OLLTOGHCHÁN 2016: Cúig rud a d’fhoghlaim muid…

Droch-chuimhne an phobail; cuimhne mhaith an phobail; polaitíocht Chogadh na gCarad; agus dá mbeadh breith ar a aiféala ag an Taoiseach…

Toghchán Strap

10/2/2011 Fianna Fail fiscal policy briefing. Minister of Finance Brian Lenihan at the Fianna Fail fiscal policy briefing at the Fianna Fail party headquarters. Photo Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

 

 

1. Tá droch-chuimhne ag pobal na hÉireann 

Cúig bliana ó shin fógraíodh scéala báis Fhianna Fáil. Bhí náire ar éinne a admháil go raibh siad fiú ag caoineadh na marbh agus b’éigean dóibh siúd a tháinig slán ón slad sacéadach agus luaithreach a chaitheamh le dornán blianta anuas. Ach féach anois nach bhfuil mórán idir na buachaillí dalba agus na páistí fionn a chuir slacht ar an phrácás a fágadh mar oidhreacht orthu. Ba san ardchathair ba mhó a baineadh díoltas amach ar Fhianna Fáil agus gan ach Teachta Dála amháin dá gcuid tofa ann – Brian Lenihan – a cailleadh ar ndóigh le linn shaolré na 31ú Dála.

Tá borradh faoin pháirtí fud fad na tíre; fiú amháin i mBaile Átha Cliath, go háirithe in iarthar agus i dtuaisceart na cathrach. Tá aiséirí tagtha fosta ar an Chomhaontas Glas a chaill a gcuid teachtaí uilig an geábh deireanach. Os a choinne sin, ní léir gur bhain Páirtí an Lucht Oibre mórán tairbhe as díbhinn an reifrinn ar phósadh. Thug páirtithe an rialtais rogha agus rabhadh neamhbhalbh don phobal – vótaigí ar son seasmhachta nó ar son cíor thuathail! Ach b’ionann cíor thuathail agus athrú rialtais i súile an phobail. Aimnéise pholaitiúil, dar le daoine áirithe, ach ciall ceannaithe a thabharfadh lucht leanta Fhianna Fáil air.

differencelab

2. Tá cuimhne mhaith ag pobal na hÉireann

De bharr an tslada a bhíothas á thuar do rialtas an ama, ní raibh aon ghá do Fhine Gael nó do Pháirtí an Lucht Oibre aon ní a ghealladh roimh olltoghchán na bliana 2011. Ach chreid an dá pháirtí go bhféadfaidís móramh iomlán a bheith acu (seans go mbeadh luach mhaith ar an suaitheantas ‘Gilmore for Taoiseach’ anois!). Cad eile a thabharfadh míniú ar an liosta fada de gheallantais a bhí i bhforógra toghcháin na bpáirtithe, a loiceadh orthu i ndeireadh ama: idir árachas sláinte uilíoch, táillí uisce, ciorruithe i liúntas leasa shóisialaigh etc.

Lena chois sin, bhí mandáid ag an rialtas seo tabhairt faoi leasuithe sa chóras polaitíochta. Gheall siad go mbeadh cur chuige oscailte agus trédhearcach acu, ach léirigh ceapachán John McNulty nach raibh sa ghealltanas sin ach cur i gcéill. Cén t-iontas nár chreid an pobal a gcuid gealltanas an iarraidh seo?

RTE Prime Time Leaders Debate in RTE studios . Pic shows Taoiseach Enda Kenny and Micheal Martin during TV Debate on RTE Prime Time. 23/2/2016 Photo RollingNews.ie/RTE
Pictiúr: RollingNews.ie/RTE

3. Tá deireadh go deo le polaitíocht Chogadh na gCarad….ar feadh scaithimh

Tá claochlú as éadan tagtha ar pholaitíocht na hÉireann, dar le tráchtairí áirithe. Is cuma cé acu an mbeidh comhrialtas idir na sean-naimhde againn nó nach mbeidh, thig a rá gur vótáil an leathchuid de thoghlach na hÉireann do pháirtithe eile. Ach tuigeann Fine Gael agus Fianna Fáil na ciallachais a bhaineann le dul i bpáirt lena chéile, agus tuigeann siad go háirithe go bhféadfadh a leithéid de shocrú rith an ráis a thabhairt do fhreasúra láidir de chuid na heite clé faoi cheannasaíocht Shinn Féin. Ach is ar scáth a chéile a mhaireann an dá phríomhpháirtí agus is leasc leo scaoileadh lena gcumhacht.

