Olltoghchán gairthe ag Príomh-Aire na Breataine ar mhaithe le ‘cinnteacht’ maidir leis an mBreatimeacht

Dúirt Theresa May go raibh an Bhreatain ‘aontaithe’ ach nárbh amhlaidh do pharlaimint Westminster

Olltoghchán gairthe ag Príomh-Aire na Breataine ar mhaithe le ‘cinnteacht’ maidir leis an mBreatimeacht

Tá olltoghchán gairthe ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May chun go mbeadh “seasmhacht agus cinnteacht” ann ar mhaithe leis an mBreatimeacht a chur i gcrích.

Dúirt May go láidreodh gach vóta a chaithfear sa toghchán ar an 8 Meitheamh cás na Breataine san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht.

Dúirt sí go raibh an tír “aontaithe” ach nárbh amhlaidh do pharlaimint Westminster.

Ó toghadh í ina Príomh-Aire ba é an port a bhí ag May ná nár chóir aon toghchán a bheith ann go dtí 2020.

D’athraigh sí a port, a dúirt sí, mar go dtuigtear anois di go dteastaíonn toghchán chun go mbeadh tacaíocht an phobail ann do na “cinntí crua” maidir leis an mBreatimeacht a bheidh le tógáil as seo go ceann cúpla bliain.

“Mura mbeadh toghchán anois ann, leanfadh siad orthu [na páirtithe eile] ag cleasaíocht leo agus bheadh an toghchán ann ag an tráth is deacra san idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach.”

Beidh vóta amárach sa pharlaimint maidir leis an toghchán.

“Vótálaimis amárach ar son toghcháin – cuirimis in iúl ár bpleananna don Bhreatimeacht agus ár gcláir rialtais agus fágaimis faoi na daoine é cinneadh a dhéanamh,” a dúirt May.

Chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn fáilte roimh fhógra May agus dúirt sé go dtabharfadh an toghchán deis do daoine vótáil ar son rialtais “a thabharfadh tús áite don mhóramh”.

“Táimid ag súil lena léiriú conas mar a sheasfaidh Páirtí an Lucht Oibre an fód ar son mhuintir na Breataine,” a dúirt Corbyn.

Fág freagra ar 'Olltoghchán gairthe ag Príomh-Aire na Breataine ar mhaithe le ‘cinnteacht’ maidir leis an mBreatimeacht'