Ómós tugtha don Moinsíneoir Ó Fiannachta ag seoladh Irisleabhar Mhá Nuad 2015

Tá an Moinsíneoir ag feidhmiú mar eagarthóir an irisleabhair le dhá scór bliain anuas ach tá sé ag éirí as anois

Msgr Pádraig Ó Fiannachta

Seoladh Irisleabhar Mhá Nuad 2015, an tréimhseachán ollscoile is sine in Éirinn i gceachtar den dá theanga, ag ócáid speisialta in Ollscoil Mhá Nuad le déanaí.

Bhí slua breá i láthair i Halla Pugin nuair a sheol an tAthair Nollaig Ó Súilleabháin, Coláiste Phádraig, an foilseachán go hoifigiúil.

Bhí an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin, Ollamh emeritus le Nua-Theangacha, agus an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, Ollamh emeritus le Gaeilge, ina measc siúd a bhí i láthair le haghaidh an seoladh.

Tá an Moinsíneoir Ó Fiannachta ag feidhmiú mar eagarthóir an irisleabhair le dhá scór bliain anuas ach fógraíodh gurb í Scoil an Léinn Cheiltigh, Ollscoil Mhá Nuad, a bheidh freagrach as eagarthóireacht a dhéanamh air feasta.

Mhol an Dr. Tadhg Ó Dúshlaine, Roinn na Nua-Ghaeilge agus Ionad na hÉigse, Ollscoil Mhá Nuad, an Moinsíneoir as a saothar leis an iris agus an rian a d’fhág sé air.

“Is eiseamláir é Irisleabhar Mhá Nuad de mheon agus d’aigne Gael, meon agus aigne a aithníonn gur suas síos is ea saol an duine; gur as láimh a chéile a mhairimid; go bhfuil cothú agus treoir le fáil againn ó thaithí na nglúnta a chuaigh romhainn maidir le conas mar is ceart dúinn gníomhú ar na saolta suaite seo.

“Gura fada buan spiorad dóchasach, muiníneach, carthanachtúil Irisleabhar Mhá Nuad i seachadadh na hoidhreachta san.”

The Record of the League of St. Columba an t-ainm a bhí ar an iris i dtús na haimsire, ach athraíodh a ainm go dtí Irisleabhar Mhá Nuad ón mbliain 1907 amach, de réir mar a bhí borradh ag teacht faoi athbheochan na teanga agus áit lárnach ag ollúna Mhá Nuad, ina measc Mícheál Ó hIcí agus Gearóid Ó Nualláin, uncail an scríbhneora Flann O’Brien.

Sa bhliain 1922 rinneadh foilseachán lán-Ghaelach den Irisleabhar. Ní gach duine san Ollscoil a bhí sásta faoin athrú agus in eagarfhocal na bliana 1923, is mar seo a míníodh an scéal:

‘Ní hamhlaidh a mheasaimid a rá ná raibh aon mhaitheas sna haistí Béarla a bhí san Irisleabhar sna blianta a ghaibh tharainn. Bhí, agus maitheas mór, ach ba é an trua gan iad as Gaeilge. Ní raibh leigheas air an uair sin, ach tá anois, agus, mar sin, táimid ag tabhairt an bhóthair dhírigh ar aghaidh orainn féin…’

Tuigtear go raibh tionchar nach beag ag na focail seo ar bhunú Choláiste Bhríde i Rann na Feirste ag an Athair Lorcan Ó Muirí, agus ar bhunú Bhrú na Gráige i gCorca Dhuibhne ag an Athair Tadhg Ó Murchú, beirt a bhíodh ag obair san Ollscoil.

Suas síos a bhí saol an Irisleabhair ó thosach. Faoin mbliain 1940, bhí díograis Uí Ghramhnaigh agus Uí Icí i dtaobh cúrsaí oidhreacha, tábhacht an chreidimh agus na staire go háirithe, ag teip, agus bhí gá le fuinneamh agus casadh i bpolasaí eagarthóireachta an Irisleabhair, rud a tharla le teacht Dhonnchadh Uí Fhloinn, agus an bhéim ar feadh scór blianta ina dhiaidh sin ar na bailiúcháin thábhachtacha bhéaloidis a rinne mic léinn agus sagairt sna ceantair Ghaeltachta agus iad ar saoire.

Is ar an nua-litríocht amháin a dhírítí ó aimsir eagrán na bliana 1966 ar aghaidh, cur chuige ar éirigh go diail leis, agus leanadh den pholasaí sin ar feadh deich mbliana nó mar sin. Bhí an tIrisleabhar in úsáid sna hOllscoileanna agus ag múinteoirí meánscoile i gcaitheamh an ama sin, agus éileamh air ag scríbhneoirí agus ag intleachtóirí i gcéin is i gcóngar.

Tháinig lagtrá ar obair dheonach na mac léinn a bhíodh ag soláthar don Irisleabhar le haimsir, áfach, nó gur ceapadh Pádraig Ó Fiannachta mar eagarthóir air, a chuir an dé arís ann lena chuid dúthrachta.

Fág freagra ar 'Ómós tugtha don Moinsíneoir Ó Fiannachta ag seoladh Irisleabhar Mhá Nuad 2015'

  • Réamonn Ó Ciaráin

    Fathach na bhFocal Ó Fiannachta