Olltoghchán na Tuirce: An bua ag Erdogan ach dochar déanta dó

Dealraíonn sé go bhfanfaidh Recep Tayyip Erdogan ina Uachtarán ar an Tuirc ach tá creimeadh déanta ar a chumhacht

Olltoghchán na Tuirce: An bua ag Erdogan ach dochar déanta dó
DAVOS-KLOSTERS/SWITZERLAND, 29JAN09 - Recep Tayyip Erdogan, Prime Minister of Turkey, gives a press conference after Erdogan had walk out of the session 'Gaza: The Case for Middle East Peace' at the Annual Meeting 2009 of the World Economic Forum in Davos, Switzerland, January 29, 2009. Copyright by World Economic Forum swiss-image.ch/Photo by Andy Mettler
Recep Tayyip Erdogan. Pictiúr: World Economic Forum/ Andy Mettler

Tá gach cuma ar an scéal go mbainfidh Recep Tayyip Erdogan téarma eile amach mar uachtarán tar éis olltoghchán na Tuirce Dé Domhnaigh seo caite.

Ach beidh díomá ar Erdogan agus a pháirtí caomhach, an AKP. Den chéad uair ó 2002, chailleadar a dtromlach sa pharliamint agus theip orthu a gcuid den vóta a mhéadú.

Dá mbéadh tromlach arís aige an uair seo, bhí Erdogan chun bunreacht na tíre a leasú chun níos mó cumhachta a bhronnadh air féin, rud a d’fhágfadh ar aon chuma le huachtarán na Fraince nó na Stát Aontaithe é.

Cé gur chaill lucht an fhreasúra an toghchán arís, bhí sé thar a bheith tábhachtach dóibh an chumhacht seo a choimeád ó Erdogan agus stop a chur le dul chun cinn an AKP.

Labhair Tuairisc.ie le saoránach Turcach de bhunadh Coirdíneach agus Airméanach atá ina cónaí in Van in oirthir na Tuirce, faoin toghchán. “Is deis iontach é don tsaoirse, saoirse cainte agus mar sin tar éis 12 bliain. Tá a a tréimhse chinnireachta [Erdogan] beagnach thart, dhúisigh gach duine tar éis na n-imeachtaí i bpáirc Gezi,” a deir sí.

Chaill an AKP vótaí don HDP, páirtí den eite chlé a bhuaigh 13.12% den vóta agus atá fite fuaite le gluaiseacht náisiúnach na gCoirdíneach sa Tuirc. Tá an pobal Coirdiíneach scaipthe mórthimpeall an Mheán-Oirthir ach tá neart díobh suite in oirthear na Tuirce. Sa tír ar fad, is daoine de bhunadh Coirdíneach thart ar 18% den daonra.

“Is páirtí ildathach an HDP atá an-dearfach i leith na gCríostaithe, na nAirméanach, na gCoirdíneach agus gach uile mhionlach… Bhí iarrthóir trasghnéasach acu fiú,” a deir an té atá ina cónaí in Van in oirthir na Tuirce .

“Táim thar a bheith dóchasach faoi thodhchaí na Tuirce,” a deir sí.

Cé gur mionlach mór iad an pobal Coirdíneach, seo an chéad uair go bhfuil a bpáirtí féin sa pharliamint acu. Ní mór 10% den vóta chun dul isteach sa pharliamint, tairseach ard i dtír ina bhfuil daonra 77 milliún daoine. Ba éacht mór é don HDP é seo a bhaint amach.

Murab ionann agus ár gcóras féin, tá ceart ag eisimircigh na Tuirce ar fud an domhain – cúig mhilliún ar fad acu – a vóta a chaitheamh ó thíortha thar lear. I measc an phobail Thurcaigh a vótáil in Éirinn, bhuaigh an páirtí poblachtánach, an CHP, an chuid is mó den vóta agus níor tháinig an AKP ach sa triú háit.

Beidh ar an AKP comhrialtas a shocrú leis an CHP, an HDP nó an MHP, páirtí náisiúnach. É sin nó rialtas mionlaigh a bhunú chun toghchán eile a sheachaint. Gach seans go mbeidh Erdogan ina uachtarán go ceann ceithre bliana eile ach den chéad uair, le dhá bhliain déag anuas, creideann lucht an fhreasúra go bhfuil athrú i ndán dá dtír sa chéad olltoghchán eile.

Fág freagra ar 'Olltoghchán na Tuirce: An bua ag Erdogan ach dochar déanta dó'