OllTOGHCHÁN NA hÍSILTÍRE: Rinne mé mo chuid sa chath i gcoinne an fhaisisteachais inniu…

Agus an baol ann go mbeidh an bua ag an bpolaiteoir Ioslamafóibeach Geert Wilders in olltoghchán na hÍsiltíre, tá ardú mór millteach ar líon na nÍsiltíreach thar lear a chláraigh chun vóta a chaitheamh. Bhí ár gcolúnaí ina measc

OllTOGHCHÁN NA hÍSILTÍRE: Rinne mé mo chuid sa chath i gcoinne an fhaisisteachais inniu…

Rinne mé mo chuid sa chath idirnáisiúnta i gcoinne an fhaisisteachais inniu: chaith mé vóta in olltoghchán na hÍsiltíre, agus níorbh é an t-iarrthóir Ioslamafóibeach Geert Wilders a fuair é.

Ní bheidh a fhios againn go ceann seachtaine, áfach, ar éirigh le m’iarracht féin agus le hiarrachtaí na milliún Ísiltíreach eile Wilders a choinneáil amach as an Túirín, mar a thugtar ar láthair oibre Phríomhaire na hÍsiltíre sa Hág. Ar an 15 Márta a bheas an t-olltoghchán; vóta poist a bhí i mo vóta-sa.

Ní ionann agus Éireannaigh a bhfuil cónaí orthu thar lear, bíonn cead vótála ag Ísiltírigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Ísiltír. Ní jab éasca é an vóta sin a chaitheamh, áfach. Bíonn ar dhuine clárú as an nua do gach uile thoghchán. Bíonn foirmeacha le líonadh ar-líne, le priontáil amach agus le síniú, le scanadh agus le cur ar ais go dtí an Ísiltír. Ansin, faigheann an vótóir cárta aitheantais vótála sa ghnáthphost, agus bileog vótála sa ríomhphost. Caithfear an bhileog sin a phriontáil amach, an vóta a chaitheamh, agus an bhileog a chur i gclúdach bán le go mbeidh an vóta faoi rún. Sa deireadh, caithfear an clúdach bán sin agus an cárta aitheantais vótála a chur chuig ambasáid na hÍsiltíre sa tír ina bhfuil cónaí ar an vótóir – i gclúdach litreach breá oráiste.

I bhfianaise an mhaorlathais agus an siar-agus-aniar ar fad a bhaineann leis, is beag an t-ionadh nach mbacann chuile Ísiltíreach a bhfuil cónaí air thar lear le vóta a chaitheamh i dtoghcháin a dtíre dúchais. Sa bhliain 2012, nuair a bhí an t-olltoghchán deireanach ann, níor chaith ach 50,000 Ísiltíreach a chuaigh ar imirce vóta. Ach i mbliana, tá ardú mór millteach ar a líon: tá 77,500 duine tar éis clárú – ardú 55%.

Tá baint mhór aige sin, ar ndóigh, leis an mbaol go mbeidh bua mór ag Geert Wilders san olltoghchán. Shamhlódh duine nach dtabharfadh daoine a chuaigh ar imirce iad féin vóta do pholaiteoir frithinimirce, ach ar an drochuair ní féidir talamh slán a dhéanamh de gur vóta i gcoinne Wilders a chaith chuile Ísiltíreach thar lear a chaith vóta poist.

Ar an gcúis sin, agus in iarracht dhá éan a mharú leis an aon urchar amháin, is d’inimirceach a thug mé mo vóta féin, ball de pháirtí ar an eite clé a rugadh i dtír Mhoslamach agus a tháinig in inmhe san Ísiltír (ní féidir liom ainm an pháirtí agus an iarrthóra a lua; cuireann reachtaíocht na hÍsiltíre cosc ar dhuine a vóta a nochtadh.) Mar dhuine a chuaigh ar imirce mé féin, is maith a thuigim go mbíonn súil eile agus taithí saoil luachmhar ag polaiteoir thar tír isteach.

Ar ndóigh, ní tada iad an 77,500 Ísiltíreach a bhfuil cónaí orthu thar lear i gcomparáid leis an nach mór 13 mhilliún duine a bhfuil vóta acu san Ísiltír féin. Ach más aon fhianaise é an t-ardú mór millteach ar líon na n-eisimirceach a chláraigh chun vótáil i mbliana, d’fhéadfadh sé go mbeidh na hionaidh vótála san Ísiltír féin ag cur thar maoil seachtain ón lá inniu.