Ollchomhlachtaí Silicon Valley agus an ciníochas

Chuir an t-oirmhinneach Jesse Jackson ciníochas i leith ollchomhlachtaí Silicon Valley Dé Domhnaigh. Ach an iad leithéidí Apple, Google agus Facebook atá ciontach as an éagothromaíocht ina bhfórsaí oibre?

 

635554734250816855-Jackson

Ní mó ná sásta a bhí an t-oirmhinneach agus an gníomhaí cearta daonna Meiriceánach, Jesse Jackson le hollchomhlachtaí Silicon Valley Dé Domhnaigh seo caite.

“Tá íomhá den scoth ag comhlachtaí ar nós Apple, Facebook, eBay, Amazon agus Google agus tá fir dheasa, chúláilte i gceannas orthu nach gcaitheann stocaí ná carbhait. Ach is í fírinne an scéil go bhfuil na comhlachtaí seo chomh ciníoch agus a d’fhéadfaidís a bheith.”

Sin a dúirt an t-oirmhinneach Jackson, a bhfuil a shaol caite aige ag troid ar son chearta phobal gorm Mheiriceá, in agallamh leis an nuachtán Breataineach The Sunday Times.

Tá cúis le hamhras Jackson. Tá 189 comhaltaí boird ag an 20 comhlacht is mó in Silicon Valley. Fir gheala iad a bhformhór. Mná geala iad 36. Níl ach triúr fear gorm, agus fear Latino amháin, ina measc. Léiríonn figiúirí a d’fhoilsigh Google anuraidh nach sna seomraí boird amháin atá daoine gorma agus Latino gann, ach i measc na ngnáthoibrithe freisin. Daoine geala iad 61 faoin gcéad d’fhostaithe an chomhlachta, daoine de shliocht na hÁise iad 30 faoin gcéad, rud a fhágann 9 faoin gcéad d’imireacha craicinn eile.

Gan dabht, léiríonn na figiúirí seo ar fad go bhfuil éagothromaíocht mhór ann. Nílim cinnte, áfach, an iad comhlachtaí Silicon Valley atá ciontach aisti.

Tá an fhadhb seo fite fuaite leis an bhfáinne fí de chiníochas, easpa oideachais agus easpa deiseanna ina bhfuil cuid mhór den phobal gorm i bhfostú, i gcoinne a dtola, ní amháin sna Stáit Aontaithe ach ar fud an domhain. Luíonn sé le réasún go bpiocfadh comhlachtaí atá ag brath go huile is go hiomlán ar intleacht a bhfostaithe na hiarrthóirí poist a d’fhreastail ar na scoileanna is fearr.

Tá céimeanna geallta ag comhlachtaí áirithe in Silicon Valley chun dul i ngleic leis an easpa deiseanna don phobal gorm agus Latino ina bhfórsaí oibre. Tá Google chun díriú ar ollscoileanna ar a mbíonn go leor Afra-Mheiriceánach ag freastal i bhfeachtas earcaíochta agus tá geallúintí den chineál céanna déanta ag Apple agus Intel.

Is maith sin. Taitníodh sé linn nó ná taitníodh, i ré seo an eolais, is iad ollchomhlachtaí Silicon Valley a mhúnlaíonn meon an phobail. Níl sé ceart ná cóir go mbeadh sciar mór den chine daonna scoite amach ón bpróiseas sin. Ní i gceannárais Silicon Valley ba cheart dul i ngleic leis an éagothromaíocht seo, áfach, ach ar scoil, agus sa tsochaí go ginearálta. Tá sé thar am.