na leaganacha aistrithe agus tá léirmheasanna maithe faighte ag na trí leagan a foilsíodh cheana i nuachtáin mar The Washington Post agus The Boston Globe i Meiriceá agus FAZ na Gearmáine