OLLTOGHCHÁN 2016: Tá a rogha déanta ag an bpobal, is furasta an script a shamhlú…

Ní bheidh aon toghchán eile ann mar suífidh FF agus FG síos le chéile agus déanfaidh siad margadh, ach tá bóthar fada amach roimh Pháirtí an Lucht Oibre

25/2/2016 General Election. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny with Tanaiste and Labour Party leader Joan Burton talk to the media as they take part in their final photocall for the last day of campaigning at the Herb Street Cafe, Hanover Quay, Grand Canal Dock. 25/2/2016 Photo:RollingNews
Pictiúr:RollingNews

Tar éis dóibh na rudaí cearta a rá faoi sheasmhacht na tíre agus faoin ngá atá againn le rialtas, stadfaidh lucht Fhianna Fáil agus lucht Fhine Gael den chaint faoi leas na tíre, suífidh siad síos le chéile agus déanfaidh siad margadh.

Ná bíodh éinne ag súil, áfach, go gcuirfear tús láithreach leis an idirbheartaíocht. As seo go ceann deich lá beidh cuid mhaith den chur i gcéill agus den scáthdhornálaíocht againn ach ar deireadh rachaidh an dá pháirtí chun cainte lena chéile.

Roimhe sin, áfach, gach seans go dteipfidh ar an 32ú Dáil Taoiseach a thoghadh ar an 10 Márta.

Thabharfadh a leithéid de dhráma polaitiúil le fios go bhfuil folús mór i saol na tíre agus thabharfadh sé bealach don dá pháirtí neamhní a dhéanamh de na geallúintí réamhthoghcháin nach ndéanfaí aon chleamhnas.

Ní bheidh aon toghchán eile ann.

Agus Fine Gael agus Fianna Fáil i mbun marana ar chúrsaí comhrialtais beidh Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh a dhéanamh amach cad ba chúis leis an tubaiste a bhain dóibh.

Nuair a thabharfar aghaidh ar an ‘scrúdú iarbháis’ sin i gceannáras an pháirtí ar Ché Sir John Rogerson beidh go leor le plé ann.

7.1%.  a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre i bpobalbhreith díreach tar éis vótála RTÉ. Ba í an uair dheireanach a raibh céatadán chomh híseal den vóta náisiúnta ag an bpáirtí ná 1987 nuair nach raibh ach 6.4%. An uair sin, ba ar éigean a thug Dick Spring, a bhí ina Thánaiste, na cosa leis agus gan ach ceithre vóta le spáráil i gCiarraí aige.

An turas seo, d’éirigh leis an Tánaiste agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Joan Burton, a suíochán a choimeád i mBaile Átha Cliath Thiar. Thug pobalbhreith a d’fhoilsigh nuachtán náisiúnta le linn an fheachtais go gcaillfeadh Burton a suíochán, scéal a bhí go mór i mbéal an phobail agus a chabhraigh léi, b’fhéidir, an beart a dhéanamh. Ní foláir gur spreagadh dá lucht tacaíochta a bhí ann agus gach seans go mba údar trua an scéal do chuid de phobal an dáilcheantair.

Pé scéal é, tháinig an Tánaiste slán agus toghadh ar an gcúigiú comhaireamh í agus farasbarr 900 vóta aici chun Paul Donnelly (SF), a bhí mar rogha láidir do shuíochán ag go leor, a choimeád ó dhoras.

Is beag an sólás don pháirtí bua Burton, áfach, agus droim láimhe tugtha ag an bpobal le cuid de na h-iarrthóirí is aitheanta ag a páirtí agus cuid de na seanfhondúirí is dílse acu chomh maith, ina measc leitheidí Alex White, Ann Phelan, Joe Costello agus Emmet Stag, a thug 29 bliain sa Dáil

Bíonn an fhírinne searbh agus an chuma ar an scéal go mbeidh, ar a mhéid, seachtar Teachtaí Dála ag an bpáirtí nuair a bheidh deireadh déanta. D’fhéadfadh an seachtú suíochán sin a bheith cinniúnach do thodhchaí an pháirtí.

Faoi rialacha na Dála, mura mbíonn seacht suíochán ag páirtí ní cheadaítear aon am labhartha dóibh.

Gan an cead sin ba chuma ann nó as an páirtí sa chéad Dála eile dáiríre, go háirithe dá dtiocfaidh scata neamhspleách agus grúpaí beaga ar an eite chlé le chéile chun grúpaí teicniúla a chur ar bun. Chiallódh an méid sin go gcloisfí sa chéad Dáil eile glór an dreama is faide amach ar an eite chlé agus go bhfágfaí Páirtí an Lucht Oibre ina dtost agus gan mórán airde ag éinne orthu. Dá dtarlódh sin bheadh sé an-deacair orthu teach aniar a dhéanamh.

