Ómós cuí tugtha do Shéasmus Mhicil Tom ar Ros na Rún

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Saghas súil siar ar Ros na Rún le 20 bliain anuas a bhí i gclár na hoíche aréir. Is faoin nglúin nua anois é tógaint ar oidhreacht Shéamuis Mhicil Tom

Diarmuid Mac an Adhastair

Baineadh creathadh as saol na Gaeilge, na Gaeltachta agus na drámaíochta níos luaithe i mbliana nuair a d’imigh Diarmuid Mac an Adhastair ar shlí na fírinne.

Bhí aithne mhór air mar Shéasmus Mhicil Tom, an baitsiléir suaite, cancrach, deisbhéalach atá ar dhuine de na carachtair is lárnaí sa sobaldráma Ros na Rún ó thús. Is cinnte gur boichte go mór a bheidh an baile d’uireasa an rógaire gheanúil le croí mór. 

Aréir tugadh ómós cuí don charachtar seo a bhí mar shiombail den chlár i scioból samhlaíochta mórán den lucht féachana.

Sa radharc tosaigh, táid bailithe timpeall na huaighe: Mo, Tadhg, Peadar, Caitríona, David agus daoine eile nach iad. Stéibh d’amhrán caointe ó Mháire agus véarsa de chuid Johnny Chóil Mhaidhc ó Pheadar:

Ná tara san áit,

nach bhfaigheadh tú cuireadh,

mura bhfuil an tart rómhór,

ná hól a thuilleadh,

ná tabhair cluais róghéar,

ach an comhrá is glaine,

an béal a bhíonns balbh,

‘sé is binne.

Ba léir, fiú sna nóimíntí seo, go raibh mothúcháin na n-aisteoirí ag meascadh le mothúcháin na gcarachtar. Seat teann den bhfeartlaoi ar chros na huaighe le bailchríoch a chur ar radharc brónach, mothúchánach.

B’annamh go mbíodh Séamus é féin balbh agus baineadh súp thar na blianta as na sleaiseanna agus carúlacha tíriúla a bhíodh á gcaitheamh ar dalladh aige i nGaeilge shaibhir Chonamara. Go deimhin, is minic gur bhain na carúlacha céanna allas as créatúirí na bhfotheideal.

Cá rachfaí ansin ach go Tigh Thaidhg, mar a n-iarrann Mo ar fhear an tí pictiúr a chrochadh os cionn an bheáir. Tugann Tadhg an t-eiteach di go borb, mar is dual dó.

Seo linn ar bhóithrín maoithneach na smaointe le hiardhearcthaí de chuid de na radharcanna is fearr de chuid Shéamuis. A scéal féin ag gach éinne. Na comhraic le Sarah agus Tadhg, an lámh chúnta do Mhicheál agus Mo, an diabhlaíocht le Mac agus John Joe. Tráchtar ar phóitseáil agus poitín, nó Punch Chonamara, faoi mar a thugadh Séamus air. Ina theannta sin, léirítear é ag tabhairt dúshlán na mbanc agus ag dul in adharca an mheaisín níocháin.

Go deimhin, d’oibrigh na míreanna seo ar fad mar ‘súil siar’ ar Ros na Rún féin, atá fiche bliain ar an bhfód. 20 bliain ag fás agus is faoin nglúin nua é tógaint ar oidhreacht Shéamuis.

Bhí sé go hálainn Tom Sailí Ó Flaitheartha a fheiscint ar ais mar Chóilín agus Sarah (Barbara Herget), gur mó comhrac a bhí aici le Séamus, lena thaobh.

Fágadh fé Thadhg é clabhsúr a chur ar an gclár agus an pictiúr úd le Mo á chrochadh os cionn an bheáir. Ba thochtmhar an feic é an fear cruachroíoch a fheiscint le deora i gceann a chuid súl.

Go deimhin, ní fhéadfadh go raibh an rud ar fad fuirist don mheitheal go léir agus iad ag fágaint slán le carachtar agus leathbhádóir a bhí ag comhghuaillíocht leo le blianta.

Tá fear an chaipín imithe, mar sin, fear na sleaiseanna, duine de mháithreacha Ros na Rún. Is cinnte ná beidh a leithéid arís ann.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

Fág freagra ar 'Ómós cuí tugtha do Shéasmus Mhicil Tom ar Ros na Rún'

  • Breathnóir

    Ní fheicim Ros na Rún ach ó am go chéile, ach is cinnte go raibh Séamus Mhicil Tom ar cheann de na carachtair ba shuimiúla a bhí sa chlár, agus tugadh ómós cuí dó inné.