Mar sin de, tá sé róluath oidhreacht Chogadh na gCarad a chur i gcré na cille go fóill. Seans fosta go raibh tionchar ag comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca ar an chlaonadh i dtreo an náisiúnachais. Ar ndóigh, beidh dualgas morálta ar an dá pháirtí dul i mbun cainte lena chéile, ach i ndeireadh ama, is doiligh a shamhlú go mbeadh mórán ceana ag an dá chéile leapan ar aon chleamhnas fadtréimhseach.

28/10/2015 Online Tax Calculator for Budget 2016. L TO R. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny with Minister of State at the Department of Finance, Simon Harris TD, in the Merrion Hotel in Dublin today as they launch the Fine Gael Online Tax Calculator for Budget 2016. Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr:Leah Farrell/RollingNews.ie

4. Níor thapaigh an Taoiseach a dheis

Dá mbeadh breith ar a aiféala ag an Taoiseach, d’éisteodh sé le cúlbhinseoirí a pháirtí féin a bhí ag tathant air toghchán a ghairm i mí na Samhna. Bhí leibhéal tacaíochta Fhine Gael sna pobalbhreitheanna in ard a réime ag an am. Is fearr a d’fhóirfeadh fógra gasta don pháirtí ach i ndáiríre thosaigh an fheachtasaíocht mar is ceart i mí na Samhna. Is fearr fosta a d’fhóirfeadh feachtas samhraidh don Taoiseach ach bhí sé de mhí-ádh air nach dtiocfadh leis a leithéid a bheith aige. Tá scileanna pearsanta den chéad scoth aige ach tá sé tubaisteach i mbun díospóireachta stiúideo.

Dhiúltaigh sé mar shampla aon pháirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ar reifreann an tSeanaid, reifreann a mhol sé féin i dtús ama. Bhí an scéal amuigh gur corónú a bhí i ndán don Taoiseach an iarraidh seo agus nach raibh aon ghá dó taispeántas ró-iontach a chur isteach sna díospóireachtaí beo a fhad is go seachnódh sé truflais. B’fhéidir go ndearna sé meancóg gan glacadh le cuireadh TG4 tabhairt faoi bhriatharchath beirte le Micheál Martin, an deis is mó a bheadh aige, seans, an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic. Bhí eagla an domhain ar a chuid giollaí cumarsáide go rachadh an Taoiseach i mbun béaloidis i rith an fheachtais faoi dhaoine a casadh air i rith an bhealaigh agus, dá bharr sin, deineadh róbhainistíocht air.

Os a choinne sin, léirigh an tagairt mhístuama a rinne sé do lucht olagóin Mhaigh Eo go mbeadh sé contúirteach gan srian a chur ar a chuid béalscaoilteachta.

23/10/2015 Abortion Pill Bus. Pictured are Pro-choice activists outside the Central Bank in Dublin today with the Abortion Pill Bus There calling for a Repeal of 8th Amendment & promotes safe medical abortion pills .Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr:Leah Farrell/RollingNews.ie

5. Leanfaidh an éiginnteacht faoi chúrsaí ginmhillte 

Bhí reifreann ar aisghairm an ochtú leasaithe ar an Bhunreacht ar an chloch ba mhó ar phaidrín an Lucht Oibre, ach drochsheans go mbeadh fuadar faoin dá mhórpháirtí tabhairt faoina leithéid. Cinnte, cloisfear neart bladair agus gaotaireachta faoin ábhar ach i ndeireadh ama, cuirfear ar an mhéar fhada (arís!) é.

25/2/2016 General Election. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny with Tanaiste and Labour Party leader Joan Burton take part in their final photocall for the last day of campaigning at the Herb Street Cafe, Hanover Quay, Grand Canal Dock. 25/2/2016 Photo:RollingNews
Pictiúr:RollingNews

Agus rud amháin a bhí ar eolas riamh againn i …

Tá sé cruthaithe arís is arís eile i bpolaitíocht na hÉireann go ndéantar slad ar an pháirtí sóisir i gcomhrialtas. Is maith atá a fhios ag Páirtí an Lucht Oibre faoi seo, ach tar éis tréimhse uaigneach ina ndéanfar atógáil ar an pháirtí sa fhreasúra, beidh siad réidh arís i gceann cúig bliana le haghaidh tréimhse eile i gcomhrialtas!

Fág freagra ar 'OLLTOGHCHÁN 2016: Cúig rud a d’fhoghlaim muid…'

  • alan

    Achoimre agus léamh ar choimeádachas agus ar dhíchuimhne mhuintir na hÉireann a chuirfeadh an galar dubhach ar mhuic.

  • eoghan Ó Brolacháin

    Léamh spéisiúil go deimhin ar thoghchán spéisiúil. Níl’s am faoi chomhrialtas idir ‘na céilí leapan’ Tweeldedum agus Tweedledee. An bhfuil ag rá nach mbeidh sé ann?