Súil chun cinn ar olltoghchán Westminster agus na hiarrthóirí deimhnithe

Beidh os cionn 100 iarrthóir san iomaíocht don 18 suíochán Parlaiminte agus dianchoimhlint á tuar in aon trian díobh

Súil chun cinn ar olltoghchán Westminster agus na hiarrthóirí deimhnithe

Tá an rás tosaithe. Déardaoin bhí deireadh go hoifigiuil le sáraíocht faoi mhargadh réamhthoghcháin i dTuaisceart Éireann nuair a dhruid an próiseas ainmniúcháin. Beidh os cionn 100 iarrthóir san iomaíocht don 18 suíochán Parlaiminte agus dianchoimhlint á tuar in aon trian díobh. Tá ceithre thoghcheantar fíor-imeallach agus amhras faoi phéire eile. Ní nach ionadh beidh goimh sa bhfeachtas agus bainfear leas as gach cleas chun vótáil theaicticeach ar dhá thaobh na deighilte a spreagadh.
Tá teannas sa bhreis sa choimhlint seo i bhfianaise ar tharla i dtoghchán an Tionóil i mí an Mhárta. Airíonn na páirtithe aontachtacha brú mar gur chaill siad a móramh i Stormont den chéad uair ón gcríchdheighilt. Tubaiste a bheadh ann dá mbuailfí buille mar sin orthu in athuair. Bhí aon cheann déag den 18 suíochán i Westminster ag aontachtaithe – ocht gcinn ag an DUP, dhá cheann ag an UUP agus ceann amháin ag an neamhspleách Sylvia Hermon, iarbhall den UUP. Beidh an DUP ar a ndícheall ag iarraidh ceann de shuíochain an UUP a bhaint ar ais agus an dá pháirtí meáite go mbeadh sé doghlactha aon suíochán as an iomlán a chailliúint. Mar is dual do thoghcháin abhus tá idir iomaíocht aontachtach/náisiúnach ann agus iomaíocht taobh istigh den dá bhloc.

Is í aidhm fhadtéarmach an DUP an UUP a chloí agus is é an cuspóir céanna atá ag Sinn Féin i dtaca leis an SDLP.  Mar sin féin bíonn cluichí faoi réamh-mhargadh ar siúl.

Theip ar iarrachtaí an DUP agus an UUP a theacht ar mhargadh faoi shlám de na toghcheantair cé gur thug siad cabhair áirithe dá chéile gan réiteach a ghlaoch air. Theip ar iarrachtaí réitigh i measc lucht an fhrithBhreatimeachta freisin.

Thug Naomi Long agus Alliance an chluas bhodhar d’iarratas Colum Eastwood, SDLP iarrthóirí a réiteach; mhaígh sí go raibh an Comhaontas Glas ag iompú i dtreo an tseicteachais mar gur labhair Steven Agnew le Eastwood faoina scéim. Thug Agnew an t-eiteachas dó. Ní raibh Eastwood toilteanach margadh a dhéanamh le Sinn Féin amháin, ar an mbonn go mbeadh sé sin seicteach.

