O’Malley ag filleadh ar an dúchas le borradh a chur faoina fheachtas Uachtaránachta

Níl ach thart ar 1% no 2% ag Martin O’Malley agus an chéad vótáil réamhthoghcháin in Iowa i bhfoisceacht cúpla mí dúinn

 

Martin-O’-Malley

Ba mhór an iarraidh í nuair a d’fhógair Martin O’ Malley go rachadh sé sa tóir ar ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán na hUachtaránachta i Meiriceá i 2016. Bhí sé ag tabhairt dúshláin d’impireacht na Clintons.

Is ar éigean gur chreid aon duine go mbeadh an Máilleach, arbh as an taobh ó thuaidh de Chonamara cuid dá shinsir, in ann an t-ainmniúchán a ghnóthachtáil. Tháinig Barack Obama aniar aduaidh ar Hillary i 2007 agus i 2008, ach uair sa gcéad a tharlaíonn a leithéid sin. Is é an rud ba mhó a theastaigh ón Máilleach ná go ndéanfadh sé seasamh láidir agus go dtarraingeodh sé aird ar a ainm mar pholaiteoir a d’fhéadfadh an Teach Bán a bhaint amach lá níos faide anonn. Níl sé á dhéanamh sin anois.

Tá Martin O’Malley ag filleadh ar an dúchas na laetheanta seo agus é ag cur comhghuallaíocht Éireannach agus Gael-Mheiriceánach i dtoll a chéile le súil go gcuirfear gaoithe ina chuid seolta. Is deacair a rá cén t-achar a thabharfaidh an tacaíocht sin é. Ina dhiaidh sin féin, tá réimse láidir den phobal Gael-Mheiriceánach ag tacú le Hillary Clinton cheana féin.

Mar shampla, tá ceangal láidir le fada idir na Clintons agus Niall O’Dowd an foilsitheoir agus gníomhaí cumhachtach ar son phobal na hÉireann i Nua Eabhrach. Tá bunáit ag Bill agus Hillary Clinton freisin i Stáit ar nós Massachusetts. Níl sé an-fhada ó bhí Hillary Clinton i mBoston ag deánamh teanntáis ar an Méara Marty Walsh ag an mbord céanna leis.

Bhí an-mhí-ádh ar Martin O’Malley ag tosaí amach dhó sa bhfeachtas nuair a thosaigh agóidí i measc an phobail dhuibh i mBaltimore, cathair ar chaith sé dhá théarma mar Mhéara ann.

Tugadh chun cuimhne gur leag an Máilleach go leor béime ar ghníomhaíocht láidir in aghaidh na coiriúlachta sa gcathair. As sin a tháinig an chaint gur cothaíodh fáltas idir an pobal dubh agus na póilíní agus gurbh shin cuid den chúis a bhí leis na ciréibeanna i mBaltimore. Bhí Martin O’ Malley istigh i lár na hargóna sin agus é, san am céanna, ag iarraidh borradh a chur faoina fheachtas náisiúnta.

Tá O’ Malley in áit na leathphingine freisin ó thaobh airgid de. $1.3 milliún a bhailigh sé sa tríú ráithe den bhliain seo; bhailigh Hillary Clinton $30 milliún agus bhailigh an Seanadóir Bernie Sanders as Vermont $26 milliún. Leis an gceart a dhéanamh, níl Hillary Clinton ag déanamh aon ghaisce mór sna pobalbhreitheanna cé gur fheabhsaigh sí le gairid. Chuidigh an chosaint a rinne sí uirthi féin le linn éisteachta ar Capitol Hill léi. Thug na Poblachtánaigh an seans sin di nuair a thugadar isteach arís í le ceisteanna a fhreagairt faoin ionsaí ar Ambasáid Mheiriceá i Benghazi.

Timpeall is 50% – 55% atá Hillary sna pobalbhreitheanna agus tá Sanders ag coinneail léi maith go leor i gcónaí. Ach níl ach thart ar 1% no 2% ag O’Malley agus an chéad vótáil réamhthoghcháin in Iowa i bhfoisceacht cúpla mí dúinn.

Mórán mar sin a bhí Gael-Mheiriceánach eile, an Seanadóir Christopher Dodd an tráth seo ocht mbliana ó shin – cé go raibh a thrí oiread airgid cruinnithe aige an uair sin. D’fhág sé slán ag an bhfeachtas tar éis thorthaí Iowa. D’fhéadfadh an Máilleach a bheith ag dul sa treo céanna ach gur mheasa dósan cliseadh chomh luath seo. Bhí Dodd i bhfad sa bpolaitíocht agus ní raibh sé ag breathnú mórán eile chun cinn; is é a mhalairt ag Martin O’Malley é.

D’fheilfeadh sé don Mháilleach seasamh láidir a dhéanamh, tacaíocht mhaith airgeadais a chruinniú, aird a tharraingt air féin ar fud na tíre agus a dhul píosa eile sa sruth réamhthoghcháin a bheidh ann i gcaitheamh an earraigh seo chugainn. Ní dhéanfaidh an Máilleach – fear a dtáinig a shinsear ar thaobh a athar as an taobh ó thuaidh de Ghaeltacht Chonamara – an beart sin ar an gcaoi a bhfuil sé anois.

Tháinig Martin O’Malley go Conamara den chéad uair in aois a sheacht mbliana déag – 52 atá sé anois – le grúpa as Coláiste Ghonzaga i Washington, agus chuir sé faoi tigh Mhichael Mheairt Uí Choisdealbha i gCor na Rón in Indreabhán san am sin. Dúirt sé leo gurb é an cuspóir a bhí aige ná a bheith ina Uachtarán ar Mheiriceá. Ní raibh a fhios aige an uair sin go mba as an taobh ó thuaidh de Chonamara a chuaigh chuid dá shinsir go Meiriceá.

Nuair a chuathas go bun an údair fuarthas amach gur as an Mám a d’imigh a shin-sheanathair, Máirtín Ó Máille as an Mám go Pittsburg in 1870. Tá Martin O’Malley tagtha anall don Mhám go minic ó shin agus tá tréimhsí caite aige i seanteach na Máilleach – sin í an tsean-Oifig Phoist sa Mám. Théadh sé suas na cnoic agus théadh sé chuig na tithe ósta sa gceantar ag casadh ceoil. Tá dreapadóireacht mhór roimhe anois ach beidh súil aige go gcuirfidh an teanntás a rinne sé lena dhúchas inné borradh faoina choisméig.

 

Fág freagra ar 'O’Malley ag filleadh ar an dúchas le borradh a chur faoina fheachtas Uachtaránachta'