Maidir le líon na suíochán acu, ní raibh rudaí chomh dona seo don pháirtí ó 1944, an uair dheireanach go raibh níos lú ná deichniúr Teachtaí Dála acu. Is measa fós an cás dóibh agus slad Olltoghchán 2016 ag teacht sna sála ar mhórghaiscí 2011. Fiú an ‘Spring Tide’ féin 1992 ní raibh sé inchurtha leis an lá sin ar fhill Eamon Gilmore agus Páirtí an Lucht Oibre ar an Dáil agus 37 suíochán buaite acu.

Ach má bhí an páirtí caithréimeach in 2011 ba le linn an toghcháin chéanna sin a cuireadh síolta na tubaiste seo. Tá bóthar fada achrannach curtha díobh acu ón uair a crochadh na póstaeir ‘Gilmore for Taoiseach’. Léirigh pobalbhreith Red C i mí na Nollag 2010 gurb é Gilmore an rogha a bhí ag 45% den phobal do phost an Taoisigh, rud a d’fhág go raibh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre i bhfad chun tosaigh ar Enda Kenny agus Brian Cowen. Faoi laethanta deiridh an fheachtais, áfach, bhí na pobalbhreitheanna céanna ag tabhairt le fios go ndéanfadh Enda Kenny agus Fine Gael slad ar chách agus go mbeadh móramh Dála acu.

Ba é an freagra thug Páirtí an Lucht Oibre ar an scéal sin ná mórfheachtas fógraíochta a chur ar bun ag tabhairt foláirimh don phobal: faoi rialtas Fhine Gael thabharfaí isteach táillí uisce, thiocfadh méadú ar CBL, dhéanfaí ciorrú ar an liúntas leanaí agus ghearrfaí euro breise ar an mbuidéal fíona.  Shlog an pobal an t-iomlán agus is de bharr sin atá Páirtí an Lucht Oibre i gcruachás anois.

Dá mbeadh an páirtí imithe isteach san fhreasúra in 2011 bheadh rialtas mionlaigh curtha ar bun ag Enda Kenny agus bheadh Páirtí an Lucht Oibre i bhfad Éireann níos fearr as inniu. Bhí an deis a bheith i Rialtas rómhealltach, áfach.

Ba léir ó thús fheachtas na bliana seo go raibh feachtas Pháirtí an Lucht Oibre in aimhréidh.  Léiriú ar cé chomh scoite amach ón saol is atá an páirtí ab ea é go raibh siad sásta go gcuirfí tús leis an toghchán ar an lá céanna go raibh na meáin lán le scéalta faoi Aontas Múinteoirí Éireann a bheith imithe ar stailc mar gheall ar chiorruithe oideachais.

Chun an tarcaisne a chur i mullach na héagóra, shocraigh an páirtí ina dhiaidh sin a bhforógra toghcháin a sheoladh ar champas DIT i nGráinseach Ghormáin, an áit céanna a raibh cuid mhaith de na daoine a bhí ar stailc ag obair.

Tuigeann Joan Burton go rímhaith gurb iad na torthaí toghcháin bun agus barr an scéil sa pholaitíocht.

Tháinig deireadh le tréimhse Eamon Gilmore mar cheannaire nuair nár éirigh go maith ar chor bith leis an bpáirtí sna toghcháin áitiúla in 2014. Tháinig deireadh le tréimhse 17 bliain Brendan Corish mar cheannaire nuair a chuir Jack Lynch an Comhrialtas Náisiúnta de dhroim seoil i dtoghchán 1977. 20 bliain ina dhiaidh sin tháinig Adi Roche sa cheathrú áit as cúigear i dtoghchán na huachtaránachta i 1997, rud a d’fhág go raibh a rás rite chomh maith ag Dick Spring mar cheannaire.

In 2002 chinn Pat Rabbitte seasamh ar leataobh cúpla mí tar éis teip an pháirtí dul i rialtas an athuair agus b’amhlaidh an scéal i gcás Ruairí Quinn in 2007.

Agus slad déanta ar Pháirtí an Lucht Oibre sa toghchán seo, ní léir fós cad atá i ndán do Joan Burton. Tuigfidh sí go maith nárbh fhada go raibh na sceana amuigh d’Eamon Gilmore dhá bhliain ó shin.  Tá Joan 67 bliain d’aois. Chuirfeadh a himeacht tús le díospóireacht faoi athrú ó ghlúin amháin go glúin eile sa pháirtí. Beidh a fhios againn as seo go ceann cúpla lá cad é a tharlóidh do Burton. Pé scéal é, tá bóthar fada anacair amach roimh an bpáirtí má tá aiséirí polaitiúil i ndán dóibh.

  • Is léachtóir leis an gCumarsáid in DIT an Dr Brian Murphy