Dhiúltaigh Sinn Féin d’iarratas Eastwood tacú le neamhspleáigh fhrithBhreatimeachta i dtoghcheantair ina raibh móramh ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach ach a raibh feisirí aontachtacha iontu. D’iarr Sinn Féin ar SDLP seasamh i leataobh i bhFear Manach, Tír Eoghain Theas agus i mBéal Feirste Thuaidh. Dhiúltaigh Eastwood.
Ní raibh SDLP sásta riamh margadh toghcháin a dhéanamh le Sinn Féin, á rá gur bheart seicteach a bheadh ann. Ní hamhlaidh an scéal idir aontachtaithe. In 2015 rinne Peter Robinson DUP agus Mike Nesbitt UUP margadh i gceithre thoghcheantar agus bhí rath ar a saothar i dtrí cinn – Fear Manach/Tír Eoghain Theas, Béal Feirste Thoir agus Béal Feirste Thuaidh. Theip ar an tseift san Iúr/Ard Mhacaha. An geábh seo, agus ceannairí nua orthu, Arlene Foster ag an DUP agus Robin Swann ag an UUP, bhí na toghcheantair chéanna chomh maith le Béal Feirste Theas faoi chaibidil ach ní raibh de thoradh ar an gcaint ach “céimeanna aontaobhacha”.
Céim amháin a ghlac an DUP; sheas siad i leataobh chun an rás a fhágáil faoi Tom Elliott, UUP, i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas, iad ag féachaint lena chinntiú nach bhfaigheadh Michelle Gildernew, Sinn Féin, an suíochán ar ais. Tá an DUP san iomaíocht i ngach toghcheantar eile agus 17 iarrthóir atá acu. Sheas an UUP i leataobh i mBéal Feirste Thuaidh chun Nigel Dodds, DUP, a chosaint ó Shinn Féin agus a n-iarrthóir nua, John Finucane. Sheas an UUP i leataobh i bhFeabhal, tá siad ag moladh do dhaoine vótáil d’aontachtach eile (DUP) in iarthar Bhéal Feirste agus sa Dún Thuaidh, mar a bhfuil an Bhantiarna Sylvia Hermon, aontachtach neamhspleách, ag cosaint a suíocháin. Fágann sin 14 iarrthóir ar fad ag an UUP.
Níl ach an t-aon toghcheantar amháin ina meastar go mbeidh iomaíocht idir an UUP agus an DUP. Sin deisceart Aontroma áit ar bhain Danny Kinahan an suíochán ó Willie McCrea, DUP, dhá bhliain ó shin. Is é Paul Girvan atá ag seasamh don DUP an babhta seo agus é ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Kinahan. I mBéal Feirste Thoir beidh coimhlint fhíochmhar idir an DUP agus Naomi Long, ceannaire an Alliance ar bhain an DUP an suíochán ar ais uaithi tar éis aon téarma Parlaiminte amháin dhá bhliain ó shin.
I bhfianiase an chaoi ar éirigh leo i dtoghchán an Tionóil, tá Sinn Féin an-mhuiníneach. Ta siad ag déanamh talamh slán de go mbeidh a gceithre shuíochán slán sábháilte – Béal Feirste Thiar, An tIúr/Ard Mhacha, Lár Uladh agus Tír Eoghain Thiar áit a bhfuil an t-iarfheisire Pat Doherty éirithe as agus Barra Mac Giolla Dhuibh ag iarraidh a theacht i gcomharbacht air. Tá an páirtí sa tóir ar Fhear Manach/Tír Eoghain Theas agus Béal Feirste Thuaidh mar a bhfuil súil acu gur seift chliste é John Finucane, mac Pat Finucane, an dlíodóir a dúnmharaíodh, a bheith mar iarrthóir acu. Tá siad sa tóir freisin ar thrí shuíochán an SDLP – An Dún Theas, Feabhal agus Béal Feirste Theas. Tá seans an-mhaith ag an DUP ar an suíochán i mBéal Feirste Theas i bhfianiase na hiomaiochta ar an taobh náisiúnach.
De cheal réamhshocraithe beidh na páirtithe go léir ag tathant ar an bpobal vótáil go seiftiúil. Gnáthphort é – ‘Sinne an t-aon pháirtí atá in ann an suíochán a bhaint’ nó ‘sinne an t-aon dream a dhéanann an obair’. Anuas air sin tá an téarma “creachadóir” [spoiler] in úsáid chun drochmheas a chothú ar iomaitheoirí ó pháirtithe ar an taobh céanna den deighilt.

As 109 iarrthóir ar fad, mná is ea 36 díobh – agus seans ar shuíochán ag triúr nó ceathrar acu. Tá iarrthóir ag Sinn Féin, SDLP agus Alliance i ngach toghcheantar den 18, tá seans ag an DUP i 17 ceantar,  ag an UUP i 14 agus ag Comhaontas Glas i 7 gcinn. Chomh maith leosan, tá Neamhspleáigh, Caomhaigh, TUV agus Pobal Roimh Bhrabach san iomaíocht. Is léir mar sin nach mbeidh aon ghanntanas sáiteán ná achasán idir seo agus an 8 Meitheamh.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar olltoghchán Westminster agus na hiarrthóirí deimhnithe'